Fógraíonn an tAire Foley oscailt Tairseach Iarrthóirí Ardteistiméireachta 2021 ón gCéadaoin 10 Márta go dtí An Mháirt 16 Márta le cur ar chumas scoláirí clárú do Scrúduithe agus do Ghráid Chreidiúnaithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD go n-osclófar tairseach iarrthóirí na hArdteistiméireachta 2021 ina gcuirfidh scoláirí atá iontráilte do na scrúduithe in iúl an mian leo na Scrúduithe Ardteistiméireachta a dhéanamh nó Gráid Chreidiúnaithe CSS a fháil, nó iad araon.
Caithfidh gach scoláire atá iontráilte don Ardteistiméireacht 2021 cuntas a chruthú ar thairseach féinseirbhíse an iarrthóra, chun clárú do scrúduithe agus/nó do Ghráid Chreidiúnaithe CSS.
Caithfidh scoláirí atá ag freastal ar scoil agus scoláirí seachtracha a rogha do gach ábhar a dheimhniú, agus a n-ábhar mar aon leis na leibhéil a dheimhniú.
Beidh an tairseach oscailte ó 12 meán lae Dé Céadaoin 10 Márta go dtí 6pm Dé Máirt 16 Márta ag gov.ie/LeavingCertificate
Le clárú, beidh gá ag scoláirí leo seo:
• a n-uimhir scrúdaithe
• a n-uimhir PSP
• a n-uimhir ghutháin soghluaiste
• a seoladh ríomhphoist.
Tá treoir soiléir ar fáil do scoláirí faoin tslí leis an tairseach a úsáid agus na roghanna is gá dóibh a dhéanamh ar gov.ie/LeavingCertificate agus tá sé seo curtha go scoileanna.
Dúirt an tAire Foley: “Mholfainn do gach scoláire, nuair a bhíonn a gcuntas á chruthú acu ar an tairseach, grinnstaidéar a dhéanamh ar na roghanna atá ar fáil dóibh nuair a bhíonn scrúduithe scríofa á dhéanamh acu agus Gráid Chreidiúnaithe CSS á fháil acu.
“Tá sé tábhachtach freisin go leanfaidh scoláirí leis an bpróiseas foghlama agus measúnaithe i bpearsan ina soláthraítear sonraí breise do mhúinteoirí mar bhonn do mheastachán marcanna.”
Ag deireadh mhí Aibreáin / tús mhí na Bealtaine beidh ar scoláirí an tairseach a rochtain don dara huair, chun a roghanna a dhearbhú.
Cuireadh ábhar faisnéise ar fáil do scoileanna, do scoláirí agus dá dtuismitheoirí/ gcaomhnóirí ina bhfuil fáil ar eolas agus dátaí ríthábhachtacha do phróiseas na hArdteistiméireachta agus na nGrád Creidiúnaithe. Díreoidh feachtas fógraíochta ar na dátaí oscailte do Thairseach na nIarrthóirí.
Tarlóidh Scrúduithe na hArdteistiméireachta 2021 idir 9-29 Meitheamh agus críochnóidh Scrúduithe na hArdteistiméireachta Feidhmí ar 17 Meitheamh. Tá na hamchláir curtha suas ar láithreán gréasáin CSS.
Eisíodh treoir maidir leis na scrúduithe agus na Gráid Chreidiúnaithe CSS sa doiciméad, Treoir maidir leis na Scrúduithe Stáit agus Gráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht 2021 atá ar fáil anseo. Eiseofar treoir bhreise mionsonraithe do scoileanna go luath.
Beidh gach gné de reáchtáil na scrúduithe treoraithe ag comhairle sláinte poiblí.
Déanfar Gráid Chreidiúnaithe CSS a ghiniúint trí úsáid a bhaint as na marcanna céatadáin measta a sholáthraíonn scoileanna. Nuair a bhíonn an próiseas náisiúnta um chaighdeánú thart, déanfar na marcanna seo a aistriú go Gráid Chreidiúnaithe CSS.
Gheobhaidh scoláirí a roghnaigh na Scrúdaithe agus Gráid Chreidiúnaithe CSS araon an grád is fearr go huathoibríoch i ngach ceann dá n-ábhar.
Ní gá aon táillí a íoc do scrúduithe ná do Ghráid Chreidiúnaithe CSS. Níl aon phróiseas ann d’iarratais dhéanacha mar a bhí i mblianta eile trína bhféadfadh iarrthóirí táille iarratais dhéanach a íoc chun clárú do scrúduithe.
Maidir le próiseas Gráid Chreidiúnaithe CSS, beidh fáil go luath ar shonraí breise faoi na socruithe do scoláirí atá ag freastal ar scoileanna aitheanta ach a bhfuil ábhair bhreise á staidéar acu lasmuigh den scoil mar aon le scoláirí atá ag staidéar go hiomlán lasmuigh de scoileanna.
Ba chóir a bheith san airdeall sa dá chás, ar chúiseanna cothromais agus cothroime, go gcaithfidh na scoláirí sin a bheith in ann fianaise shubstaintiúil a sholáthar ar a gcuid foghlama le bheith incháilithe don bhreithniú le haghaidh Gráid Chreidiúnaithe CSS.
D’áitigh an tAire ar scoláirí sa chás seo a n-iontráil do Scrúduithe na hArdteistiméireachta a dhearbhú. Níl aon chinnteacht gur féidir Gráid Chreidiúnaithe CSS a sholáthar do na scoláirí seo go léir. Caithfear a mheas gur leor an fhianaise a sholáthraíonn na scoláirí seo chun meastachán ar a bhfeidhmíocht san Ardteistiméireacht a sholáthar dóibh.
Príomhdhátaí do scoláirí
• Osclófar an Tairseach Iarrthóirí CSS an 10 Márta ag 12 meán lae agus dúnfar é an 16 Márta ag 6in
• Scrúduithe Béil AT – 26 Márta go 15 Aibreán
• Scrúduithe Béil ATF – 3 Bealtaine go 12 Bealtaine
• Triail feidhmíochta obair phraiticiúil an chúrsa ATF – 17 Bealtaine go 21 Bealtaine.
• Agallamh obair phraiticiúil an chúrsa ATF– an tseachtain dar tús 8 Meitheamh
• Scrúduithe Scríofa – 9 Meitheamh go 29 Meitheamh
Tá tuilleadh mionsonraí eolais ar fáil ag gov.ie/leavingcertificate
Nótaí d’Eagarthóirí
Tá fáil ag iarrthóirí ar threoir chuig an Tairseach Féinseirbhíse d’Iarrthóirí, ina mínítear an próiseas céim ar chéim, lena n-áirítear eolas maidir le
• Rochtain a fháil ar a n-uimhir Scrúduithe murar féidir leo teacht uirthi
• Rochtain a fháil ar a UPSP mura bhfuil sí acu
• Teagmháil a dhéanamh le Deasc Chabhrach thairseach Féinseirbhíse an Iarrthóra má bhíonn deacrachtaí teicniúla acu