Foilsítear an Tuarascáil Eatramhach ón Sainghrúpa um an dlí torta a athchóiriú agus um éilimh faillí cliniciúla a bhainistiú
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, agus Charlie Flanagan TD, an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, an Tuarascáil Eatramhach ón mBreitheamh Onórach Charles Meenan a fhoilsiú (inniu), rud ina bpléitear le hobair an tSainghrúpa a bhfuil de chúram air athbhreithniú a dhéanamh ar an dlí tortanna agus ar na córais reatha um éilimh faillí cliniciúla a bhainistiú.
Tá an Grúpa ag déanamh scrúdú ar an dlí torta de réir mar atá feidhm aige faoi láthair maidir le díobhálacha pearsanta a thagann chun cinn san earnáil cúram sláinte agus tá sé ag breithniú na roghanna atá ann chun an dlí torta ábhartha a athchóiriú. Go háirithe, tá sé ag déanamh scrúdú ar an gcóras ó thaobh an duine a rinne an t-éileamh chun a fháil amach cé acu a d’fhéadfaí nó nach bhféadfaí déileáil ar bhealach éifeachtach agus níos íogaire le cásanna áirithe. Tá an Sainghrúpa ag déanamh scrúdú freisin ar an tionchar atá ag an reachtaíocht torta ar an gcultúr foriomlán sábháilteachta othar agus ar an nochtadh oscailte.
Fuair an Grúpa 41 aighneacht san iomlán agus d’éist sé trí chur i láthair ó bhéal.
Dúirt an tAire Harris,
“Fáiltím roimh an Tuarascáil Eatramhach ó Shainghrúpa an Bhreithimh Onóraigh Meenan agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an nGrúpa as an obair luachmhar atá déanta aige go dtí seo. Is gá dúinn iniúchadh a dhéanamh ar na roghanna uile atá ann chun teacht ar shásra malartach le haghaidh éilimh faillí cliniciúla a réiteach, ar sásra é atá níos dírithe ar an duine agus atá cothrom do gach páirtí ag an am céanna. Tá an tAire Flanagan agus mé féin araon ag tnúth leis an tuarascáil deiridh ón Sainghrúpa a fháil i mí an Mheithimh 2019.”
Dúirt an tAire Flanagan,
“Fáiltím roimh fhoilsiú na Tuarascála Eatramhaí agus roimh an dul chun cinn a rinne an Sainghrúpa atá faoi chathaoirleacht ag an mBreitheamh Onórach Charles Meenan. Tá mo chuid oifigeach ag glacadh páirt ghníomhach in obair an tSainghrúpa. Leagtar amach sa Tuarascáil Eatramhach an scrúdú a rinne an Grúpa ar na saincheisteanna casta dúshlánacha atá i gceist leis an réimse seo. Táim ag tnúth leis an tuarascáil iomlán agus aon mholtaí a fháil ón nGrúpa in am is i dtráth.”
Leagtar amach sa Tuarascáil Eatramhach an dul chun cinn atá déanta ag an nGrúpa go dtí seo agus tá sí ar fáil ar shuíomh Gréasáin an dá Roinn.
CRÍOCH
I mí an Mheithimh 2018, agus mar chuid de ghealltanas atá i gClár an Rialtais, d’fhógair an tAire Sláinte agus an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, i gcomhar leis an Aire Airgeadais, go mbunófaí Sainghrúpa a mbeadh de chúram air breithniú a dhéanamh ar shásra malartach ar dhul i muinín na cúirte le haghaidh éilimh faillí cliniciúla a réiteach. Tá an grúpa faoi chathaoirleacht ag an mBreitheamh Onórach Charles Meenan, Breitheamh den Ard-Chúirt, agus bunaíodh é chun athbhreithniú a dhéanamh ar na córais reatha um éilimh faillí cliniciúla a bhainistiú.
I mí an Mheithimh 2018, chomhaontaigh an Rialtas le bunú an tSainghrúpa chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dlí tortanna agus ar na córais reatha um éilimh faillí cliniciúla a bhainistiú. Chomhaontaigh an Rialtas go ndéanfadh Charles Meenan, Breitheamh den Ard-Chúirt, cathaoirleacht ar an nGrúpa, rud a thabharfadh comhairle maidir le cé acu atá nó nach bhfuil aon sásraí malartacha ann ar an bpróiseas cúirte reatha le haghaidh éilimh faillí cliniciúla agus éilimh dhíobhála pearsanta a réiteach.
Is iad seo a leanas Téarmaí Tagartha an tSainghrúpa: