Labhraíonn an Taoiseach leis an Uachtarán Juncker agus leis an Uachtarán Tusk
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Eisithe ag Preasoifig an Rialtais
Labhair an Taoiseach le hUachtarán Choimisiún na hEorpa, Jean-Claude Juncker, agus le hUachtarán Chomhairle na hEorpa, Donald Tusk i gcaitheamh an tráthnóna.
Rinneadh na glaonna i ndiaidh chruinniú an Taoisigh le Príomh-Aire na Sualainne, Stefan Löfven, i Stócólm inniu.
I rith na nglaonna, dúirt an Taoiseach go bhfáiltíonn sé roimh an bhforbairt go bhfuil tograí molta ag Príomh-Aire na Breataine a bheidh mar bhonn le tuilleadh plé, ach go mbaineann deacrachtaí suntasacha le tograí na Ríochta Aontaithe go fóill, go háirithe chomh fada is a bhaineann le custaim, agus le toiliú agus daonlathas sa tuaisceart.
Chuir an Taoiseach in iúl don bheirt Uachtarán go bhfuil Éire tiomanta do mhargadh aonair agus aontas custam an AE a chosaint, mar aon le comhaontú Aoine an Chéasta a chosaint agus teorainn chrua a sheachaint.
Níl mórán ama fágtha, agus gheall gach duine teagmháil a dhéanamh lena chéile go leanúnach, go díreach agus trína bhfoirne.