Fógraíonn an tAire McGrath athrú sealadach ar an gcóras Sochair Comhchineáil d’fheithiclí sa Bhille Airgeadais (Bearta Costas Maireachtála), 2023
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cheadaigh an rialtas foilsiú an Bhille Airgeadais, 2023, inniu (Dé Máirt an 7 Márta). Leis an mBille, tabharfar éifeacht reachtach do na bearta cánachais a d’fhógair an rialtas le déanaí chun cabhrú le teaghlaigh agus gnólachtaí déileáil le hardphraghsanna fuinnimh agus le dúshláin costas maireachtála. D’fhógair Michael McGrath, an tAire Airgeadais, athrú sealadach ar an gcóras Sochair Comhchineáil d’fheithiclí freisin. Foilseofar an Bille sna laethanta atá romhainn.
Cé go bhfuil an t-aistriú chuig córas Sochair Comhchineáil atá bunaithe ar astaíochtaí CO2 agus lena ndreasaítear úsáid Feithiclí Leictreacha agus carranna astaíochtaí ísle ina ghné thábhachtach dár spriocanna aeráide a chomhlíonadh, chonaic líon suntasach fostaithe a bhfuil a bhfeithiclí sa ghnáthraon astaíochtaí méaduithe móra ina ndliteanais chánach ioncaim i dtús na bliana 2023.
Chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin, fuair an tAire Airgeadais comhaontú óna chomhghleacaithe rialtais chun faoiseamh €10,000 a thabhairt isteach lena chur i bhfeidhm ar Mhargadhluach Bunaidh na gcarranna i gCatagóir A-D chun an méid Sochair Comhchineáil is iníoctha a laghdú (níl feidhm ag an bhfaoiseamh sin maidir le carranna i gCatagóir E).
Sa chleachtas, fágann sé sin go bhféadfaidh fostóirí an Margadhluach Bunaidh a laghdú faoi €10,000 agus an dliteanas Sochair Comhchineáil á ríomh acu. Caithfear le gach veain agus gach feithicil leictreach ar an mbealach céanna. I gcás feithiclí leictreacha, beidh an asbhaint Margadhluach Bunaidh €10,000 sa bhreis ar an bhfaoiseamh €35,000 atá ar fáil d’fheithiclí leictreacha cheana féin. Fágann sé sin go mbeidh an faoiseamh iomlán don bhliain 2023 cothrom le €45,000.
Leasaíodh an uasteorainn sa bhanda míleáiste is airde trí laghdú 4,000 km a dhéanamh. Mar sin, is ag 48,001 km a rachfar isteach sa bhanda míleáiste is airde anois (féach an tábla).
Cuirfear na bearta sealadacha sin i bhfeidhm go cúlghabhálach ón 1 Eanáir 2023 agus coinneofar i bhfeidhm iad go dtí an 31 Nollaig 2023. Tá sé beartaithe na bearta a thabhairt isteach ag Céim Coiste an Bhille Airgeadais, 2023.
Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe den rialtas, dúirt Michael McGrath, an tAire Airgeadais.
“Tá an rialtas fós tiomanta don réasúnaíocht comhshaoil atá taobh thiar den chóras reatha astaíochtaí-bhunaithe Sochair Comhchineáil d’fheithiclí, rud atá i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2023. Sa chomhthéacs boilscitheach reatha, áfach, aithnímid an crua a chuirfear ar roinnt daoine mar thoradh ar na méaduithe Sochair Comhchineáil faoin gcóras nua. Chuige sin, déanfaidh an rialtas athruithe sealadacha ar an gcóras Sochair Comhchineáil don bhliain reatha, ar athruithe iad lena gcabhrófar le roinnt de na méaduithe a bhaineann leis an ríomhaireacht nua astaíochtaí-bhunaithe a mhaolú.”
An Bille Airgeadais, 2023
Leis an mBille Airgeadais, 2023, tabharfar éifeacht reachtach do na bearta cánachais a d’fhógair an rialtas an 21 Feabhra chun cabhrú le teaghlaigh agus gnólachtaí déileáil le hardphraghsanna fuinnimh agus le dúshláin costas maireachtála. Nuair a bheidh sé achtaithe, tabharfar leis an mBille éifeacht dhlíthiúil iomlán do na Rúin Airgeadais a rith Dáil Éireann an 22 Feabhra.
Táthar ag súil leis go bhfoilseofar an Bille níos déanaí an tseachtain seo, agus foráiltear leis do na nithe seo a leanas:
Dúirt an tAire McGrath:
“Is ionann foilsiú an Bhille seo níos déanaí an tseachtain seo agus céim thábhachtach i dtreo chur chun feidhme na n-athruithe a fógraíodh le déanaí chun tacaí breise a sholáthar do theaghlaigh agus gnólachtaí in Éirinn. Leis an mBille, tabharfar éifeacht reachtach iomlán do na bearta dá bhforáiltear le Rúin Airgeadais cheana féin, agus táim ag tnúth le hé a thabhairt trí Thithe an Oireachtais.”
Leis an Acht Airgeadais, 2019, tugadh córas nua Sochair Comhchineáil atá bunaithe ar astaíochtaí CO2 isteach do charranna arna soláthar ag fostóirí. Tá feidhm ag an gcóras sin ón 1 Eanáir 2023. Cinntear an méid is inchánach mar Shochar Comhchineáil bunaithe ar Mhargadhluach Bunaidh an chairr, ar na ciliméadair ghnó a thiomáintear gach bliain agus ar bhandaí atá bunaithe ar astaíochtaí CO2.
Míleáiste Gnó | Catagóirí Feithiclí | |||||
Lower limit (1) | Upper limit (2) | A (3) | B (4) | C (5) | D (6) | E (7) |
Kilometres | Kilometres | Per cent | Per cent | Per cent | Per cent | Per cent |
- | 26,000 | 22.5 | 26.25 | 30 | 33.75 | 37.5 |
26,001 | 39,000 | 18 | 21 | 24 | 27 | 30 |
39,001 | 48,000 | 13.5 | 15.75 | 18 | 20.25 | 22.5 |
48,001 | - | 9 | 10.5 | 12 | 13.5 | 15 |
Rátaí Cánach Ola Mianra
Maidir leis na Cánacha Ola Mianra a bhfuil feidhm acu maidir le breosla le haghaidh gluaisteán, bhí na laghduithe seo a leanas sa phraghas in aghaidh an lítir, CBL san áireamh, le dul in éag an 28 Feabhra: 21 cent i leith peitril; 16 cent i leith díosail; agus 5.4 cent i leith Ola Gháis Mharcáilte. Le Rún Airgeadais, fadaíodh na laghduithe sin go dtí an 31 Bealtaine 2023 agus foráladh do na rátaí iomlána a aisiriú ar bhonn incriminteach faoin 31 Deireadh Fómhair 2023 mar a leanas:
Tabharfar leis an mBille éifeacht dhlíthiúil iomlán don Rún sin.
An Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnólachtaí
Maidir leis an Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnólachtaí, rinne an tAire, le hOrdú, an scéim a fhadú go dtí an 30 Aibreán 2023 agus rinne sé an teorainn mhíosúil ar chabhair faoin scéim a mhéadú go €15,000 in aghaidh an ghnólachta cháilithigh i ndáil le ceird nó gairm ón 1 Márta, faoi réir uasteorainn fhoriomlán €45,000 i gcásanna ina seoltar gnó ó níos mó ná láthair amháin.
Foráiltear leis an mBille do na hathruithe breise seo a leanas:
Tá na hathruithe sin faoi réir ceadú Státchabhrach a fháil.