Beoshruthú Ghrianstad an Gheimhridh ó Shí an Bhrú fógartha ag OOP
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP), i gcomhpháirtíocht le Seirbhísí na Séadchomharthaí Náisiúnta (SSN) de chuid na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, a fhógairt go ndéanfar beoshruthú arís i mbliana ar Ghrianstad an Gheimhridh istigh sa seomra i dtuama pasáiste Neoiliteach Shí an Bhrú. Is féidir an ócáid iontach seo a fheiceáil beo gach maidin ón 20 go 22 Nollaig ar gov.ie/opw agus heritageireland.ie
I mí na Nollag, chuir SSN agus OOP tús lena gclár taighde seandálaíochta chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin bhfeiniméan seo. Sa tionscadal taighde seo tomhaisfear solas gréine an gheimhridh agus déanfar monatóireacht ghrinn air agus é ag briseadh isteach sa phasáiste agus sa seomra trí bhosca an dín, chun a fháil amach cén idirghníomhaíocht a tharlaíonn nuair a scalann an ga solais ag éirí na gréine isteach sa seomra de réir mar a théimid i dtreo an Ghrianstad agus ina dhiaidh.
Le linn dó bheith ag trácht ar fhógairt bheoshruthú an Ghrianstad, dúirt Patrick O’Donovan, TD, an tAire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí:
“Tuigim go bhfuil an pobal díomách toisc gur dúnadh an seomra tuama i rith na paindéime, go háirithe ag an am tábhachtach seo den bhliain, ach caithfimid cloí le Treoirlínte an Rialtais maidir le COVID-19 agus a bheith aireach faoi shláinte agus shábháilteacht ár gcuairteoirí an t-am ar fad.
Cé nach féidir dul isteach sa seomra, is iontach an rud é go bhfuil OOP in ann arís i mbliana Éirí Gréine Ghrianstad an Gheimhridh a chraoladh beo ar fud an domhain ar feadh trí lá, rud a chuireann ar ár gcumas teacht le chéile agus breathnú ar an oíche is faide sa bhliain ag imeacht agus fáilte a chur roimh bhliain nua Fhéilire na Gréine. Is ócáid chorraitheach í seo agus muid ag féachaint ar an solas ag leathadh isteach sa tuama pasáiste atá ansin le cúig mhíle bliain agus a bhfuil sé de chumhacht aige ionadh a chur orainn faoi chlisteacht na n-ailtirí ársa maraon le dóchas a thabhairt dúinn faoin todhchaí”.
Is éacht réalteolaíoch suntasach a bhfuil tábhacht domhanda leis é ailíniú gréine an tuama pasáiste ag Sí an Bhrú sa chaoi go bhfuil a aghaidh iompaithe ar éirí na gréine ar lá ghrianstad an gheimhridh. Ba é an tOllamh Michael J. O’Kelly a d’athaimsigh i dtosach é i 1967. Dheimhnigh taighdeoirí eile ó shin léirmhíniú O’Kelly, agus tugadh creidiúnacht agus brí eolaíoch dó. Cuireann anailís ar íomhánna ardtaifigh a rinneadh le linn chlár taighde na bliana seo caite leis an bhfianaise láidir gur d’aon ghnó a cruthaíodh soilsiú gréine an tuama.
Dúirt an tAire Stáit Oidhreachta agus Athchóirithe Toghcháin, Malcolm Noonan TD:
“Rinneadh ceiliúradh ar an grianstad le fada an lá mar am athbhreithe agus athnuachana agus muid ag tnúth le laethanta níos fearr amach romhainn. Tugaim ómós dár gcomhghleacaithe sa tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta agus do OOP as a gcuid oibre chun a chinntiú go gcuirfimid deireadh le bliain eile le léas dóchais. Agus muid ag leanúint lenár dTionscadal Taighde Ghrianstad an Gheimhridh ag Sí an Bhrú, tá sceitimíní orm chun níos mó a fhoghlaim faoin idirghníomhaíocht a tharlaíonn idir éirí na gréine agus an séadchomhartha suntasach seo ar na laethanta is giorra sa bhliain agus faoin gcaoi ar chuir sé ár sinsir faoi gheasa agus faoi dhraíocht breis agus cúig mhíle bliain ó shin.”
Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD:
“Tá ceiliúradh fheiniméan Grianstad an Gheimhridh ag Sí an Bhrú ag leanacht thraidisiún fada inar ceiliúradh deasghnátha ársa agus scileanna innealtóireachta. Is áit iontach é agus tá lúcháir orm go bhfuil an teicneolaíocht curtha i bhfeidhm arís ag OOP agus ag Seirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta de chuid mo Roinne chun a chur ar chumas a lán daoine as gach cearn den domhan é a fheiceáil iad féin."
Moltar don phobal gan taisteal go díreach chuig an láithreán, mar go ndúnfar bóithre timpeall ar Shí an Bhrú féin. Féadfaidh cuairteoirí teacht isteach tríd an Ionad Cuairteoirí sula mbogann siad chuig an Séadchomhartha. Ach, de réir Threoirlínte an Rialtais, ní mór dúinn a mheabhrú do chuairteoirí go bhfuil sé éigeantach clúdaigh aghaidhe a chaitheamh istigh san Ionad agus ar na busanna. Táimid buíoch as comhoibriú an phobail.
Bain taitneamh as an nGrianstad!
-CRÍOCH-
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Is feiniméan réalteolaíoch é Grianstad an Gheimhridh a cheiliúrann an lá is giorra agus an oíche is faide sa bhliain. Sa Leathsféar Thuaidh, tarlaíonn Grianstad an Gheimhridh ar an 21 nó an 22 Nollaig, nuair a scalann an ghrian go díreach os cionn Thrópaic an Ghabhair. Ar feadh 17 nóiméad, ag éirí na gréine ar an lá is giorra sa bhliain, is féidir le solas na gréine scaladh díreach isteach sa séadchomhartha ag Sí an Bhrú, ní tríd an doras, ach tríd an oscailt bheag atá cruthaithe d’aon ghnó os cionn an bhealaigh isteach, ar a dtugtar ‘bosca an dín’,
De réir Threoirlínte athbhreithnithe an Rialtais, tá Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne agus an láithreán ag Séadchomhartha Shí an Bhrú ar oscailt do chuairteoirí faoi láthair – ach níl an tuama pasáiste féin ar oscailt. Ní feidir dul isteach chuig an láithreán ach tríd an Ionad Cuairteoirí, atá ar oscailt go laethúil ó 9rn go 4in. Chun breis eolais a fháil agus áirithintí a dhéanamh ar líne, tabhair cuairt ar heritageireland.ie