Déanann an tAire Sláinte comhghairdeas le Emer Cooke as a hainmniúchán mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin nua ar an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne an tAire Sláinte Simon Harris TD comhghairdeas inniu le Emer Cooke as a bheith ainmnithe mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin nua ar an nGníomhaireachta Leigheasra Eorpach.
D'ainmnigh Bord Bainistíochta an EMA Ms Cooke ag seisiún fíorúil urghnách inniu agus roghnaíodh í ó ghearrliosta iarrthóirí a chruthaigh an Coimisiún Eorpach.
Faoi láthair tá Ms Cooke, náisiúnach de chuid na hÉireann, ina Stiúrthóir ar an Roinn Rialála agus Réamhcháilíochta san Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) sa Ghinéiv, post atá aici ó mhí na Samhna 2016.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Harris:
“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Emer as a hainmniúchán. Is éacht dochreidte é seo.
“Tá sé cruthaithe ag Emer go bhfuil sí ina ceannaire ina réimse agus tá áthas orainn go bhfuil sí ainmnithe chun an ról seo a ghlacadh ag am chomh tábhachtach do chúram sláinte agus don EMA i bhfianaise na paindéime Covid-19.
“Tá an Roinn Sláinte ag tnúth le bheith ag obair go dlúth léi sna míonna agus sna blianta amach romhainn."
Tá 30 bliain taithí ag Ms Cooke i ngnóthaí rialála idirnáisiúnta, agus tá 18 bliain caite aici i róil cheannaireachta. D'oibrigh sí d'aonad cógaisíochta an Choimisiúin Eorpaigh ó 1998 go 2002 agus ag EMA idir 2002 agus 2016, áit a raibh poist éagsúla aici lena n-áirítear Ceann Cigireachtaí agus Ceann Gnóthaí Idirnáisiúnta.
Tá céim sa chógaisíocht ag Ms Cooke ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath in Éirinn. Tá céimeanna breise Máistreachta aici san Eolaíocht agus i Riarachán Gnó, ó Choláiste na Tríonóide freisin.