Iarrann an tAire Sláinte, an Príomhoifigeach Leighis agus Cathaoirleach NIAC ar thuismitheoirí a gcuid leanaí a vacsaíniú le haghaidh COVID-19
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan agus Cathaoirleach na Coiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh, an tOllamh Karina Butler ag iarraidh ar thuismitheoirí agus caomhnóirí a gcuid leanaí a thabhairt le haghaidh vacsaín COVID-19.
Tá clár vacsaínithe péidiatraice na hÉireann ar siúl le leanaí idir 5 agus 11 bliana d’aois:
Tá vacsaín COVID-19 á dtairiscint dóibh i suíomhanna ospidéil agus ó Dé Luain ar aghaidh cuireadh an vacsaín ar fáil don ghrúpa seo trí choinne in ionaid vacsaínithe.
Ón Satharn an 8 Eanáir tabharfar príomhdháileog den vacsaín COVID-19 do gach leanbh 5 - 11 bliana d’aois.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Thar thréimhse na Nollag thuairiscigh muid an líon laethúil is airde de chásanna deimhnithe COVID-19. Agus muid ag fanacht go dtiocfaidh níos mó fianaise chun cinn maidir le déine an ionfhabhtaithe leis an leagan Omicron, tá sé tábhachtach go leanfaimid orainn ag tabhairt spreagadh do gach duine atá incháilithe teacht i láthair chun vacsaín a fháil.
Tugann an vacsaíniú leibhéal breise cosanta dúinn uile. Tá sé tábhachtach an vacsaín COVID-19 a phlé le do leanbh. Mar thuismitheoir leanaí san aoisghrúpa seo mé féin, tá a fhios agam go bhfuil go leor ceisteanna ag leanaí faoi COVID-19 agus faoin vacsaín seo, agus tá sé tábhachtach a chinntiú go bhféadfaidh siad rochtain a fháil ar an ábhar faisnéise a chuir FSS ar fáil."
Dúirt an Dr Holohan:
“Cé go bhfuil a fhios againn go mbeidh foirm an-éadrom den ghalar seo ag an gcuid is mó de leanaí san aoisghrúpa 5 - 11, i gcás líon beag, d’fhéadfadh siad a bheith go dona tinn.
“Tá sár-obair á déanamh ag vacsaíní chun breoiteacht agus galar trom a chosc orthu siúd atá vacsaínithe go hiomlán. Is dea-scéal é seo. Is cinneadh idir tú féin agus do leanbh an vacsaín a fháil do do leanbh. Molaim do gach tuismitheoir agus caomhnóir dul i dteagmháil leis an gcomhairle sláinte iontaofa atá ar fáil ar láithreán gréasáin FSS, agus le do dhochtúir teaghlaigh féin má tá aon imní ort faoi do leanbh a thabhairt le haghaidh vacsaíne."
Dúirt an tOllamh Butler:
“Agus vacsaíniú á mholadh do gach leanbh 5 go 11 bliana d’aois, bhreithnigh NIAC na rioscaí agus na tairbhí féideartha a bhaineann le vacsaíniú, lena n-áirítear na héifeachtaí díreacha agus indíreacha ar shláinte agus folláine san aoisghrúpa seo.
“Is follas na buntáistí féideartha a bhaineann le vacsaíniú do leanaí a bhfuil bunghalair orthu, agus dá bhrí sin, mhol an NIAC go dtabharfaí tosaíocht don ghrúpa seo le haghaidh vacsaínithe.
“Mar dhochtúir péidiatraice, tá a fhios agam go mbeidh imní agus ceisteanna dáiríre ag go leor tuismitheoirí agus caomhnóirí faoi vacsaíniú COVID-19 dá gcuid leanaí. Mar sin féin, nuair dhéantar an fhianaise atá ar fáil a bhaineann leis an riosca a chruthaíonn COVID-19 do roinnt leanaí, chomh maith leis an tionchar diúltach suntasach ar shaol gach duine acu, go háirithe saol oideachasúil agus sóisialta ár leanaí a bhreithniú, is mó na tairbhí a bhaineann leis an vacsaíniú ná na rioscaí. Molaim do gach tuismitheoir agus caomhnóir a gcuid leanaí a spreagadh chun a vacsaín COVID-19 a fháil a luaithe a bheidh sé ar fáil dóibh."