Ceannacháin mhóra nua fógartha ag IMMA agus Gailearaí Ealaíne Crawford
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Catherine Martin go bhfaighfear níos mó ná 100 saothar nua-ealaíne don Bhailiúchán Náisiúnta. Thacaigh leithdháileadh de €1.5m ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar Áras Nua-Ealaíne na hÉireann agus ar an Ghailearaí Crawford leis seo. Ba é cuspóir an bhronnta seo ná freagra a thabhairt ar bhearnaí suntasacha i mBailiúcháin na bhForas Cultúrtha Náisiúnta. Cinnteofar leis an mhéid a chuirfear leis an Bhailiúchán Náisiúnta go ndéanann sé ionadaíocht níos fearr ar phobail éagsúla na hÉireann comhaimseartha.
I measc na saothar nua tá péinteáil, dealbhóireacht, grianghrafadóireacht, suiteáil, saothar ar pháipéar, saothair meán digiteach agus teicstílí, le healaíontóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta araon. Cinntítear leis na ceannacháin seo, a chuimsíonn ceisteanna práinneacha cosúil le hathrú aeráide, éagsúlacht agus imirce domhanda, go ndéantar ionadaíocht sa Bhailiúchán Náisiúnta ar ealaíontóirí ceannródaíocha a raibh in easnamh roimhe. Cuireann an infheistiú seo leis an chiste €1m a cuireadh ar fáil do Ghailearaí Ealaíne Crawford agus don IMMA in 2020 le haghaidh ceannacháin saothar ealaíne chun tacú le healaíontóirí Éireannacha i rith na paindéime COVID-19.
Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
“Tá sé riachtanach go labhraíonn ár mBailiúchán Náisiúnta le lucht féachana Éireannach faoi na ceisteanna atá tábhachtach inniu. Freastalaítear leis an infheistíocht shuntasach seo in IMMA agus an Crawford ar an ghá sin agus neartaítear bailiúcháin an dá institiúide sin. Is ábhar dóchais é na glúnta ealaíontóirí a fheiceáil a bhfuil áit acu sa Bhailiúchán ar deireadh agus castacht agus éagsúlacht ár dtíre a fheiceáil sna saothair iontacha seo.
Dúirt Stiúrtheoir Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, Annie Fletcher:
“Ní féidir gannmheas a dhéanamh ar thionchar an mhaoinithe cheannacháin seo. Mar gheall ar an mhaoiniú seo tá dúthracht dhaingean Áras Nua-Ealaíne na hÉireann athspreagtha agus dírithe arís ar bhailiúchán bríomhar inaimsithe uaillmhianach den scoth a thógáil ar son na hÉireann. Aithníonn muid agus tá muid an-bhuíoch as tiomantas an Aire Martin do na healaíona agus as tacaíocht a Roinne ó thaobh na haidhmeanna straitéiseacha seo a chomhlíonadh lenár gcomhghleacaithe dile i nGailearaí Ealaíne Crawford. Freastalaíonn an infheistíocht mhaoinithe thábhachtach seo lenár n-uaillmhian agus ár dtiomantas chun suíomh suntasach agus acmhainn saothar ealaíne Éireannach agus idirnáisiúnta a dhéanamh de IMMA do phobal na hÉireann anois agus amach anseo.
Dúirt Stiúrthóir Ghailearaí Ealaíne Crawford, Mary McCarthy:
“Tá muid an-bhuíoch as tacaíocht an Aire agus a Roinne ar Ghailearaí Ealaíne Crawford agus muid ag leathnú ár mBailiúcháin ag an am tábhachtach seo. Tá anam curtha ag na saothair inár mBailiúchán agus cinnteoidh siad go leanfar ar aghaidh leis na comhráite atá ag tarlú tríd na saothair ealaíne trasna na gcéadta bliain. Tugann sé tacaíocht d’ealaíontóirí agus do ghailearaithe, a bhfuil géarghá léi, agus tugann sé deis don phobal na saothair seo a fheiceáil i gcomhthéacs níos leithne an Bhailiúcháin Náisiúnta. Is comhoibriú suntasach é an comhoibriú le IMMA agus coinneoidh muid ag gabháil leis amach anseo.”
Nótaí chuig an Eagarthóir:
Sa chiste a fógraíodh in 2022 cuireadh €850,000 ar fáil do IMMA agus €650,000 ar fáil do Ghailearaí Ealaíne Crawford le haghaidh ceannacháin saothar ealaíne comhaimseartha. Ceapadh an ciste seo chun é a chur ar chumas an dá institiúide sin aghaidh a thabhairt ar bhearnaí a bhí fós ann i mbailiúcháin ealaíne chomhaimseartha an Bhailiúcháin Náisiúnta. Ar an bhonn seo:
- Tá 24 shaothar ó 17 ealaíontóir ceannaithe ag IMMA.
- Tá 80 saothar ealaíne ó 40 ealaíontóir ceannaithe ag an Ghailearaí Ealaíne Crawford
- Ba Éireannaigh iad 48 de na 57 ealaíontóir.
- Bhí 38 ealaíontóir a d’aithnigh iad féin mar mhná, 16 mar fhir agus 3 mar dhaoine neamh-dhénártha.
Fuair an Gailearaí Ealaíne Crawford saothair:
- a thaispeánann sampla ionadaíoch d’ealaíontóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta.
- a léiríonn dearcaidh agus féiniúlachtaí éagsúla na hÉireann comhaimseartha
- a forbraíonn a Bhailiúchán de saothair stairiúla ó na 1800í ar aghaidh.
Cheannaigh Áras Nua-Ealaíne na hÉireann saothair:
- Ó phobail agus áiteanna domhanda a bhfuil comhbhá ag lucht féachana Éireannach leo.
- Ón 20ú hAois agus an 21ú hAois a phléann cleachtas nua-ealaíne comhaimseartha Éireannach agus idirnáisiúnta. D’fhéadfadh cartlanna agus cartlanna digiteacha na n-ealaíontóir a bheith san áireamh leis seo.
- A sheasann taobh amuigh d’éifeachtaí an mhargaidh, saothair a léiríonn nua-startha agus startha dearmadta san áireamh.
- A thugann aghaidh ar éagsúlacht agus iolracht agus a théann i ngleic le mórcheisteanna ár linne cosúil le hathrú aeráide agus soghluaisteacht dhomhanda.
- A dhéanann forbairt ar IMMA mar cheannródaí i mbailiúchán agus caomhnú saothar taibhealaíne.
- A dhéanann níos mó forbartha ar Bhailiúchán IMMA mar acmhainn idirnáisiúnta i bhforbairt agus caomhnú meán nua, ealaíne meán digitghinte agus ambhunaithe go ginearálta, chomh maith le teicneolaíochtaí nua.
Athfhorbairt Chaipitil ag Gailearaí Ealaíne Crawford
Tá mórthionscadal caipitil ag dul ar aghaidh i nGailearaí Ealaíne Crawford, le tacaíocht ón Roinn. Leis an athfhorbairt uaillmhianach seo, déanfar leathnú agus nuachóiriú ar an Ghailearaí, agus cuirfear láithreacha taispeántais nua, gailearaí poiblí nua agus áis Foghlama agus Fiosraithe ar fáil chun lucht féachana nua a spreagadh. Thug Comhairle Cathrach Chorcaí cead pleanála don tionscadal ar Márta 15ú. Fanfaidh an gailearaí ar oscailt le haghaidh cuairteoirí go dtí an fómhar in 2024, nuair a thosóidh an athfhorbairt ar an láthair.
Forbairtí Bhailiúchán IMMA
I mbliana cuirfear saothair ó Bhailiúchán IMMA ar taispeáint ar fud na tíre i raon áiteanna cosúil le Gailearaí Ealaíne Crawford, Gailearaí de Buitléir, Comhairle Contae Loch Garman, Féile Ealaíon an Chlocháin, Musaem Uladh agus ag EVA, Luimneach.
In 2024, cuirfidh IMMA taispeántas trí bliana i láthair ón Bhailiúchán. Leanfaidh an taispeántas nua roinnt bonn taighde; san áireamh leo seo beidh nóisean ‘an Fhillte’, ina gceanglaítear ceannacháin nua le nó lena ndéanann ceannacháin nua athshamhlú ar shaothair níos luaithe i gcomhthéacsanna nua – beidh saothair ealaíne le feiceáil ann ar nós saothar de chuid Joan Jonas a bhfuil cáil dhomhanda air, Woman in the Well, 1996-2002; Exile is a Hard Job le Nil Yalter, 1977-2015; Revolt they said le Andrea Geyer, 2012; Stallion le Daphne Wright, 2009; agus Unseen le Willie Doherty, 2020.
Tá forbairt déanta ar Pholasaí Ceannachán Bailiúchán mar pháirt de Phlean Straitéiseach an Mhúsaeim, 2023-2027.