Fógraíonn an tAire Foley agus Naughton próiseas leasaithe um measúnú ar riachtanas do scoileanna
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Oideachais Norma Foley, TD, agus an tAire Oideachais Speisialta agus Cuimsithe, Hildegarde Naughton, TD, inniu (Dé Luain) próiseas leasaithe um measúnú ar riachtanas do scoileanna.
Forbraíodh an próiseas leasaithe seo de bhun breithiúnais Ard-Chúirte le déanaí inar cinneadh go bhfuil an saineolas cuí ag múinteoirí le go n-ainmneodh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) iad chun riachtanais oideachais linbh a mheas.
Is ar FSS atá an fhreagracht fhoriomlán as measúnú a dhéanamh ar an bpróiseas riachtanas do leanaí agus níl i measúnuithe múinteoirí ar riachtanais oideachais linbh ach cuid amháin den phróiseas.
Forbraíodh an próiseas leasaithe tar éis athbhreithniú mionsonraithe a dhéanamh ar bhreithiúnas na hArd-Chúirte chun a chinntiú go gcloífeadh aon phróiseas nuashonraithe le cinntí na Cúirte. Chuaigh an Roinn agus CNOS i mbun plé forleathan le páirtithe leasmhara oideachais chun léiriú a thabhairt ar an gcaoi ar féidir leis an bpróiseas leasaithe freastal ar riachtanais oideachais na leanaí lena mbaineann agus ar na ceanglais maidir leis an Acht um Míchumas, 2005 a chomhlíonadh.
Tá réimse beart curtha i bhfeidhm ag an Roinn agus ag CNOS chun tacú le scoileanna atá ag tabhairt faoin ngné oideachasúil den mheasúnú ar riachtanais. Áirítear leis sin doiciméid treorach agus tacaíocht ríomhphoist agus teileafóin.
I gcásanna ina mbíonn líon níos mó atreoruithe um measúnú ar riachtanas ag scoileanna, leithdháilfear uaireanta tacaíochta breise um measúnú ar riachtanas ar na scoileanna sin. Cuirfear iad sin ar fáil go huathoibríoch do na scoileanna lena mbaineann gach ráithe i riaráiste.
Dúirt an tAire Foley:
“Is é an t-ábhar imní is mó atá agam mar Aire ná a chinntiú go ndéantar soláthar do gach leanbh, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, inár scoileanna. Cé gur ar FSS atá an fhreagracht maidir leis an bpróiseas um measúnú ar riachtanas, deimhníodh le breithiúnas na hArd-Chúirte le déanaí go bhfuil ról tábhachtach ag scoileanna agus go bhfuil múinteoirí cáilithe go cuí chun riachtanais oideachais a mheas.
“Aithnítear sa bhreithiúnas go bhfuil eolas substaintiúil agus ábhartha ag múinteoirí ar leanaí agus ar dhaoine óga ina gcuid ranganna. Beidh an t-eolas sin, a dhíorthaítear ó chleachtais mheasúnaithe agus ó léargais ghairmiúla, mar chuid den phictiúr foriomlán maidir le riachtanais an linbh.
“Rinneadh plé forleathan le páirtithe leasmhara oideachais chun an próiseas leasaithe a nuashonrú agus ba mhaith liom scoileanna a spreagadh chun leanúint ar aghaidh ag obair leis an Roinn agus le CNOS chun na measúnuithe sin a chur i gcrích, ar measúnuithe iad a bhfuil leanaí i dteideal rochtain a fháil orthu faoin Acht um Míchumas.”
Dúirt an tAire Naughton:
“Tá a fhios againn gur áiteanna gnóthacha iad na scoileanna. Oibríonn príomhoidí agus múinteoirí go dian chun freastal ar riachtanais na leanaí agus na ndaoine óga ina scoileanna. Is é an rud is mian linn a dhéanamh ná na hacmhainní agus na tacaíochtaí is gá a chur ar fáil dóibh, a mhéid agus is féidir, chun go leanfaidh siad orthu ag déanamh na hoibre criticiúla seo.
“Tá áthas orm a thabhairt faoi deara, mar sin, go bhfuil raon tacaíochtaí curtha i bhfeidhm ag CNOS do scoileanna nuair a fhaigheann siad iarratas um measúnú ar riachtanas, lena n-áirítear tacaíocht ríomhphoist agus fóin chomh maith le hábhair threoracha agus rochtain ar chomhairleoir CNOS. Sa chás go bhfaigheann scoileanna líon mór iarratas um measúnú ar riachtanas, beidh siad in ann leas a bhaint as uaireanta teagaisc breise freisin.
“Ar an gcaoi chéanna, áfach, tá sé tábhachtach a chinntiú go ndéanaimid monatóireacht ar thionchar na hoibre seo ar scoileanna. Mar sin, fáiltím roimh thiomantas na Roinne athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an bpróiseas um measúnú ar riachtanais ionas gur féidir linn a chinntiú go bhfuil na tacaíochtaí cuí agus riachtanacha acu.”