Foilsíonn an tAire Harris an Tuarascáil Fhorlíontach ón bhFiosrúchán Scóipe ar an gClár Scagthástála Ceirbheacs
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh Simon Harris TD, an tAire Sláinte, an Tuarascáil Fhorlíontach ón bhFiosrúchán Scóipe ar an gClár Scagthástála Ceirbheacs (CervicalCheck), tar éis don Rialtas cinneadh a dhéanamh ina leith sin níos luaithe inniu. Bhí an Fiosrúchán faoi stiúir ag an Dr Gabriel Scally.
Ag teacht sna sála ar fhoilsiú na Tuarascála Deiridh ón bhFiosrúchán Scóipe an 12 Meán Fómhair anuraidh, ghabh an Dr Scally air féin an tuarascáil fhorlíontach seo a sholáthar ar ghnéithe áirithe eile de na saotharlanna, amhail socruithe soláthair, cáilíochta agus creidiúnaithe agus struchtúir rialachais.
Sainaithnítear sa tuarascáil gur mhó an líon saotharlann a bhí ag gabháil d’obair CervicalCheck ná a measadh ar dtús. Mar sin féin, cinntear sa tuarascáil freisin, bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil don Fhiosrúchán, nár tháinig aon laghdú ar cháilíocht na scagthástála a soláthraíodh do mhná na hÉireann mar thoradh ar an úsáid a baineadh as saotharlanna breise agus nach bhfuil aon fhianaise ann lena dtugtar le fios go raibh cáilíocht na scagthástála in easnamh in aon saotharlann ar bith. Ar an mbealach sin, tugtar sa Tuarascáil Fhorlíontach tuilleadh dearbhaithe do mhná na hÉireann maidir le cáilíocht na scagthástála ceirbheacs.
Dúirt an tAire Harris: “Fáiltím roimh fhoilsiú na Tuarascála Forlíontaí seo ón bhFiosrúchán Scóipe ar CervicalCheck agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Dr Scally agus lena fhoireann as an obair chuimsitheach a rinne siad. Shainaithin an Fiosrúchán gur mhó an líon saotharlann a bhí ag gabháil d’obair CervicalCheck ná a measadh ar dtús agus, go deimhin, de réir eolas CervicalCheck féin. Ghlac an Rialtas leis na moltaí ón Dr Scally ina leith sin agus cuirfear chun feidhme iad.
Is gá a rá, áfach, go gcuireann an Dr Scally in iúl go soiléir nach ndearnadh aon difear do cháilíocht na scagthástála a soláthraíodh do mhná na hÉireann mar thoradh ar an úsáid a baineadh as saotharlanna breise agus nár tháinig an Fiosrúchán ar aon fhianaise lena dtugtar le fios go raibh cáilíocht na scagthástála in easnamh in aon saotharlann ar bith. Tá súil agam go gcuirfidh sé sin ina luí ar mhná na hÉireann gur féidir leo iontaoibh a chur sna torthaí a fhaigheann siad ó CervicalCheck agus gur cheart dóibh leanúint ag freastal ar a scagthástálacha sceidealta.
Chuir an tAire fáilte freisin roimh an aitheantas a thug an Dr Scally sa tuarascáil go ndearnadh dul chun cinn suntasach tábhachtach cheana féin ar na moltaí atá sa Chéad Tuarascáil agus sa Tuarascáil Deiridh uaidh a chur chun feidhme. Tá an dul chun cinn sin leagtha amach sa Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar Chur Chun Feidhme na Moltaí ón bhFiosrúchán Scóipe don chéad ráithe, rud atá ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Sláinte.
“Mar gheall ar an tábhacht ó thaobh sláinte poiblí de a bhaineann le clár scagthástála ceirbheacs a spreagann iontaoibh agus muinín trí sheirbhís den chéad scoth a sholáthar do mhná na hÉireann, leanfaidh an Rialtas le díriú ar na moltaí uile ón Dr Scally a chur chun feidhme ina n-iomláine,” a dúirt sé.
CRÍOCH
Tuarascáil Fhorlíontach ón bhFiosrúchán Scóipe – Téarmaí Tagartha
Ag teacht sna sála ar fhoilsiú na Tuarascála ón bhFiosrúchán Scóipe ar an gClár Scagthástála Ceirbheacs (CervicalCheck) an 12 Meán Fómhair, ghabh an Dr Gabriel Scally air féin tuarascáil fhorlíontach a sholáthar ar ghnéithe áirithe eile de na saotharlanna, amhail socruithe soláthair, cáilíochta agus creidiúnaithe agus struchtúir rialachais. Scríobh an tAire chuig an Dr Scally an 25 Deireadh Fómhair, áit ar leag sé na Téarmaí Tagartha don tuarascáil fhorlíontach amach. Foilsíodh na Téarmaí Tagartha ar shuíomh Gréasáin na Roinne an 26 Deireadh Fómhair mar a leanas:
De bhun na saincheisteanna a thug an Fiosrúchán Scóipe tuairisc orthu;
Na fíorais agus na sonraí a bhaineann leo seo a leanas a scrúdú tuilleadh:
i) Na saotharlanna breise a bhí ag gabháil d’obair CervicalCheck a tháinig chun solais le linn obair an Fhiosrúcháin Scóipe – a gcineál, a n-úinéireacht, méid a gcuid gníomhaíochta, a socruithe cáilíochta agus creidiúnaithe, a struchtúir rialachais, agus nithe ábhartha eile;
ii) Na himthosca a bhí taobh thiar de na saotharlanna sin a bheith ag tabhairt faoi obair do CervicalCheck;
iii) A mhéid arbh eol do CervicalCheck/don tSeirbhís Náisiúnta Scagthástála/d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go raibh ualach oibre á aistriú chuig láithreáin eile agus a mhéid a cheadaigh siad an t-aistriú sin;
iv) Éifeachtacht agus oibriú an phróisis le haghaidh seirbhísí saotharlannbhunaithe cíteolaíochta ceirbheacsaí a sholáthar agus a chonrú;
v) An úsáid a baineadh as Sceideal 13 a ghabhann leis an gconradh a rinneadh sa bhliain 2010, rud atá faoin gceannteideal ‘Stóráil agus Plean Athshlánaithe ó Thubaiste’;
vi) Laigí agus láidreachtaí comparáideacha agus faoi seach na gcaighdeán a bhí bainte amach ag gach ceann de na saotharlanna, agus cé acu atá nó nach bhfuil coibhéis ann idir na caighdeáin sin agus ISO 15189;
vii) Rún na bpáirtithe sna conarthaí saotharlainne i leith ISO 15189 agus tuiscint na bpáirtithe ar an gcaighdeán sin.
Príomh-bhuaicphointí
Cur chun feidhme na moltaí ón bhFiosrúchán Scóipe go dtí seo
Foilsíodh an Tuarascáil Deiridh ó Fhiosrúchán Scóipe an Dochtúra Gabriel Scally ar CervicalCheck an 12 Meán Fómhair 2018 tar éis don Rialtas í a cheadú. Ghlac an Rialtas le gach ceann den 50 moladh atá sa Tuarascáil Deiridh. Rinne Coiste Stiúrtha Scagthástála Ceirbheacs maoirseacht ar an obair chun Plean Cur Chun Feidhme a fhorbairt do na moltaí uile. Tá an Coiste Stiúrtha faoi chathaoirleacht ag an Roinn Sláinte agus cuimsíonn sé ionadaithe d’othair, tathantóirí othar, cliniceoirí agus oifigigh shinsearacha ón Roinn agus ó FSS.
Áirítear leis an bplean cur chun feidhme raon leathan gníomhartha a bhfuil na nithe seo a leanas i gceist leo: píosaí tábhachtacha reachtaíochta a chur ar aghaidh, lena n-áirítear an Bille um Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Rialachas) agus an Bille um Shábháilteacht Othar atá le teacht; comhlachtaí nua a bhunú, lena n-áirítear Comhairle Neamhspleách um Shábháilteacht Othar agus Coiste Náisiúnta Scagthástála; athbhreithniú a dhéanamh ar bheartais um nochtadh oscailte agus ar iniúchtaí scagthástála; feabhsuithe a dhéanamh ar chlárú ailse; agus caidreamh a chothú idir mná agus teaghlaigh agus comhlachtaí leighis.
Foilsíodh an Plean Cur Chun Feidhme ar shuíomh Gréasáin na Roinne Sláinte an 11 Nollaig, tar éis don Rialtas é a cheadú. Tá obair ar an raon gníomhartha atá sa Phlean ar siúl ar fud an chórais sláinte ó shin i leith.
Ar iarratas ón Aire, rinne an Dr Scally athbhreithniú neamhspleách ar an bPlean Cur Chun Feidhme do na moltaí uaidh. Scríobh an Dr Scally chuig an Aire an 30 Samhain 2018, tráth a chuir sé réamhthuairim dhearfach in iúl faoin bpleanáil atá ar siúl agus faoin tiomantas atá ann do dhul chun cinn a dhéanamh. Ghabh an Dr Scally air féin tuairimí foirmiúla a thabhairt tráth níos déanaí freisin (tá an measúnú uaidh foilsithe anseo). Fuarthas na tuairimí sin i mí Feabhra 2019 agus ionchorpraíodh iad isteach i bPlean Cur Chun Feidhme athbhreithnithe, atá ar fáil anseo.
Tá 161 ghníomh ann sa Phlean Cur Chun Feidhme, atá á stiúradh, de réir mar is cuí, ag an Roinn Sláinte, ag FSS, ag Clárlann Náisiúnta Ailse na hÉireann agus ag Grúpa Tacaíochta Othar 221+. Is ar an Roinn Sláinte atá an fhreagracht fhoriomlán as maoirseacht a dhéanamh ar an bPlean. Tá Tuarascáil achomair ar Dhul Chun Cinn don chéad ráithe den bhliain 2019 ar fáil anseo. Tá Tuarascáil mhionsonraithe ar Dhul Chun Cinn don chéad ráithe, ina léirítear an dul chun cinn a rinneadh de réir gnímh, ar fáil anseo. Foilseofar an chéad Tuarascáil eile ar Dhul Chun Cinn i mí Iúil agus cumhdófar inti an dara ráithe den bhliain 2019.
Moltaí sa Tuarascáil Fhorlíontach
Luaitear sa Tuarascáil go bhfuil an 50 moladh atá sa Tuarascáil Deiridh cuimsitheach agus go bhfuil siad bailí go fóill. Déantar dhá mholadh eile sa Tuarascáil Fhorlíontach:
Tá an moladh nua sin i dteannta na seacht moladh a bhaineann le soláthar atá sa Tuarascáil Deiridh ón Dr Scally, atá á gcur chun feidhme trí 18 ngníomh shainaitheanta. Cuireadh sé cinn de na gníomhartha sin i gcrích faoi dheireadh na chéad ráithe den bhliain 2019.
Tá an moladh sin i dteannta na moltaí a bhaineann le seirbhísí saotharlainne agus mórsheirbhísí scagthástála atá ar áireamh sa Tuarascáil Deiridh ón bhFiosrúchán Scóipe. Sainaithníodh 36 ghníomh san iomlán chun na moltaí sin a chur chun feidhme agus cuireadh seacht gcinn díobh i gcrích faoi dheireadh na chéad ráithe den bhliain 2019. Áirítear leo Treoraí Náisiúnta um Dhearbhú Cáilíochta Saotharlainne a earcú agus plean feabhsúcháin tionscadail atá bunaithe ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta a fhorbairt do chláir dhearbhaithe cáilíochta scagthástála.
Sainaithneofar na gníomhartha a theastaíonn chun na moltaí breise a chur chun feidhme anois agus ionchorprófar iad isteach i bPlean Cur Chun Feidhme athbhreithnithe do na moltaí uile ón bhFiosrúchán Scóipe, rud a fhoilseofar ar shuíomh Gréasáin na Roinne Sláinte. Tabharfar tuairisc ar an dul chun cinn ar na moltaí breise agus ar na moltaí atá ann cheana ar bhonn ráithiúil.