Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Domhnaigh, an 20 Meán Fómhair 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Níor cuireadh aon bhásanna nua in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) inniu.
Tá 1,792 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé Sathairn, an 19 Lúnasa, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 396 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 32,933* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh go ndearna na hothair a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Dheais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte:
“Rinneadh na cásanna atá á dtabhairt le fios inniu againn a ionfhabhtú an tseachtain seo caite.
“Scaiptear an víreas seo ó dhuine go duine. Tá an tasc céanna anois againn ar fud na tíre chun slabhraí an tarchuir a ghearradh agus stop a chur leis an víreas seo a scaipeadh níos mó.
“Socraigh gan casadh an tseachtain seo ach le leath an mhéid daoine ar chas tú leo an tseachtain seo caite. Nuair a chasann tú le daoine, cas go sábháilte leo – coimeád fad amach uathu, caith clúdach aghaidhe, más cuí, agus nigh do lámha.
“Déanann gach uile ghníomh a dhéanaimid chun cur isteach ar tharchur an ghalair seo sinn féin agus ár dteaghlaigh a choimeád sábháilte.”
CRÍOCH