Ceadaíonn an tAire Martin maoiniú €300k do mhúsaeim áitiúla agus réigiúnacha
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., sraith deontais bheaga do mhúsaeim áitiúla agus réigiúnacha timpeall na tíre inniu. Beidh €310,225 ar fáil faoi Scéim Thaispeántais Mhúsaeim Réigiúnacha 2021.
Tá gach ceann de na 32 tionscadal a chuir isteach ar mhaoiniú i mbliana ag baint leas as an maoiniú, Músaem Stair Cheilte Thiobraid Árann san áireamh, a léireoidh Seoda Ceilte an Mhúsaeim mar aon le hEispéireas Shean-Oibreacha Uisce Chorcaí a athchruthóidh léiriú buan ar an gcoire-theach mar a bhíodh sé le linn a shaol oibre c.1863-1940.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
“Tá ríméad orm an tacaíocht seo a chur ar fáil do gach ceann de na forais áitiúla agus réigiúnacha seo agus páirt a ghlacadh i gcruthú taispeántais agus imeachtaí ar líne nua agus bríomhara.
Is acmhainní barrthábhachtacha iad ár gcuid músaeim áitiúla agus réigiúnacha do chultúr agus d’oidhreacht inár gcuid bailte agus sráidbhailte ar fud na tíre. Tá siad ríthábhachtach don phobal agus caithfimid tacú lena ról inár gcultúr oidhreachta.
Bhain forais áitiúla agus réigiúnacha úsáid as maoiniú a cuireadh ar fáil faoin scéim seo le blianta beaga anuas chun a gcuid taispeántais chultúrtha a fheabhsú dá gcuid pobal agus do chuairteoirí.
Is minic a bhíonn buiséad beag ag na haonáin chultúrtha seo. Is acmhainn iontach iad do mhuintir na hÉireann, go mór mór i dtréimhse seo na héiginnteachta. Tá an-áthas orm a bheith in ann tacú le athnuachan agus forbairt na bhforas seo.
Agus iad ag athoscailt agus ag téarnamh, is féidir lenár bhforais chultúrtha a gcuid taispeántas agus léirithe a dhéanamh mar aon le gnéithe nua spéisiúla, gnéithe a dtacaíonn an maoiniú a fhógraítear inniu leo.”
Féach thíos liosta iomlán na dtionscadal rathúil:
Iarratasóir | Contae | Cur síos ar an Tionscadal | Méid maoinithe molta | |
Músaem Luimnigh | Luimneach | Lása Luimnigh Ó Dhearadh go Déanamh | 3,000 | |
LAMN | Muineachán | Láithreán gréasáin chomhchoitinn a fhorbairt chun gníomhaíochtaí líonra ar siúl ar fud na tíre a chur chun cinn | 5,500 | |
Gailearaí de Buitléir | Cill Chainnigh | Bailiúchán Ghailearaí de Buitléir a dhigitiú | 7,600 | |
Iarsmalann Hunt | Luimneach | Taispeántas chun saothar bheirt ealaíontóirí Éireannacha a chomóradh | 15,000 | |
Fondúireacht Ealaíon Bhaile an Ghleanna | Maigh Eo | Taispeántas: A Chladach Thiar Thuaidh | 9,375 | |
The Model | Sligeach | Taispeántas: Jack Butler Yeats; Bailéid an tSáile | 10,500 | |
Músaem Ime Chorcaí | Corcaigh | Taispeántas ildhisciplíneach faoi stair mheánaoiseach na hime, ag obair le déantóirí priontaí agus dealbhóireacht admhadóireachta | 7,500 | |
Músaem Scríbhneoirí Chiarraí | Ciarraí | Taispeántas inmheánach ar líne dar teideal ‘Raising the curtain on Kerry's Amateur Drama Heritage’ | 8,750 | |
Músaem Muireitleán agus Muirí Fhainge | Luimneach | Taispeántas Bhlaiseadh na Staire | 3,600 | |
Músaem Sheoda Phort Láirge | Port Láirge | Taighde | 10,500 | |
The Glucksman | Corcaigh | Láithreán gréasáin Choláiste na hOllscoile Chorcaí a fheabhsú, láithreán gréasáin tiomanta do leabharlann ealaíne agus acmhainní digiteacha nua a chruthú | 15,000 | |
Músaem Beag na hÉireann | Baile Átha Cliath | Taispeántas físeán a chruthú a thugann léargas úr ar bhailiúchán an mhúsaeim | 12,000 | |
Leabharlann de Moiréis | Baile Átha Cliath | Taispeántas: Eilifintí Fiáine Chlós Phádraig | 2,650 | |
Gailearaí Eolaíochta Bhaile Átha Cliath | Baile Átha Cliath | Clár BIAS | 10,500 | |
Iarnród an Cabháin & Liatroma | Liatroim | Iarnród a fheabhsú | 6,000 | |
Músaem Chontae Chiarraí | Ciarraí | Gnéithe nua de sheomra polach Tom Crean | 15,000 | |
Ionad Oidhreacht Bhodhar na hÉireann | Baile Átha Cliath | Roinnt físeáin ghearra a fhorbairt agus a léiriú faoin gcultúr bodhar agus oidhreacht bhodhar | 13,500 | |
Músaem Chontae Cheatharlach | Ceatharlach | Éadach boird 1899 a chaomhnú, a leabú agus a chur i bhfráma | 4,100 | |
Músaem an Chumainn Lúthchleas Gael | Baile Átha Cliath | Píosa a shaindearadh ar bhalla i gcomhair Fhorógra bhunaidh na Poblachta 1916 frámáilte | 3,375 | |
An Músaem Náisiúnta Cló | Baile Átha Cliath | Leabhar a dhéanamh | 15,000 | |
Comharchumann Pharóiste na nAilichí | Corcaigh | An córas clos-amhairc agus an láithreán gréasáin a uasdátú | 11,400 | |
Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann | Ros Comáin | Taispeántas dar teideal ‘Ón nGorta go Saoirse’ (Páirc Bhéal na mBuillí) | 11,150 | |
Ionad Ealaíon Sirius | Corcaigh | Taighde, caomhnú, digitiú, agus léiriú líníochtaí bunaidh ailtireachta 1853 d’fhoirgneamh na heagraíochta | 10,000 | |
Caisleán Bhaile Sheáin | Loch Garman | Taispeántas: An Cogadh Oibre a nDearnadh Dearmad air - Glásáil Amach Loch Garman in 1911 | 10,000 | |
Músaem Chathair na Gaillimhe | Gaillimh | Léiriú mór agus sonraithe de shráidbhaile cáiliúil an Chladaigh | 9,000 | |
Músaem an Chontae, Dún Dealgan | Lú | Taispeántas ‘na gCnoc i bhFad Uainn’ | 12,000 | |
Gailearaí Highlanes | Lú | Taighde fairsing ar shaol agus ar shaothar Nano Reid a fhoilsiú agus a léiriú | 13,500 | |
Teach Fhóite/Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann | Corcaigh | Taispeántas chun an bailiúchán páipéar balla stairiúil sa chartlann i dTeach Fhóite a léiriú faoi rialú Iontaobhais Oidhreachta na hÉireann | 13,200 | |
Músaem Muirí an Phasáiste | Corcaigh | Téipeanna de shaoránaigh an Phasáiste a dhigitiú agus stáisiún éisteachta a chur ar fáil | 775 | |
Músaem Sheoda Ceilte Thiobraid Árann | Tiobraid Árann | Taispeántas: Seoda Ceilte Mhúsaeim Thiobraid Árann | 15,000 | |
Eispéireas Shean-Oibreacha Uisce Chorcaí | Corcaigh | Léiriú buan ar an gcoire-theach a athchruthú mar a bhíodh sé le linn a shaol oibre c.1863-1940 | 15,000 | |
Bailiúchán Jackie Clarke Chomhairle Chontae Mhaigh Eo | Maigh Eo | Baliuchán Chogadh Saoirse Jackie Clarke | 10,750 | |
310,225 |