Tosaítear an tAcht Fuinnimh (Gnóthachain Amhantair san Earnáil Fuinnimh) (Ranníocaíocht Dlúthpháirtíochta Shealadach), 2023
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Shínigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, ordú chun an tAcht Fuinnimh (Gnóthachain Amhantair san Earnáil Fuinnimh) (Ranníocaíocht Dlúthpháirtíochta Shealadach), 2023, a thosú le héifeacht ón lá inniu, an 2 Lúnasa 2023.
Foráiltear leis an Acht sin do chur chun feidhme na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta sealadaí atá leagtha amach i Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh.
Ceanglaítear ar chuideachtaí a thagann faoi raon feidhme na ranníocaíochta dlúthpháirtíochta sealadaí:
D’ullmhaigh na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis agus treoir maidir leis an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach, atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.
CRÍOCH
Mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin, tá méaduithe suntasacha tagtha ar phraghsanna gáis nádúrtha mórdhíola. Mar thoradh air sin, tá tomhaltóirí ag íoc praghsanna níos airde as gás agus as leictreachas. Chomh maith leis sin, ba as praghsanna arda gáis mórdhíola a tháinig gnóthachain amhantair do roinnt eintiteas san earnáil táirgthe breoslaí iontaise agus san earnáil mínchóireála breoslaí iontaise agus san earnáil leictreachais.
An 22 Samhain 2022, d’fhógair an rialtas bearta chun aghaidh a thabhairt ar ghnóthachain amhantair san earnáil fuinnimh trí Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle a chur chun feidhme. Ba iad na bearta ná an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach ar tháirgeadh agus scagadh breoslaí iontaise agus caidhp ar an ioncam margaidh ar ghineadóirí áirithe leictreachais.
Maidir leis an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach:
Meastar gur sa raon idir €200 milliún agus €450 milliún a bheidh na fáltais a chruinneofar leis an ranníocaíocht dlúthpháirtíochta shealadach. Tá na meastacháin sin rí-íogair fós i leith praghsanna gáis mórdhíola, a ndéanann an aimsir, leibhéil stórála gáis agus forbairtí an chogaidh san Úcráin, mar shampla, difear dóibh.
D’fhorbair an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Scéim Ghinearálta an Bhille Fuinnimh (Gnóthachain Amhantair san Earnáil Fuinnimh), 2023, tar éis di dul i gcomhairle le ranna ábhartha, le gníomhaireachtaí ábhartha agus le geallsealbhóirí ábhartha. Tá sé mar aidhm léi a chinntiú go mbaileofar gnóthachain amhantair, agus an tionchar ar mhargaí fuinnimh, ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh agus ar infheistíochtaí sa todhchaí á íoslaghdú ag an am céanna.
Chuaigh an Scéim Ghinearálta faoi Ghrinnscrúdú Réamhreachtach i mí Aibreáin agus mí na Bealtaine 2023. An 18 Bealtaine 2023, d’fhoilsigh an Comhchoiste um Chomhshaol agus Gníomhú ar son na hAeráide Tuarascáil ar an nGrinnscrúdú Réamhreachtach ar Scéim Ghinearálta an Bhille.
I mí an Mheithimh agus mí Iúil 2023, ritheadh an Bille Fuinnimh (Gnóthachain Amhantair san Earnáil Fuinnimh) (Ranníocaíocht Dlúthpháirtíochta Shealadach), 2023, trí Thithe an Oireachtais agus shínigh an tUachtarán ina dhlí é an 17 Iúil 2023.