Litir ón bPríomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan chuig Tuismitheoirí & Caomhnóirí - 1 Nollaig 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
A chairde,
Tá na tréaniarrachtaí a bhíonn ar siúl ag tuismitheóirí agus leanaí chun cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí ríthábhachtach chun minicíocht COVID-19 sa phobal a laghdú.
Is é an tosaíocht atá againn ná an riosca a bhaineann le COVID-19 a laghdú agus iarrachtaí a dhéanamh an méid is mó daoine is gur féidir linn a chosaint ó thrombhreoiteacht. Mar is eol duit, déanann an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála ar Shláinte Poiblí monatóireacht leanúnach ar líon cásanna COVID-19 i ngach aois ghrúpa agus i ngach suíomh.
In achar ama an-ghearr, tá laghdú suntasach, mear tagtha ar an suíomh eipidéimeolaíochta, agus, mar gheall ar sin tá líon ard cásanna i measc pháistí idir 5 agus 11 bhliain d’aois, dream nach bhfuil vacsaín ar fáil dóibh go fóill. Is cúis imní é seo.
Tá scoileanna i gcroílár ár bpobal agus imríonn siad ról bunúsach i saol sóisialta agus folláine ár leanaí; tá an méid sin fíor go háirithe i gcás leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, atá faoi mhíbhuntáiste nó a ndearna na dúntaí scoile le linn na paindéime difear díréireach dóibh. Tá sé ríthábhachtach mar sin go ndéanfaimid gach iarracht chomh luath agus a thugaimid athrú mar seo faoi deara.
Sa bhreis ar an gcomhairle ghinearálta don phobal bualadh le níos lú daoine, agus, ar feadh coicíse eile ar a laghad, ba cheart na himeachtaí thíos a sheachaint:
Ina theannta sin, ba chóir do thuismitheoirí:
Tuigim nach bhfuil éinne againn ag súil leis na bearta seo, ach go háirithe ag an am seo den bhliain. Is ualach breise é, go háirithe dóibh siúd a bhfuil teaghlaigh óga acu, i ndiaidh tréimhse an-dúshlánach.
Ach, é sin ráite, tá ról lárnach le himirt ag tuismitheoirí maidir le tras-seoladh laistigh agus idir theaghlaigh a laghdú. Ag an am seo den bhliain, is minic a bhíonn siomptóim riospráide ag leanaí óga, agus tá a fhios againn go n-éiríonn sé níos deacra aonrú agus tástálacha PCR a shocrú arís agus arís eile. Ach is beart riachtanach é seo chun teaghlaigh agus an pobal i gcoitinne a chosaint.
Agus minicíocht COVID-19 chomh hard is atá sé faoi láthair, ciallaíonn sé go ndéantar fórsa an ionfhabhtaithe a bhrú síos tríd an daonra nach bhfuil vacsaín faighte acu go fóill agus isteach inár leanaí óga neamh-vacsaínithe. Cé go bhfuil a fhios againn nach bhfaigheann an chuid is mó den aoisghrúpa seo ach leagan an-éadrom den ghalar má tholgann siad é, d’fhéadfadh líon beag díobh éirí an-tinn. Táim dóchasach, má leanaimid ar fad leis an iarracht mhór seo go ceann coicíse, is féidir linn minicíocht an víris a laghdú.
Tá sé molta ag NPHET, ar bhonn sealadach, go gcaithfidh páistí clúdaigh aghaidhe:
Déanfar an chomhairle seo a athbhreithniú ag NPHET i mí Feabhra 2022.
Ba mhaith liom a rá chomh maith, go bhfuil sár-jab á dhéanamh ag vacsaíní chun trombhreoiteacht agus galar a chosc i measc siúd atá vacsaínithe go hiomlán; is dea-scéal é seo, agus fáiltím roimh udarú an EMA i dtaobh vacsaíní do leanaí bunscoile (5-11 bliana). Táimid ag súil le comhairle ó NIAC maidir le seo go luath.
Mile buíochas as na hiarrachtaí atá ar siúl agat chun ár scoileanna agus ár bpobail a choimeád slán.
Is mise le meas,
Dr Tony Holohan
Príomh-Oifigeach Leighis
Cén fáth go bhfuil an Chomhairle Sláinte Poiblí ag Athrú?
Tá na bearta atá á bhfógairt inniu i gcomhréir chun smacht a choinneáil ar an víreas, chun scaipeadh breise a chur faoi chois agus chun srianta breise a sheachaint.
Tá minicíocht COVID-19 ag an dara leibhéal ó thosaigh an phaindéim seo. Ní raibh sí chomh hard seo ó bhí an dara seachtain d’Eanáir ann i mbliana.
Ciallaíonn sé sin go bhfuil an oiread sin ionfhabhtaithe sa phobal go bhfuil sé deacair an víreas seo a sheachaint.
Tá sár-jab á dhéanamh ag vacsaíní chun trombhreoiteacht agus galar a chosc i measc siúd atá vacsaínithe go hiomlán; is dea-scéal é seo, agus táimid ag súil le nuashonrú ar vacsaíní do leanaí bunscoile (5-11 bliain) go luath ón EMA agus NIAC ina dhiaidh sin.
Tá 1 as gach 3 leanbh idir 12 agus 15 bliana d’aois fós le teacht chun cinn chun vacsaín a fháil, agus tá 1 as gach 5 idir 16 agus 18 fós le teacht chun cinn. Tá sé tábhachtach go dtiocfaidh duine ar bith atá incháilithe le haghaidh vacsaíne chun cinnchun é a fháil a luaithe is féidir.
Ciallaíonn sé, áfach, go ndéantar fórsa an ionfhabhtaithe a bhrú síos tríd an daonra atá incháilithe le haghaidh vacsaínithe agus isteach inár leanaí óga neamh-vacsaínithe.
Cé go bhfuil a fhios againn nach bhfaigheann an chuid is mó den aoisghrúpa seo ach leagan an-éadrom den ghalar má tholgann siad é, d’fhéadfadh líon beag díobh éirí an-tinn.
Cad í an chomhairle nuashonraithe do thuismitheoirí?
Tá ról lárnach le himirt ag tuismitheoirí maidir le tras-sheoladh laistigh agus idir theaghlaigh a laghdú. Tá a fhios againn gur ualach breise é seo, go háirithe dóibh siúd a bhfuil teaghlaigh óga acu. Ag an am seo den bhliain, is minic a bhíonn siomptóim riospráide ag leanaí óga, agus tá a fhios againn go n-éiríonn sé níos deacra aonrú agus tástálacha PCR a shocrú arís agus arís eile. Ach is beart riachtanach é seo chun teaghlaigh agus an pobal i gcoitinne a chosaint.
Ceann de na príomhthosaíochtaí atá againn ná ár gcóras oideachais a chosaint. Ar feadh coicíse eile ar a laghad, is féidir linn é sin a dhéanamh trí laghdú a dhéanamh ar ár sóisialú i suíomhanna eile.
Dá bhrí sin, ba chóir do thuismitheoirí:
Cad í an chomhairle nuashonraithe do leanaí?
Má tá tú 9 mbliana d’aois nó níos sine (nó i rang a trí agus níos airde sa bhunscoil) caith clúdaigh aghaidhe ar iompar poiblí, i miondíol agus in áiteanna póiblí eile imar a éilítear faoi lathair ar dhaoine eile níos sine ná trí bliana déag d’aois
Ar an drochuair, caithfimid iarraidh ar leanaí bualadh le níos lú cairde sa choicís amach romhainn ar a laghad. Is rud an-deacair é seo a dhéanamh, mar go n-áiríonn sé seo go leor de na himeachtaí agus na gníomhaíochtaí is mó a thaitníonn lenár daoine óga agus lenár leanaí. Ar feadh coicíse eile ar a laghad, níor cheart go mbeadh na himeachtaí seo a leanas ar siúl ar chor ar bith:
Má tá tú ag socrú cóisir lá breithe nó coinní súgartha, ba chóir go mbeadh siad seo le teaghlach amháin eile ar a mhéad agus ba chóir go mbeadh siad ar siúl taobh faoin aer. Níor chóir d’aon duine le siomptóim freastal ar na himeachtaí seo.
Níor chóir do leanaí a bhfuil aon siomptóim de COVID-19 acu dul chuig naíolann nó scoil. Ba chóir dóibh fanacht sa bhaile agus ba chóir do thuismitheoirí tástáil PCR a shocrú a luaithe is féidir leat.
Mar a dúirt muid arís agus arís eile, is féidir linn muid féin a chosaint, fiú má táimid gan vacsaíniú nó fós le teacht chun cinn chun vacsaín a fháil, tríd an chomhairle sláinte poiblí a leanúint. Tá a fhios againn go n-oibríonn sé seo agus gur féidir linn, le chéile, slabhraí an ionfhabhtaithe a bhriseadh.