Ceilúrann Oifig na nOibreacha Poiblí Seachtain Náisiúnta Oidhreachta 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá mórtas ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) an gaol idir oidhreacht agus oideachas a cheiliúradh le linn na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta 15 - 23 Lúnasa.
Agus an samhradh ag druidim chun deiridh, spreagann OPW an pobal chun aithne a chur ar an réimse éagsúil láithreacha oidhreachta atá ar an tairseach againn. Is é téama na bliana seo ‘Oidhreacht agus Oideachas: Ag Foghlaim ón Oidhreacht againne.’ Tá raidhse imeachtaí ar líne agus roinnt imeachtaí ag Láithreacha Oidhreachta OPW. Cuidíonn an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta linn aithne a chur ar ár n-oidhreacht ón ré atá caite agus smaointe um thodhchaí inbhuanaithe a aimsiú.
Ag cur fáilte dó roimh chlár na seachtaine, dúirt Patrick O’Donovan, T.D., Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí
"I mbliana táimid ag féachaint ar Láithreacha Oidhreachta OPW trí churaclam na scoile. Tá an-spéis agam san oideachas agus na láithreacha oidhreachta a fhorbairt mar áiteanna foghlama agus spraoi. Tá deiseanna gan teorainn chun é seo a dhéanamh; cheana féin tá na táillí iontrála ag láithreacha áirithe OPW curtha ar ceal mar chuid de phlean spreagtha an Rialtais. Tá clár iontach imeachtaí ar líne curtha le chéile ag foireann OPW; tá flúirse imeachtaí do chách idir óg is aosta – mar shampla, scéalta á ríomhadh, comhairle faoi bhord féile a leagadh, arán a dhéanamh agus foráiste. Tá súil againn go mbainfear foghlaim agus spraoi araon as na hacmhainní seo."
Beidh cuid mhór de na himeachtaí seo ar fáil ar líne ag www.heritageweek.ie nó ar ardáin mheáin shóisialta OPW agus Oidhreacht Éireann. Ar na himeachtaí ar líne tá taispeántas ‘Six Thousand Years of Learning’; cur i láthair ’A Glimpse into the Past’ ón Teachín Eilvéiseach (Tiobraid Árann); agus turas treoraithe fíorúil ag Mainistir Shligigh, ag díriú ar chonas luibhghort meánaoiseach a phlandáil, a chothú agus a úsáid.
Maidir leis an réimse imeachtaí a bheidh ar siúl ar fud na tíre sa tSeachtain Naisiúnta Oidhreachta 2020, dúirt Maurice Buckley, Cathaoirleach OPW
"In ainneoin na ndúshlán atá romhainn i mbliana is mian linn tacú le teaghlaigh agus le daoine óga taitneamh a bhaint as imeachtaí agus dúshláin nua a mhairfidh le linn a saol. Tá teagmháil ábhartha riachtanach um fhorbairt leanbh; is deis í seo chun daoine óga a chur ag obair lena lámha – ag déanamh aráin, ag déanamh ceoil, i mbun ealaíona nó saothair cloiche. Tá acmhainní iontacha ar líne curtha ar fáil ag láithreacha OPW ar fud na tíre mar chabhair do chách san eachtra seo. Tá súil againn go dtiocfaidh tú linn ar an aistear seo agus go mbeidh cuimhní iontacha agat ón tréimhse seo – scéal nua a chloisteáil, eolas a chur ar shéadchomhartha luachmhar, scil nua a fhoghlaim nó turas a thabhairt don chéad uair ar cheann de na láithreacha iontacha atá ag OPW ar fud na tíre."
Cuireann OPW printíseachtaí ar fáil chun oiliúint agus scileanna luachmhara a chur ar dhaoine óga um na láithreacha ícónacha atá againn a chaomhnú; orthusan tá gearradh cloiche, saoirseacht cloiche agus siúinéireacht. Léiríonn an taispeántas ar líne ‘Lorg an Síséil – The Mark of the Chisel’ clár printíseachta OPW; tá sé ar fáil ag www.opw.ie , agus is sampla é de na tionscadail scileanna agus foghlama atá ar fáil ar ardáin digiteacha OPW.
Anseo thíos tá cuid de na himeachtaí ag Láithreacha Oidhreachta OPW le linn na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta:
Dóibh siúd atá ag cuartú láithreacha Oidhreachta OPW le linn na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta tá táillí iontrála chuig láithreacha áirithe Oidhreachta OPW curtha ar ceal. Is beart é seo mar chuid de Phlean Spreagtha Iúil an Rialtais chun turasóireacht áitiúil a spreagadh agus tacú leis an earnáil turasóireachta.
Tá liosta iomlán de na láithreacha OPW agus an réimse táillí ar fáil ag www.heritageireland.ie maraon le breis eolais maidir le gach suíomh ar leith – uaireanta oscailte, coinníollacha áirithinte agus sonraí teagmhála. Moltar do chuairteoirí fiosrú a dhéanamh leis na suíomhanna oidhreachta roimh thaisteal dóibh, óir tá srianta COVID-19 i bhfeidhm i gcónaí i gcuid mhór suíomhanna.
CRÍOCH
Um breis eolais déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Beidh grianghrafanna na hócáide ar fáil dá éis ó Naoise Culhane Photography ar naoise@naoiseculhane.com nó déan teagmháil le Barry Nangle, OPW ar 087 147 0617
Tá na hurlabhróirí seo a leanas ar fáil chun eolas a thabhairt maidir leis na himeachtaí mar chuid den Seachtain Náisiúnta Oidhreachta atá ar siúl ag na láithreacha sin:
Is cuid de Laethanta Oidhreachta Eorpacha (European Heritage Days) í an Seachtain Náisiúnta Oidhreachta – comhthionscnamh ag Comhairle na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach, agus na himeachtaí cultúrtha is leithne atá á gceiliúradh ag saoránaigh na hEorpa i dteannta a chéile. Toisc gur imeachtaí uile-Eorpacha iad seo cuidíonn siad um shaoránaigh a thabhairt le chéile chun an gné Eorpach a léiriú maraon le luach na hoidhreachta cultúrtha ins an 50 stát a shínigh an Coinbhinsiún Cultúrtha Eorpach - (European Cultural Convention). Eagraítear breis agus 70,000 ócáid gach bliain chun feasacht a ardú um chomhoidhreacht na hEorpa agus an gá atá ann i gcónaí an chomhoidhreacht sin a chosaint, maraon le comheispéiris oidhreachta cultúrtha a chruthú, cuimsitheacht a spreagadh agus cruthaíocht agus samhlaíocht a chothú.