Fógraíonn an tAire Foley agus an tAire Harris Comhairliúchán Poiblí Comhpháirteach ar Straitéis Náisiúnta ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe go 2030
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar Lá an Domhain inniu (an 22 Aibreán 2021), rinne an tAire Oideachais Norma Foley TD, agus an tAire Breisoideachas agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta Simon Harris TD, comhairliúchán poiblí comhpháirteach a sheoladh ar an dara Straitéis Náisiúnta ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe go 2030 atá á cur le chéile ag an dá roinn.
Tá Lá an Domhain ina imeacht idirnáisiúnta a cheiliúrtar ar fud an domhain chun tacaíocht a chur in iúl do chosaint an chomhshaoil. Is é ‘gníomhú ar son na haeráide’ an téama do Lá an Domhain i mbliana.
Dúirt an tAire Foley:
“Ceann de na príomhaidhmeanna i gClár an Rialtais is ea na spriocanna a leag na Náisiúin Aontaithe amach don bhliain 2030 sna Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a ghnóthú.
“Leis an dara Straitéis uainn ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe, cuirfear lena bhfuil bainte amach againn go dtí seo. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh eolas agus scileanna ábhartha ag ár scoláirí ag gach leibhéal chun iad a chumasú gníomhú ar son todhchaí inbhuanaithe agus go dtuigfeadh siad an ról atá acu mar shaoránaigh dhomhanda.
“Is réimse é sin a gcreideann cuid mhór dár scoláirí agus dár n-oidí go láidir ann, agus samhlaím go mbainfidh an comhairliúchán seo tairbhe mhór as rannpháirtíocht ó scoláirí de gach aois, ó oidí agus ó gach duine ar spéis leo an t-ábhar seo chun cabhrú leis an straitéis nua a mhúnlú”.
Dúirt an tAire Harris:
“Chonaiceamar go soiléir le cúpla mí anuas cé chomh hidircheangailte agus atáimid mar phobal domhanda agus an gá atá ann go n-oibreoimis go léir le chéile chun dul i ngleic le roinnt de phríomhdhúshláin ár linne, idir an t-athrú aeráide, an bhochtaineacht agus an neamh-chomhionannas. Creidim go bhfuil oideachas agus taighde ina mbunghnéithe den obair sin, agus is gá dúinn a bhreithniú cad ba cheart dúinn a fhoghlaim, agus conas ba cheart dúinn foghlaim, chun todhchaí inbhuanaithe a chruthú do chách”.
“Tá ról tábhachtach ag mo Roinn ag dul i ngleic le h-athrú aeráide, agus córais dírithe againn ar thraenáil agus tacaíocht a chur ar fáil do lucht oibre ó thaobh scileanna i módhanna agus teicneolaíochtaí inbhuanaithe, chomh maith le maoiniú agus maoirseacht a dhéanamh ar chóras ardoicheachais le hollscoileanna rangaithe i measc chinnirí domhanda maidir le h-inbhuanaitheacht. Tógfaidh muid ar na deá-thorthaí seo, ag dul chun cinn, ach níor mhór dúinn cloisteáil uaibhse agus muid ag tabhairt faoi.”
Beidh an Straitéis Náisiúnta ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe go 2030 ailínithe le Creat UNESCO um Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe go 2030. Leis an Straitéis uainn, tacófar le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 4.7 a bhaint amach agus aithneofar oideachas mar chumasóir tábhachtach do gach ceann de na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe.
Leis an straitéis, cuirfear le héachtaí na chéad Straitéise Náisiúnta ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe 2014-2020 trí leanúint le comhtháthú an oideachais don fhorbairt inbhuanaithe a neartú ag gach leibhéal den oideachas foirmiúil trí chur chuige uile-institiúide a ghlacadh. Méadófar leis an straitéis freisin na deiseanna a gheobhaidh foghlaimeoirí chun gabháil don oideachas don fhorbairt inbhuanaithe, mar phróiseas foghlama ar feadh an tsaoil, in earnálacha oideachais neamhfhoirmeálta agus neamhfhoirmiúil, agus rannpháirtíocht daoine óga agus pobal áitiúil á méadú ag an am céanna.
• I gCéim 1 den chomhairliúchán poiblí, tabharfar cuireadh don phobal i gcoitinne agus do na príomh-gheallsealbhóirí eile páirt a ghlacadh i suirbhé ar líne agus/nó aighneacht níos mionsonraithe i scríbhinn a dhéanamh chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt na straitéise.
• I gCéim 2, rachfar i mbun comhairliúchán spriocdhírithe leis na príomh-gheallsealbhóirí. Seolfar an chéim sin go luath san Fhómhar.
• Tá páipéar comhairliúcháin atá ceaptha chun tuilleadh faisnéise agus treorach a thabhairt do rannpháirtithe agus iad ag tabhairt freagra ar an gcomhairliúchán poiblí ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Oideachais agus ar shuíomh Gréasáin na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta araon.
Mhol an bheirt Airí don phobal i gcoitinne páirt a ghlacadh sa phróiseas agus smaointe a thabhairt ar na nithe eile is féidir, agus ba cheart, a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh Éire Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 4.7 maidir le hOideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe.
Is é an dáta deiridh a ghlacfar le suirbhéanna comhlánaithe agus/nó aighneachtaí i scríbhinn ón bPobal i gCoitinne agus ó na príomh-gheallsealbhóirí eile ná Dé Céadaoin an 30 Meitheamh 2021.
Ag na naisc seo a leanas, is féidir faisnéis mhionsonraithe a fháil faoin dóigh ar féidir leis an bpobal i gcoitinne páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí: https://www.gov.ie/en/consultation/8bce5-joint-public-consultation-on-a-national-strategy-on-education-for-sustainable-development-esd-to-2030
Trí Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe, cumhachtaítear daoine chun athrú a dhéanamh ar an dóigh a smaoiníonn siad faoi thodhchaí inbhuanaithe agus ar an dóigh a n-oibríonn siad i dtreo todhchaí inbhuanaithe a bhaint amach, chun an tsochaí a bhunathrú chun feabhais trí oideachas a athdhíriú agus chun cabhrú le daoine forbairt a dhéanamh ar an eolas, na scileanna, na luachanna agus na hiompraíochtaí a theastaíonn don fhorbairt inbhuanaithe. (UNESCO: https://en.unesco.org/themes/education-sustainable-development).
Déanfar Creat UNESCO um Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe go 2030 a sheoladh go hoifigiúil ag Comhdháil Dhomhanda UNESCO um Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe i mBeirlín an 17-19 Bealtaine 2021. Leis an gCreat um Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe go 2030, cuirtear leis an gClár Gníomhaíochta Domhanda (2015-2019) a raibh mar aidhm leis oideachas agus foghlaim a athdhíriú agus a neartú chun rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí uile lena gcuirtear forbairt inbhuanaithe chun cinn. Leagtar leis an gCreat díriú níos láidre ar an rannchuidiú lárnach a dhéanann oideachas leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach. Leis an gCreat um Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe go 2030, rannchuidítear go díreach le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 4 a mhéid a bhaineann le hoideachas cuimsitheach ardchaighdeáin, go háirithe Sprioc 4.7, agus le gach Sprioc Forbartha Inbhuanaithe eile. Is é an aidhm atá leis oideachas ábhartha a sholáthar, ar oideachas é dá bhfuil freagracht as an todhchaí ina gné lárnach. Is féidir tuilleadh mionsonraí a fháil ag: https://unesdoc.unesco.org/ark:/48223/pf0000374802
An Straitéis Náisiúnta ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe 2014-2020
In athbhreithniú eatramhach a rinneadh ar an Straitéis Náisiúnta sa bhliain 2018, leagadh amach an dul chun cinn suntasach a rinneadh ar oideachas don fhorbairt inbhuanaithe agus prionsabail na forbartha inbhuanaithe a chomhtháthú isteach i ngach leibhéal den chóras oideachais. Mar chuid den obair sin, comhtháthaíodh oideachas don fhorbairt inbhuanaithe isteach sa churaclam ar fad, idir leibhéal na luath-óige agus leibhéal na hiar-bhunscoile, i gcúrsaí nua agus cúrsaí atá ann cheana i mbreisoideachas agus ardoideachas agus oiliúint, i bpróisis mheasúnaithe, i gcigireachtaí scoile agus in oideachas múinteoirí. Díríodh air i dtaighde ardoideachais freisin.