An tAire O’Gorman tar éis maoiniú thart ar €67m a fhoilsiú le haghaidh maoinithe don aos óg maidir le bliain 2021
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu tá an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige Roderic O’Gorman TD, tar éis a dheimhniú go bhfuil maoiniú €66.8 milliún curtha ar fáil chun tacú le seirbhísí a sholáthar don aos óg ar fud na tíre. De bharr na hinfheistíochta seo beidh méadú ar an tacaíocht airgeadais a chuirtear ar fáil le haghaidh seirbhísí a sholáthar don aos óg agus do chlubanna óige agus chomh maith leis sin beidh neartú agus forbairt i gceist maidir leis an gclár UBU D’Áit Do Spás (Your Place Your Space), soláthar seirbhíse uilíoch agus eolas don ógra.
Is iad siúd sonraí an mhaoinithe €66.8m seo a leanas:
-Méadú beagnach €1 milliún ar na seirbhísí reatha UBU D’Áit Do Spás.
-Maoiniú breise €1 milliún a sholáthar le haghaidh seirbhísí reatha UBU D’Áit Do Spás a bhunú, faoi láthair tá sé beartaithe sé sheirbhís nua UBU D’Áit Do Spás a chur ar fáil sa chéad leath 2021.
Dúirt an tAire O’Gorman:
“Tá áthas orm an leithdháileadh maoinithe seo le haghaidh seirbhísí don aos óg i 2021 a fhógairt. Is méadú é an suim airgid seo €5m, nó 8%, atá i bhfad níos mó i gcomparáid leis na suimeanna a bhí ceadaithe cheana féin, agus as an méid airgid seo tugann sé deis dúinn cur leis na tionscnaimh agus leis na torthaí a bhí bainte amach ag an earnáil i 2020.
Chuaigh sé go mór i bhfeidhm orm nuair a chonaic mé go háirithe sa bhliain seo caite cé chomh paiseanta agus cé chomh díograiseach is atá na daoine, a oibríonn ar gach leibhéal den earnáil, agus a sholáthraíonn seirbhísí don aos óg, agus ag dul i ngleic leis na dúshláin éagsúla agus muidne i lár paindéime domhanda. Chuaigh sé go mór i bhfeidhm orm nuair a chonaic mé cumas na hearnála úsáid a bhaint as tionscnaimh ar mhaithe leis an aos óg agus tá súil agam gur féidir liom tuilleadh tacaíocht a thabhairt chuige sin sa tréimhse amach romhainn.
Tugaim gealltanas dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh maoinithe don aos óg agus forbairt a dhéanamh ó thaobh polasaithe de le linn na bliana. Beidh an Roinn ag cur tuilleadh seirbhísí don aos óg ar fáil i gcomhar leis an gclár UBU D’Áit Do Spás agus beidh leasú á dhéanamh ag an Roinn ar na hIonaid Eolais don Aos Óg agus ar na Scéimeanna Deontais Sheirbhísí Óige agus beidh comhoibriú agus rannpháirtíocht i gcroílár an phróisis.
Tá an-mheas agam ar an obair d’ard-chaighdeán atá ar siúl ag na heagraíochtaí leis an óige agus feictear athrú suntasach ar shaol na ndaoine óga céanna mar thoradh air sin. Measaim nach bhfuil gá dúinn dul siar chomh fada sa stair le haghaidh cruthanas a fháil go bhfuil an-bhaint ag maoiniú ar shaol na ndaoine óga, bíonn ciall leis ó thaobh eacnamaíocha de, cuireann sé cothromas, ionchuimsiú, agus ionchuimsiú sóisialta chun cinn".
DEIREADH
Achoimre ar an maoiniú do na Boird Oideachais agus Oiliúna
Maoiniú do na Boird Oideachais & Oiliúna Ceadaithe do bhliain 2021 | Scéim Maoinithe Sprioctha Aos Óg/UBU D’Áit Do Spás 2021 | Ionaid Eolais don Óige2021 | Scéim Deontas do Clubanna Óige Áitiúla 2021 | Deontas don Aos Óg Boird Oideachais & Oiliúna 2021 | Maoiniú san iomlán 2021 | |
Cabhán agus Muineachán | €528,949 | €117,355 | €60,830 | €150,620 | €857,754 | |
CDETB/CDYSB | €14,408,267 | €102,167 | €364,870 | €1,033,694 | €15,908,998 | |
Corcaigh | €3,127,281 | €130,355 | €243,398 | €353,561 | €3,854,595 | |
DDLETB | €7,771,104 | €131,308 | €357,541 | €653,331 | €8,913,284 | |
Dún na nGall | €374,367 | €141,433 | €71,583 | €119,605 | €706,988 | |
Gaillimh agus Ros Comáin | €2,009,414 | €52,028 | €145,766 | €265,562 | €2,472,770 | |
Ciarraí | €438,657 | €118,569 | €60,241 | €133,538 | €751,005 | |
Cill Dara agus Cill Mhantáin | €1,685,362 | €104,056 | €169,649 | €216,633 | €2,175,700 | |
Cill Chainnigh agus Ceatharlach | €908,132 | €52,028 | €69,657 | €249,456 | €1,279,273 | |
Laois agus Uíbh Fhailí | €233,653 | €73,991 | €119,609 | €427,253 | ||
Luimneach agus Clár | €2,863,053 | €107,230 | €143,541 | €339,927 | €3,453,751 | |
Longfort agus Iarmhí | €598,705 | €52,028 | €59,171 | €132,035 | €841,939 | |
Lú agus An Mhí | €625,453 | €149,426 | €193,611 | €968,490 | ||
Maigh Eo, Sligeach & Liatrom | €520,975 | €68,594 | €96,915 | €207,527 | €894,011 | |
Tiobraid Árann | €839,885 | €60,847 | €69,903 | €183,735 | €1,154,370 | |
Port Láirge agus Loch Garman | €2,509,881 | €112,875 | €118,182 | €322,574 | €3,063,512 | |
San iomlán | €39,443,138 | €1,350,873 | €2,254,664 | €4,675,018 | €47,723,693 |
Leithdháileadh Scéim Deontas do Sheirbhísí Óige d’Eagraíochtaí Náisiúnta na nÓg le haghaidh bhliain 2021
Eagraíocht | Leithdháileadh 2021 |
Foróige | €3,073,942 |
Obair d'Ógra Éireann | €2,312,713 |
Gasóga na hÉireann | €1,192,727 |
Crosscare | €1,054,728 |
Comhairle Náisiúnta na nÓg | €664,906 |
Macra na Feirme | €508,380 |
Banóglaigh na hÉireann | €438,904 |
Banóglaigh Chaitliceacha na hÉireann | €297,289 |
Involve | €262,915 |
No Name Club Ltd | €224,028 |
Belong To | €218,922 |
Ógras | €213,923 |
An Óige | €207,202 |
Rannóg na hÓige Eaglais na hÉireann | €206,479 |
Young Mens Christian Association | €173,712 |
Localise Youth and Community Service ltd | €147,860 |
Clubanna ECO - UNESCO | €140,504 |
Amharclann na nÓg | €116,914 |
SpunOut | €111,567 |
Feachtas | €102,338 |
Voluntary Services International | €92,617 |
Young Irish Film Makers | €67,112 |
The Boys Brigade | €65,963 |
National Federation of Arch Clubs | €60,003 |
Daltaí Ord Mhálta | €55,579 |
Girls Brigade | €52,221 |
Cailíní Chara-Chumann | €36,383 |
Rannóg na hÓige & Leanaí san Eaglais Mhodhach | €34,169 |
Experiment In International Living | €33,090 |
Junior Chamber Ireland | €19,448 |
SAN IOMLÁN | €12,186,536 |