Fógraíonn an tAire O'Gorman Scéim Maoinithe Caipitil TFC Chomhairle na nÓg
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá áthas ar an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O'Gorman TD, Scéim Maoinithe Caipitil TFC Chomhairle na nÓg €90,000 a fhógairt, a bheidh oscailte d’iarratais ó gach Údarás Áitiúil chun tacú le hobair Chomhairle na nÓg.
Le linn COVID-19, bhí Comhairle na nÓg athléimneach agus nuálach ag cinntiú go gcloisfí guth daoine óga i gcinnteoireacht ag leibhéal áitiúil agus náisiúnta, ag bogadh go samhail soláthair seirbhíse ar líne nó cumaiscthe.
Dúirt an tAire O'Gorman:
“Anois níos mó ná riamh, ní mór do lucht déanta cinntí a chinntiú go gcloisimid a bhfuil le rá ag daoine óga agus muid ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn. Tá sé ríthábhachtach go gcuirfimid na huirlisí riachtanacha ar fáil dóibh ionas gur féidir leo a dtuairimí a chur in iúl”.
Dúirt an tAire chomh maith go bhfuil áthas air a bheith in ann an tacaíocht seo a sholáthar d’obair Chomhairle na nÓg trí chlár Maoinithe Caipitil a Roinne.
In 2019 ghlac beagnach 4,000 duine óg páirt in obair Chomahirle na nÓg ar fud na tíre. Cuideoidh Scéim Maoinithe Caipitil TFC Chomhairle na nÓg le hÚdaráis Áitiúla ina n-iarrachtaí a chinntiú gur féidir leis an líon uasta daoine óga leanúint ar aghaidh ag glacadh páirte in obair Chomhairle na nÓg agus gur féidir le daoine óga nua a bhí eisiata roimhe seo a bheith páirteach.
Tá Scéim Maoinithe Caipitil TFC Chomhairle na nÓg ann le haghaidh Crua-earraí TFC chun tacú le forbairt agus cur i bhfeidhm rannpháirtíochta cumasaithe teicneolaíochta, de réir threoirlínte an rialtais. Meastar go gcuirfear deontais thart ar €1,000 - €3,000 ar fáil faoin scéim seo. Féadfar deontais suas le €10,000 a mheas ar bhonn eisceachtúil. Braithfidh méid an deontais a bhronntar ar chineál an togra agus an éilimh ar an scéim.
CRÍOCH
Is comhairlí óige áitiúla (12-18 mbliana d’aois) iad Comhairle na nÓg a thugann guth do dhaoine óga maidir le beartais agus seirbhísí áitiúla a fhorbairt. Is iad seo an struchtúr náisiúnta aitheanta le haghaidh rannpháirtíochta leanaí agus daoine óga i gcinnteoireacht i ngach ceann de na 31 údarás áitiúil. Faigheann siad tacaíocht ó Chiste Forbartha Chomhairle na nÓg na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (DCEDIY) agus ó Oifigigh Rannpháirtíochta DCEDIY.