Ár nOileáin Bheo: Polasaí Náisiúnta na nOileán agus Plean Gníomhaíochta seolta ag an Aire Humphreys
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys, TD, seoladh inniu ar Ár nOileáin Bheo , polasaí náisiúnta uaillmhianach 10 mbliana chun tacú le pobail inbhuanaithe agus bheoga ar an hoileáin amach ón gcósta.
Faoi Ár nOileáin Bheo, leagtar amach 80 beart faoin bplean gníomhaíochta 3 bliana le béim ar leith ar bhonneagar tithíochta agus uisce a feabhsú, rochtain níos fearr a fháil ar sheirbhísí riachtanacha sláinte agus oideachais, leathanbhanda ardluais a sheachadadh, agus tuilleadh forbartha a dhéanamh ar áiseanna caithimh aimsire lasmuigh agus turasóireacht inbhuanaithe.
I measc buachphointí an Phlean Gníomhaíochta:
Is é Ár nOileáin Bheo an chead pholasaí uile-Rialtais do na hoileáin le 27 bliain anuas.
Forbraíodh an polasaí uaillmhianach seo trí phróiseas fairsing comhairliúcháin le pobail atá ina gcónaí ar na hoileáin amach ón gcósta agus páirtithe leasmhara eile, a thug seans dóibh a gcuid tuairimí a léiriú maidir leis na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le bheith ag maireachtáil ar oileáin.
Mar aon leis an bpolasaí seo, tá Plean Gníomhaíochta don tréimhse 2023-2026 ina bhfuil 80 gníomh nua faoi cheangal ama a aontaíodh agus a bheidh le cur i bhfeidhm ag geallsealbhóirí éagsúla, faoi cheannas Ranna Rialtais nó Forais Stáit ainmnithe.
Rinne an tAire Humphreys seoladh ar Ár nOileáin Bheo le linn di a bheith ar Árainn Mhór amach ó chósta Dhún na nGall inniu.
Dúirt an tAire agus í ag labhairt ag an seoladh:
“Tá áthas orm ‘Ár nOileáin Bheo’ a sheoladh, ár bPolasaí Náisiúnta 10 mbliana do na hOileáin agus an chéad cheann le 27 bliain.
“Leagtar amach 80 beart in Ár nOileán Bheo a bhfuil sé mar aidhm acu tacú le pobail na n-oileáin agus na daoine a mhaireann orthu a chumasú.
“Baineann sé ar fad le bonneagar tithíochta agus uisce a feabhsú, rochtain níos fearr a fháil ar sheirbhísí riachtanacha sláinte agus oideachais, leathanbhanda ardluais a sheachadadh, agus dá réir turasóireacht a mhéadú chun tacú le pobail inbhuanaithe ar na hoileáin.
“Baineann sé le bheith ag cinntiú go bhfuil bonneagar ceart ag an hoileáin ó thaobh uisce, bóithre agus céanna.
“Agus baineann sé le tacaíocht a thabhairt do phobail na n-oileáin chun áiseanna cianoibre a fhorbairt le cinntiú gur féidir le daoine fanacht ag maireachtáil agus obair ina bpobail féin.
“Tá sásta go bhfuair mé tacaíocht ar leith ó mo chomhghleacaí, an tAire Tithíochta, Darragh O’Brien TD, chun deontas méadaithe a thabhairt faoi Chroí Cónaithe chun tacú le hoileánaigh tithe cónaithe a dhéanamh as tithe folmha agus tréigthe.
“Is polasaí uaillmhianach 10 mbliana atá in Ár nOileáin Bheo – ag teacht le gealltanas an Rialtais tacú le pobail na n-oileáin le go mbeidh todhchaí gheall agus in inbhuanaithe.”
Lean an tAire:
“Mar thoradh ar chur i bhfeidhm an pholasaí seo, beidh níos mó daoine ina gcónaí ar na hoileáin agus níos mó daoine ag obair as na hoileáin, le deiseanna maithe gairme, beag beann ar an áit a bhfuil ceannáras a bhfostóirí.
“Feicfimid na hoileáin ag cur leis, agus baint tairbhe as, an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin agus sochaí aeráid-neodrach.
“Agus feicfimid pobail na n-oileán, agus daoine óga ach go háirithe, ag glacadh ról gníomhach maidir le todhchaí a n-oileán féin a chruthú.
Dúirt an tAire chomh maith:
“Beidh tionchar tairbhiúil agus bunathraitheach ar na hoileáin agus ar shaol na bpobal atá ag maireachtáil orthu ag éirí as cur i bhfeidhm na ngníomhacíochtaí atá leagtha amach in Ár nOileáin Bheo.
Is í an aidhm atá againn go gcruthófaí pobail agus geilleagair inbhuanaithe agus seasmhacha ar na hoileáin trí infheistíocht, tacaíochtaí agus seirbhísí comhtháite.
“Molann an polasaí cur chuige forbartha tuaithe atá iomlánaíoch agus áitbhunaithe, a thugann misneach agus tacaíocht do phobail na n-oileáin pleananna comhtháiteacha a fhorbairt chun freastal ar riachtanais fhadtéarmacha a bpobal féin.
D’fhógair an tAire chomh maith inniu go bhfuil maoiniú caipitil €1.9m ceadaithe aici do 5 údarás áitiúil sa chéad bhabhta maoinithe de mhionoibreacha caipitil ar thograí bonneagair ar oileáin ar fud na tíre.
Chríochnaigh an tAire:
“Tá muid tiomanta, faoi Ár nOileáin Bheo, cinntiú go bhfuil bonneagar ceart ar na hoileáin, ar níos céanna, bóithre agus páirceanna súgartha.
“Tá áthas orm mar sin maoiniú ar luach €1.9m a cheadú chun tacaíocht a thabhairt d’fheabhsúcháin ar bhonneagar riachtanach ar oileáin amach ó chontaetha Dhún na nGall, Shligigh, Mhaith Eo, na Gaillimhe agus Chorcaí.”
Poist Pholasaí- Ár nOileáin Bheo
CRÍOCH
Nótaí:
Aguisín 1
Tá polasaí na n-oileán bunaithe ar chúig Cuspóir Straitéiseach ardleibhéil a d’aithin na hoileánaigh féin mar chuspóirí atá ríthábhachtach le haghaidh thodhchaí inbhuanaithe a bpobal:
1. Leibhéil daonra ar na hoileáin a athbheochan
2. Geilleagar na nOileán a éagsúlú
3. Seirbhísí sláinte agus folláine a fheabhsú
4. Pobail na nOileán a chumasú
5. Todhchaí chliste inbhuanaithe a chruthú
Is í aidhm an Pholasaí stop a chur le meath daonra atá feicthe ar fhormhór na n-oileán agus todhchaí chliste inbhuanaithe a chruthú mar aon leis an bpobal a chumasú i bhforbairt a n-oileán féin.
Bainfear na torthaí seo amach le cur i bhfeidhm an pholasaí:
- Níos mó daoine ina gcónaí ar na hoileáin;
- Níos mó daoine ag obair ar na hoileáin, le deiseanna maithe gairme, beag beann ar an áit a bhfuil ceannáras a bhfostóirí;
- Na hoileáin ag cur leis, agus baint tairbhe as, an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin agus sochaí aeráid-neodrach; agus
- Ról gníomhach a bheith ag pobail na n-oileán, agus daoine óga ach go háirithe, maidir todhchaí na n-oileán a chruthú.
I measc gníomhaíochtaí sonracha atá le cur i bhfeidhm faoin bPlean Gníomhaíochta:
Aguisín 2
Clár mionoibreacha caipitil na n-oileán 2023 – ceadaithe faoi bhabhta 1
Oileán | Cur síos ar na hoibreacha | Deontas |
Dún na nGall | Deontas iomlán do Chomhairle Contae Dhún na nGall | €471,622 |
Árainn Mhór | Athdhromchlú bóthair – Cuarbhóthar/Screig | €292,500 |
Árainn Mhór | Athdhromchlú bóthair – Cé an Staca Mhóir go Leadhb Gharbh | €58,500 |
Árainn Mhór | Oibreacha cóirithe dromchla | €32,400 |
Árainn Mhór | Oibreacha sábháilteachta ag clós súgartha | €16,222 |
Toraigh | Oibreacha sábháilteachta / balla ag clós súgartha | €72,000 |
Sligeach | Deontas iomlán do Chomhairle Contae Shligigh | €11,700 |
Inis Uí Mhaolchluiche | Athchóiriú rampa rochtana ón trá go dtí an ché | €5,400 |
Inis Uí Mhaolchluiche | Athchóirí ar chosaint reatha na cé | €6,300 |
Maigh Eo | Deontas iomlán do Chomhairle Contae Mhaigh Eo | €207,000 |
Inis Toirc | Athdhromchlú bóthair agus oibreacha draenála | €180,000 |
Inis Toirc | Oibreacha athchóirithe ar an bpríomhché | €18,000 |
Inis Bigil | Oibreacha ag an gcarrchlós ag Gob Uí Dheoráin | €9,000 |
Gaillimh | Deontas iomlán do Chomhairle Contae na Gaillimhe | €806,474 |
Árainn (Inis Mór) | Athdhromchlú bóthair - L-5200-115 Eoghanacht | €298,464 |
Árainn (Inis Mór) | Athdhromchlú bóthair - L-52008-0 Bóthar Íseal | €233,325 |
Árainn (Inis Mór) | Athdhromchlú bóthair - L-5200 Cill Mhuirbhigh / Gort na gCapall | €138,175 |
Árainn (Inis Mór) | Athdhromchlú bóthair - L-5200-31 Cill Rónáin | €90,610 |
Árainn (Inis Mór) | Oibreacha ag Cé Chill Mhuirbhigh | €35,100 |
Inis Meáin | Teileascóip mona-oibrithe | €6,300 |
Inis Oírr | Ráillí sábháilteachta agus feabhsúcháin ag bothán an gharda tarrthála | €4,500 |
Corcaigh | Deontas iomlán do Chomhairle Contae Chorcaí | €399,256 |
An tOileán Mór (Béarra) | Dromchla coincréit asfailt agus oibreacha draenála sula nglactar bóthar ar lámh – taobh le L8959-0 | €122,000 |
An tOileán Mór (Béarra) | Dromchla coincréit asfailt - L-49227-0 | €94,500 |
An tOileán Mór (Béarra) | Dromchla coincréit asfailt agus oibreacha draenála - L49227-0 | €54,000 |
Inis Uí Drisceoil | Pontún a fheistiú – An Ché Thoir | €24,005 |
Inis Arcáin | Dromchla coincréit asfailt – cuid den L8202-0 agus L4201-0 | €46,665 |
Inis Arcáin | Dromchla coincréit asfailt – cuid den L8202-0 agus L4201-0 | €35,100 |
Inis Arcáin | Oibreacha coincréite / ráillí sábháilteacht – sleamhnán ag cé an duga | €22,986 |
IOMLÁN | Deontas iomlán ceadaithe thar 5 contae | €1,896,052 |