Nuashonrú maidir le hÍocaíochtaí Ceadaithe d’Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim Covid-19 agus Sochar Breoiteachta Feabhsaithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
An tseachtain seo d’eisigh an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí seachtainiúla luach €16.66 milliún chuig 66,905 duine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime á fáil acu.
Is ionann é seo agus méadú 9,302 i gcomparáid leis an líon daoine a raibh an íocaíocht á fáil acu ar an 21 Nollaig anuraidh.
Tagann na figiúirí seo sa bhreis ar an 164,626 duine a bhí ar an mBeochlár ag deireadh mhí na Samhna.
Bhí gach Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim Covid-19 eisithe i gcuntais bhainc na bhfaighteoirí nó ina nOifig Poist Dé Máirt, an 4 Eanáir 2022.
Is í an earnáil ina raibh an líon is mó daoine ag fáil PUP an tseachtain seo Gníomhaíochtaí Cóiríochta agus Seirbhísí Bia (12,717), agus ina dhiaidh sin ar an liosta bhí Mórdhíol agus Trádáil Mhiondíola (10,832) agus Gníomhaíochtaí Seirbhísí Riaracháin agus Tacaíochta (7,520).
Seachas sin, fuair 14,439 duine Sochar Breoiteachta Feabhsaithe inniu.
An tseachtain seo caite, d’fhógair an tAire Humphreys go raibh an Roinn i ndiaidh cur leis an raon doiciméad is féidir le custaiméirí a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Feabhsaithe.
Chun tairbhe a bhaint as an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe, ag brath ar d’imthosca, glacfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí le:
1. Téacsteachtaireacht ó FSS ag cur in iúl duit gur dlúth-theagmhálaí thú.
2. Téacsteachtaireacht ó FSS ag cur in iúl duit go bhfuil an tástáil PCR a rinne tú dearfach.
3. Teastas ó do dhochtúir ag cur in iúl go bhfuil siomptóim COVID-19 ort agus/nó gur dócha gur foinse ionfhabhtaithe thú.
4. Deimhniú ó FSS go bhfuil tástáil antaigine ordaithe agat.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys inniu:
“Ó tharla dúshláin shuntasacha a bheith á gcruthú ag athraitheach Omicron, ní mór gach céim is gá a dhéanamh chun muid féin agus ár dteaghlaigh a chosaint ó ionfhabhtú.
“Is mian liom a mheabhrú do dhaoine a fhaigheann toradh dearfach tástála nó ag a bhfuil siomptóim, cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí agus féin-aonrú láithreach.
“Mar thoradh ar athruithe a tháinig i bhfeidhm an tseachtain seo caite, tá an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe á chur ar fáil ar bhonn níos solúbtha.
“Mar shampla, is féidir le daoine atá faoi 40 bliain d’aois a dhéanann iarratas ar thástáil antaigine ó FSS é seo a úsáid mar chruthúnas iarratais chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Feabhsaithe le haghaidh na laethanta nach mbíonn siad ag obair.
“I láthair na huaire, tá líon mór iarratas á fháil ag mo Roinn agus tá gach iarracht is féidir á déanamh againn chun iad seo a phróiseáil chomh tapa agus is féidir. Is é an bealach is tapa agus is éasca chun iarratas a dhéanamh ar líne trí www.MyWelfare.ie.”
Ó Dé Máirt, an 7 Nollaig, tá PUP athoscailte le haghaidh oibrithe a raibh tionchar ag na srianta agus bearta is déanaí orthu a raibh sé mar aidhm leo moill a chur ar scaipeadh an Choróinvíris.
Tá cúig ráta sheachtainiúla PUP iníoctha le haghaidh oibrithe a gcailleann a bpost mar thoradh ar na srianta is déanaí ón 7 Nollaig. Braitheann an ráta íocaíochta ar thuilleamh seachtainiúil an duine, eadhon €350, €300, €250, €208 agus €150.
Tá úsáid á baint ag an Roinn Coimirce Sóisialaí as sonraí de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim chun stádas fostaíochta agus tuilleamh a fhíorú le haghaidh gach iarratas.
Ainneoin gur cheart d’iarratasóirí iarratas a dhéanamh ar líne, d’fhéadfaí go gceanglófaí orthu, mar a tharlaíonn i ndáil le híocaíochtaí oibre eile, dul chomh fada le hIonad Intreo chun fianaise maidir lena stádas fostaíochta a sholáthar.
Tá na táblaí is déanaí a bhaineann le PUP agus EIB le fáil sna hAguisíní thíos.