Tús Curtha le hÍocaíochtaí €20m do Bhliain 3 den Chlár Aistrithe Eolais Fógartha ag an Aire Creed
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. inniu go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí maidir le Bliain 3 den Chlár Aistrithe Eolais.
Dúirt an tAire; “Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil tús curtha anois le híocaíochtaí do Bhliain 3 den Chlár Aistrithe Eolais. Tá mé sásta a rá go gcuirfear tús leis na híocaíochtaí seo mí níos túisce i mbliana ná blianta eile go dtí seo.”
Dúirt an tAire freisin; “bhí ról lárnach ag an gclár seo le linn a shaolré trí bliana chun cuidiú le feirmeoirí cur lena gcuid scileanna agus a gcuid eolais d'fhonn a chur ar a gcumas dul i ngleic le dúshláin a bhaineann le hinbhuanaitheacht, le táirgiúlacht agus le hiomaíochas. Léiríodh freisin go mbaineann buntáistí móra sóisialta leis an gClár don phobal feirmeoireachta chomh maith le tacaíochtaí airgeadais tábhachtacha a chur ar fáil.”
Mar gheall ar struchtúr an Chláir, beidh íocaíochtaí á gcur i bhfeidhm ar bhonn earnáil ar earnáil sna seachtainí atá romhainn. Tá íocaíochtaí d’fheirmeoirí i nGrúpaí Aistrithe Eolais Eachaí agus Éanlaithe eisithe anois. Eiseofar íocaíochtaí do ghrúpaí na Déiríochta, na Mairteola, na gCaorach agus Curaíochta go luath.
I ngach cás, tá ceangaltas rialála AE ann nach mór an íocaíocht d'fheirmeoirí i nGrúpaí Aistrithe Eolais a chur ar aghaidh chuig feirmeoirí tríd an áisitheoir atá ina nGrúpa Aistrithe Eolais féin. Ar an gcaoi sin, eiseofar íocaíochtaí aonair d'fheirmeoirí chuig an áisitheoir a chuirfidh an íocaíocht sin ar aghaidh chuig an bhfeirmeoir ina dhiaidh sin. Is é €750 an íocaíocht do Bhliain 3 sa chás go bhfuil na riachtanais ar fad comhlíonta ag an bhfeirmeoir. Sa chás is go bhfuil feirmeoir in dhá Ghrúpa Aistrithe Eolais, gheobhaidh sé/sí íocaíocht iomlán €1,125.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire; “Thug mé an-tacaíocht i gcónaí don Chlár Aistrithe Eolais agus do na haidhmeanna a bhí leis. Cinntíodh, leis an múnla sin, go raibh feirmeoirí in ann sainchomhairle a fháil ó áisitheoir a bhí oilte, agus leas a bhaint ag an am céanna as an deis an taithí a bhí acu féin a roinnt agus foghlaim óna chéile mar ghrúpa. D'éirigh go han-mhaith leis an idirghníomhaíocht seo idir feirmeoirí agus tá an-tóir uirthi. Tá mé muiníneach gur déanadh obair iontach ar an gclár a rachaidh chun tairbhe suntasach d'fheirmeoirí.”
CRÍOCH