Guíonn Airí Foley, Madigan agus Byrne gach dea-ghuí ar na hiarrthóirí uile atá ag tosú na scrúduithe stáit inniu
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ghuigh an tAire Oideachais Norma Foley TD, an tAire Stáit d’Oideachas Speisialta agus Cuimsiú Josepha Madigan TD agus an tAire Stáit do Spórt agus Corpoideachas Thomas Byrne TD gach rath agus gach dea-ghuí ar na hiarrthóirí uile ar fud na hÉireann atá ag tosú na scrúduithe stáit inniu, Dé Céadaoin an 7 Meitheamh.
Ó inniu ar aghaidh, déanfaidh líon iomlán 135,033 scoláire in éineacht scrúduithe na hArdteistiméireachta, na hArdteistiméireachta Feidhmí agus na Sraithe Sóisearaí i mbliana i níos mó ná 800 iar-bhunscoil agus ionad ar fud na hÉireann.
Dúirt an tAire Foley:
“Is lá cinniúnach é inniu i saol 135,033 scoláire ar fud na hÉireann atá tar éis buaic a bhaint amach ina gcuid staidéir síos trí chláir na hArdteistiméireachta, na hArdteistiméireachta Feidhmí agus na Sraithe Sóisearaí in iar-bhunscoileanna agus in ionaid eile ar fud na tíre.
“A iarrthóirí ar fad, guím gach rath agus gach dea-ghuí oraibh agus sibh ag tosú bhur scrúduithe. Is deis í seo an obair chrua agus an t-am a chaith sibh le bhur gcuid staidéir agus an réimse leathan eolais a fuair sibh a chur i láthair. Tá sibh tar éis obair a dhéanamh gan stad gan staonadh, fiú i rith na ndúshlán ar leith a tháinig chun cinn i rith thréimhse bhur gcuid staidéir. Tá an obair chrua curtha i gcrích agus rachaidh sí chun sochair daoibh sna laethanta agus seachtainí amach romhainn.
“Beidh suí iarchurtha de scrúduithe na hArdteistiméireachta ar siúl arís i mbliana d’iarrthóirí incháilithe a chailleann na scrúduithe sa phríomhshuí mar thoradh ar thinneas, timpiste nó gortú atá tromchúiseach, nó mar gheall ar bhás duine muinteartha. Eisíodh sonraí iomlána roimh ré chuig na scoileanna agus na hiarrthóirí.”
Dúirt an tAire Madigan:
“A iarrthóirí scrúdaithe uile ar fud na hÉireann, go háirithe iad siúd a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, atá ag tosú na scrúduithe stáit inniu, ba mhaith liom ádh mór a ghuí oraibh ar fad sna laethanta agus sna seachtainí amach romhainn.
“Is deis iad na scrúduithe leis an eolas agus na scileanna atá foghlamtha agaibh i rith thréimhse bhur staidéir a chur i láthair. Ach, is cuma cad a tharlaíonn, beidh go leor conairí éagsúla ar fáil go dtí an ghairm atá roghnaithe agaibh amach anseo.”
Dúirt an tAire Byrne:
“Is mian liom gach ádh a ghuí ar na hiarrthóirí uile atá ag tosú a scrúduithe inniu agus go háirithe, is mian liom gach dea-ghuí a thabhairt do na scoláirí sin a bheidh an scrúdú Corpoideachais á dhéanamh acu. Tá súil agam go mbainfidh sibh tairbhe as na léargais, scileanna agus dea-nósanna sláintiúla a chuireann staidéar an Chorpoideachais ar fáil, san am atá le teacht.
“Ná déan dearmad go bhfuil tacaíocht ar fáil daoibh má cheapann sibh go bhféadfadh sibh tairbhe a bhaint aisti am ar bith i gcaitheamh na laethanta agus na seachtainí amach romhainn. Ná bíodh drogall oraibh labhairt le baill de bhur bpobal scoile, le tuismitheoirí, deartháireacha, deirfiúracha nó cairde, nó le ceann amháin de na heagraíochtaí tacaíochta éagsúla, atá ann chun éisteacht leat agus cuidiú le tacaíocht a thabhairt daoibh i rith an ama seo.”
CRÍOCH