Fógraíonn an tAire Smyth torthaí an Chórais Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar, 2022
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair Ossian Smyth, an tAire Stáit sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar a bhfuil freagracht as an nGeilleagar Ciorclach, inniu (an 9 Samhain 2023) gur foilsíodh torthaí an Chórais Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar, 2022. Soláthraítear i dtorthaí an chórais sonraí staitistiúla tábhachtacha faoi fhad agus comhdhéanamh an bhruscair in Éirinn agus faoi na cúiseanna leis, agus iad ag cur ar chumas na n-údarás áitiúil chun an truailliú ó bhruscar a bhainistiú ar bhealach córasach struchtúrtha.
Agus foilsiú na dtorthaí don bhliain 2022 á bhfógairt aige, luaigh an tAire Smyth an ról tábhachtach atá á imirt ag údaráis áitiúla agus ag pobail áitiúla araon i ndul i ngleic le dúshláin bhruscair na hÉireann.
Dúirt an tAire:
"Tá áthas orm a fheiceáil gur taifeadadh laghdú sa chéatadán de limistéir atá aicmithe mar limistéir a bhfuil méid mór truaillithe iontu. Mar sin féin, is ábhar imní é an méadú sa chéatadán de limistéir a bhfuil méid beag bídeach bruscair iontu agus de limistéir a bhfuil méid measartha bruscair iontu, á mheabhrú dúinn gur gá dúinne uile leanúint d’obair go dícheallach chun a chinntiú go leanaimid den dul chun cinn atá déanta againn go dtí seo ar thruailliú ó bhruscar a chomhrac.
"Bhí dea-scéala ann maidir lenár ndaoine óga, agus an bruscar ó scoileanna agus ó leanaí scoile ag laghdú ó 4.6% sa bhliain 2021 go 3.6% sa bhliain 2022.
"Tá bruscar a bhaineann le toitíní ar an toisc is mó ar fad taobh thiar den bhruscar foriomlán fós, agus é ag méadú ó 48.4% go 52.1% sa bhliain atá imithe thart. I mí Eanáir, cheadaigh mé Scéim Freagrachta Leathnaithe d’allmhaireoirí agus táirgeoirí a dhíolann scagairí tobac a bhfuil plaisteach iontu. Cabhróidh sé sin le híoc as an gcostas a bhaineann le glanadh agus le bonneagar le haghaidh bruscair. Cabhróidh sé freisin le feasacht a mhéadú.
"Leagtar béim sna torthaí a foilsíodh inniu ar na réimsí éagsúla is dúshlán don bhruscar a chosc in Éirinn. Táim meáite ar dhul i ngleic leis an bhfadhb sin agus tá mo chuid oifigeach i mbun scrúdú a dhéanamh ar an dóigh is fearr ar féidir é sin a bhaint amach."
Is é atá sa bhruscar a bhaineann le toitíní fós ná an chatagóir aonair truaillithe bruscair is mó sna
láithreacha a ndearnadh suirbhé orthu.
Is é atá sa bhruscar a bhaineann le toitíní fós ná an chatagóir aonair truaillithe bruscair is mó sna láithreacha a ndearnadh suirbhé orthu.
Táthar ag dul i ngleic leis sin faoi cheann amháin de cheanglais na Treorach maidir le Plaistigh Aonúsáide, rud a glacadh sa bhliain 2019 agus a trasuíodh sa dlí náisiúnta faoi na Rialacháin um Plaistigh Aonúsáide, 2021. Is é aidhm na Treorach ná an tionchar atá ag plaistigh aonúsáide ar an gcomhshaol a chosc agus a laghdú, rud atá le baint amach trí chreat beart lena n-áirítear srianta margaidh, ceanglais maidir le táirgí agus le lipéadú, méadú feasachta, agus scéimeanna Freagrachta Leathnaithe Táirgeora a thabhairt isteach.
Cheadaigh an tAire Smyth an scéim Freagrachta Leathnaithe Táirgeora le haghaidh táirgí scagaire toitíní a bhfuil plaisteach iontu i mí Eanáir i mbliana agus ceanglaítear léi ar allmhaireoirí agus ar tháirgeoirí a chuireann scagairí tobac a bhfuil plaisteach iontu ar mhargadh na hÉireann chun teacht ina mbaill agus chun ranníoc leis na costais a bhaineann le bruscar a ghlanadh agus le feasacht a mhéadú.
Áirítear na nithe seo leis na bearta eile atá á ndéanamh chun roinnt de na cineálacha bruscair is feiceálaí a chomhrac:
Dúirt an tAire Smyth freisin:
>"Leanann an Roinn seo de roinnt clár ardtionchair lena méadaítear an fheasacht ar an gcomhshaol a chur chun cinn agus a chur ar aghaidh. Áirítear leo sin Clár na Scoileanna Glasa, atá dírithe ar oideachas a chur ar dhaoine óga, an clár PURE (Ardtailte agus Timpeallachtaí Tuaithe a Chosaint) a reáchtálann Comhairle Contae Chill Mhantáin é agus na scéimeanna deontais frithbhuscair agus frithghraifítí do phobail áitiúla, ar scéimeanna iad a n-oibríonn údaráis áitiúla iad. De bhreis air sin, tá áthas orm leanúint de thacú le hobair grúpaí áitiúla tríd an nGlantachán Náisiúnta Earraigh a reáchtálann An Taisce é agus a ndéanann an Roinn seo urraíocht air."
Maidir leis na comhpháirteanna den truailliú ó bhruscar agus leis na tosca cúiseacha taobh thiar de, tá siad measartha seasmhach ar fud gach cineáil údaráis áitiúil fós idir an bhliain 2021 agus an bhliain 2022. Tá bruscar a bhaineann le toitíní agus bruscar a bhaineann le guma coganta ar an gcomhpháirt is mó agus ar an dara comhpháirt is mó faoi seach den truailliú ó bhruscar sa tír fós.
Tá Torthaí an Chórais Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar, 2022, ar fáil anois ina n-iomláine ar litter.ie agus ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus tugtar míniú sa Nóta d’Eagarthóirí thíos ar na príomhghnéithe den chóras.
CRÍOCH
Cheap an Roinn Tobin Consulting Engineers chun feidhmiú mar Chomhlacht Monatóireachta Bruscair don tréimhse ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023 agus, ag teacht sna sála ar chomórtas tairisceana, athcheapadh Tobin Consulting Engineers le déanaí don tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024 chun leanúint le forbairt a dhéanamh ar an gCóras Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar a bunaíodh sa bhliain 1999 agus chun cur chun feidhme an chórais sin ag údaráis áitiúla a chomhordú. Trí bhíthin suirbhéanna ó na húdaráis áitiúla (dá raibh breis agus 5,000 ceann ann sa bhliain 2022), gintear sonraí iontaofa leis an gCóras Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar chun cur ar chumas gach údaráis áitiúil athruithe i méid agus comhdhéanamh an truaillithe ó bhruscar ina limistéar feidhme a thomhas go cruinn le himeacht ama, rud a chabhraíonn leo bainistíocht bruscair a phleanáil ar bhealach níos éifeachtaí.
Leis an gcóras, ceanglaítear ar údaráis áitiúla:
Ar na sonraí suirbhé a fháil ó údaráis áitiúla, déanann an Comhlacht Monatóireachta Bruscair:
Is ann do dhá chineál suirbhé a dhéanann údaráis áitiúla:
Sainaithnítear naoi gcatagóir leathana bruscair sna suirbhéanna ar chainníocht bruscair: