Foilsiú Thuarascáil DAFM Staitisticí Foraoise - Éire 2019 fógartha ag Doyle
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle TD, inniu go bhfuil Tuarascáil bhliantúil na Roinne maidir le Staitisticí Foraoise do bhliain 2019 foilsithe. Ullmhaíonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an Tuarascáil seo gach bliain.
Dúirt an tAire agus é ag seoladh na tuarascála:
"Is cnuasach staitisticí maidir leis an eastáit foraoise agus tionscal na foraoiseachta in Éirinn atá i 'Staitisticí Foraoise - Éire 2019'. Is cnuasach críochnúil atá inti d'fhaisnéis atá cothrom le dáta ar fhoraoiseacht in Éirinn agus is é an doiciméad tagartha is fearr d'aon duine a bhfuil suim aige/aici san ábhar. Tá roinnt nithe suntasacha sa tuarascáil i mbliana lena n-áirítear an sciar foraoisithe leathanduilleach a bheith ag 27% in 2018, atá méadaithe ón bhfigiúr 21% don bhliain roimhe sin. Is mar gheall ar na bearta a thugamar isteach san Athbhreithniú meántéarma ar an gClár Náisiúnta Foraoiseachta anuraidh é seo.”
Ar na deich staitisticí barrthábhachtacha ó Staitisticí Foraoise - Éire 2019:
Dúirt an tAire Stáit Doyle freisin:
"Tá feidhmeanna éagsúla ag an bhfaisnéis atá sa tuarascáil bhliantúil seo do lucht déanta beartas, NGOnna, Grúpaí Pobail agus tionscal araon. Léirítear tiomantas an Rialtais d'fhoraoiseacht trí infheistíocht €95 milliún a rinneadh i ngníomhaíochtaí foraoise in 2018 lena n-áirítear deontais foraoisithe, deontais chothabhála, íocaíochtaí préimhe bliantúla agus deontais chun bonneagar bóithre foraoise a leagan. Beidh go leor buntáistí mar thoradh air seo lena n-áirítear buntáistí don gheilleagar tuaithe, ach níos tábhachtaí i bhfad fós is ea na buntáistí a bheidh ann i leith iarrachtaí na tíre seo dul i ngleic le hathrú aeráide ós rud é go bhfuil ról tábhachtach ag foraoisí maidir le carbón a cheapadh.”
CRÍOCH
Is féidir teacht ar an Tuarascáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag: www.agriculture.gov.ie/forestservice/forestservicegeneralinformation/foreststatisticsandmapping/annualforestsectorstatistics.