Faigheann An tAire Sláinte €20 milliún breise i maoiniú do sheirbhísí ailse i mBuiséad 2022 - Déardaoin 28 Deireadh Fómhair 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair An tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD maoiniú forbartha nua breise de €20 milliún do sheirbhísí ailse i mBuiséad 2022.
Tá forbairt leanúnach na seirbhísí ailse in Éirinn faoi threoir na Straitéise Náisiúnta Ailse 2017-2026. Is é atá i gcur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Ailse 2017-2026 ná tiomantas do Chlár Rialtais agus tá sé mar chuid den chlár Sláintecare.
Dúirt An tAire Donnelly:
“Fuair mé maoiniú de €20 milliún i 2021 chun cur i bhfeidhm leanúnach na Straitéise Náisiúnta Ailse a éascú. D’éascaigh an maoiniú sin, a bhí ar an infheistíocht bhliantúil is mó i seirbhísí sláinte ó seoladh an Straitéis, raon tionscnamh lena n-áirítear cumas diagnóiseach méadaitheach, feabhsuithe suntasacha i seirbhísí oinceolaíochta radaíochta agus conairí cóireála agus tacaíochtaí feabhsaithe d’othair tar éis a bpríomhthréimhse ar chóireáil. Tá móiminteam inbhraite ó na feabhsuithe i mbliana agus tá an-áthas orm cur leis seo le hinfheistíocht de €20 milliún eile i 2022.”
Dúirt An tOllamh Risteárd Ó Laoide, Stiúrthóir an Chláir Náisiúnta um Rialú Ailse:
“Cuirim fáilte choíúil roimh an infheistíocht seo i gcúram ailse. Tacóidh an maoiniú a sholáthrófar le seirbhísí díreacha othar a sholáthar le linn na conaire ailse ar fad, ó chosc agus aimsiú luath, go diagnóis agus cóireáil, agus beidh torthaí níos fearr ann d’othair.
Úsáidfear maoiniú i 2022 chun:
Dúirt An tAire Donnelly:
“Tá tionchar díreach ag an infheistíocht bhreise i seirbhísí ailse i 2021 agus 2022 ar othair agus cuirfidh sí fís na Straitéise Náisiúnta Ailse chun cinn go mór - chun ailse a chosc agus oibriú chun eispéiris agus torthaí cóireála, sláinte agus folláine na ndaoine atá ag maireachtáil le hailse agus lasmuigh di a fheabhsú.”