Tuarascáil ón Athbhreithniú ar Luasteorainneacha foilsithe ag an Rialtas
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fógartha ag an Aire Iompair Eamon Ryan TD agus ag an Aire Stáit Jack Chambers TD go bhfuil an tuarascáil deiridh ón Athbhreithniú ar Luasteorainneacha a cuireadh i gcrích le gairid le foilsiú.
Píosa suntasach oibre atá san Athbhreithniú ar Luasteorainneacha arb é is aidhm leis dul i ngleic leis an deighilt agus an neamhréireacht atá le feiceáil sna luasteorainneacha ar bhóithre ar fud na tíre. An toradh a bheidh ar luasteorainneacha comhsheasmhacha cuí a chur i bhfeidhm i ngach áit ar an ngréasán bóithre, mar a éilítear sa tuarascáil deiridh, ná go mbeidh na bóithre níos sábháilte.
Tá moltaí éagsúla san Athbhreithniú ar Luasteorainneacha, ar gníomh ardtionchair é sin, sa Straitéis Sábháilteachta ar na Bóithre ón Rialtas, 2021-2030. Seo cuid de na moltaí sin:
Bheifí in ann bóithre artaireacha agus slite gathacha thart ar áiteanna uirbeacha a choinneáil ar 50km/u. Ní mholtar san athbhreithniú aon athruithe a dhéanamh ar na luasteorainneacha réamhshocraithe ar mhótarbhealaí, ar phríomhbhóithre náisiúnta ná ar bhóithre réigiúnacha. Tá spás curtha san áireamh sa chreat le haghaidh athruithe áirithe in airde i gcás go measfar go bhfuil bóthar sábháilte agus ar ardchaighdeán nuair a dhéanfaidh údaráis áitiúla measúnú air.
Tá athrú as cuimse tagtha ar an tsábháilteacht ar bhóithre in Éirinn le blianta beaga anuas. Tháinig titim ó 472 duine go 137 duine ar an líon básanna bliantúla ar na bóithre idir 1997 agus 2021. Baineadh an laghdú sin amach in ainneoin gur tháinig méadú suntasach ar an líon feithiclí a bhí ar bhóithre na tíre le linn na tréimhse céanna.
I ndiaidh na mblianta fada inar baineadh laghdú amach ar an líon daoine a fhaigheann bás ar na bóithre, áfach, tá méadú millteanach tagtha ar an líon daoine sin ar na mallaibh. Go dtí seo i mbliana, tá 130 duine i ndiaidh bás a fháil ar na bóithre in Éirinn, sin méadú 25 i gcomparáid leis an am céanna anuraidh. Tragóid atá i ngach aon bhás do theaghlach, cairde agus pobal an té a chailltear.
Tá cruthaithe go bunúsach go dtagann laghdú suntasach ar an mbaol go mbeidh bás nó gortú tromchúiseach ann in imbhuailtí ar bhóithre má dhéantar an luas a laghdú. Tá meastachán déanta ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhféadfaí laghdú 30% a bhaint amach ar an líon imbhuailtí marfacha atá ann dá mbeadh laghdú 5% ann ar an meánluas. Anuas air sin, léiríonn an fhianaise go marófar 50% de choisithe a mbuailfidh feithicil ag taisteal ar 60km/u iad i gcomparáid le 29% de choisithe a mbuailfidh feithicil ag taisteal ar 50km/u iad agus 5% de choisithe a mbuailfidh feithicil ag taisteal ar 30km/u iad.
Seo mar a labhair an tAire Ryan inniu:
“Tá an tuarascáil seo á foilsiú ag am cinniúnach, tráth a bhfuil méadú ar an líon daoine atá ag fáil bháis ar bhóithre in Éirinn ar leibhéal nach féidir glacadh leis, go háirithe i ndiaidh tréimhse mhillteanach agus barraíocht daoine óga agus teaghlach i ndiaidh a saol a chailleadh i ndiaidh dóibh imeacht ar a n-aistear ag súil le turas slán go ceann scríbe. Tá an bhuairt agus an t-uaigneas le brath ar fud na tíre. Caithfimid rud éigin a dhéanamh le go mbeidh bóithre na tíre níos sábháilte agus níos intuartha ag gach duine a úsáideann iad. Thugamar gealltanas i gClár an Rialtais athbhreithniú a dhéanamh ar luasteorainneacha agus, nuair is cuí, iad a laghdú chun dul i ngleic le cúrsaí sábháilteachta ar bhóithre agus chun comhlíonadh níos fearr a chinntiú. Má chuirtear na moltaí sa tuarascáil seo i bhfeidhm fágfaidh sé sin go mbeidh bóithre in Éirinn níos sábháilte ag gach duine a úsáideann iad.”
Seo an méid a dúirt an tAire Chambers:
“Cúis imní dúinn ar fad atá san ardú suntasach ar an líon daoine atá ag fáil bháis ar na bóithre i mbliana. Níl aon amhras ann ach go bhfuil an tiomáint ar róluas ag cur go suntasach le neart imbhuailtí. Má chuirtear i bhfeidhm na moltaí ón Athbhreithniú ar Luasteorainneacha beifear in ann glacadh le cur chuige comhsheasmhach i leith luasteorainneacha a shocrú ar fud na tíre. Beidh na moltaí sa tuarascáil seo mar chabhair dúinn an sprioc sa Straitéis Sábháilteachta ar na Bóithre ón Rialtas, 2021-2030, a bhaint amach le líon na mbásanna agus gortuithe tromchúiseacha a laghdú faoina leath faoi 2030 agus le dul chun cinn a dhéanamh i dtreo Fís Nialais.” Is gá na bearta seo a chur i bhfeidhm mar pháirt de thionscnaimh éagsúla leis an tsábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú go mór. Bhí cruinniú agam leis an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee le gníomh forfheidhmiúcháin ar na bóithre a phlé. Táimid chun deireadh a chur leis an neamhréir i gcóras na bpointí pionóis, mar aon leis an gconradh GoSafe a fhorbairt. Táim ag obair chomh maith leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre ionas go mbeimid ag díriú ar na daoine cuí inár bhfeachtais chumarsáide.”
Beidh reachtaíocht phríomha ag teastáil má táthar chun athruithe a dhéanamh ar na luasteorainneacha socraithe agus meastar go bhféadfaí an reachtaíocht éigeantach a rith i Ráithe 1 in 2024. Déanfar na treoirlínte reachtúla a thabhairt chun dáta ionas go mbeifear in ann tús a chur leis na moltaí ón Athbhreithniú le linn 2024