Molann an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí freagairt ilghníomhaireachta ar thuarascáil an AE ar thionchar drugaí ar phobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mhol an tAire Stáit um Shláinte Phoiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Frithdhrugaí, Frank Feighan TD, freagairt ilghníomhaireachta ar thorthaí suirbhé Eorpach ar thionchar drugaí ar phobail. Arna fhoilsiú ag an gCoimisiún Eorpach, déanann an suirbhé measúnú ar thionchar drugaí ar phobail san AE (Impact of drugs on communities - February 2022 - - Eurobarometer survey (europa.eu)
Cuireadh breis agus 25,000 rannpháirtí 15 bliana d’aois agus níos sine faoi agallamh ar fud 27 Ballstát an Aontais Eorpaigh idir Meitheamh agus Iúil 2021. Tá tuairisc ar leith ar Éirinn sa suirbhé.
Dúirt an tAire Feighan:
“Léiríonn an suirbhé an éifeacht uafásach atá ag úsáid drugaí agus mangaireacht drugaí ar phobail ar fud na hEorpa agus in Éirinn. Tuairiscíonn níos mó ná leath de na freagróirí as Éirinn gur fadhb shuntasach í úsáid agus mangaireacht drugaí ina gceantar áitiúil agus go bhfuil sé lárnach maidir lena gcáilíocht beatha a laghdú. Tugaim ar aird go mbraitheann céatadán ard nasc láidir idir úsáid drugaí agus bochtaineacht nó dífhostaíocht ina bpobal (55%), agus idir úsáid drugaí agus coimhlint agus foréigean sa phobal (54%). Is cúis imní ar leith dom an líon ard (42%) a thuairiscigh imeaglú ó mhangairí drugaí nó ó dhaoine a úsáideann drugaí, mar go bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith aige seo dóibh siúd atá buailte.”
Dúirt an tAire Feighan:
“Tá freagraí cuimsitheacha agus ilearnála ag teastáil ag an leibhéal Eorpach, náisiúnta agus pobail ar fhadhbanna casta a bhaineann le drugaí. Tá tús áite tugtha agam do ghníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar chinntithigh shóisialta agus ar iarmhairtí a bhaineann le húsáid drugaí agus na coiriúlachta i bpobail faoi mhíbhuntáiste, faoin straitéis náisiúnta drugaí do 2021-2025. Éilíonn sé seo rannpháirtíocht agus comhoibriú raon ranna agus gníomhaireachtaí rialtais, lena n-áirítear tascfhórsaí drugaí agus alcóil, chun dul i ngleic le bunchúiseanna úsáid drugaí agus alcóil. Níl sé inghlactha go gcuireann an foréigean agus an imeaglú a bhaineann le grúpaí coiriúla isteach ar shaol na dteaghlach agus na bpobal."
Dúirt an tAire Feighan
“D’fhógair mé le déanaí leithdháileadh €2m do Chiste Feabhsaithe Seirbhísí Pobail chun seirbhísí drugaí agus alcóil pobalbhunaithe a sholáthar. Tá €850,000 curtha ar fáil agam freisin do thionscnamh arna stiúradh ag FSS chun díobhálacha sláinte a bhaineann le húsáid cócaoin agus ‘cnagchócaoin’ a laghdú. Maoineoidh sé seo idirghabhálacha spriocdhírithe i bpobail faoi mhíbhuntáiste is mó a mbíonn tionchar ag cócaon agus ag ‘cnagchócaon’ orthu.
CRÍOCH
[external-link An 14 Eanáir: Fógraíonn an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí €850,000 do thionscnamh faoi cheannas FSS chun na dochair a bhaineann leis an tsláinte ó chócaon agus ‘cnagchócaon’ a laghdú. | An 14 Eanáir: Fógraíonn an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí €850,000 do thionscnamh faoi cheannas FSS chun na dochair a bhaineann leis an tsláinte ó chócaon agus ‘cnagchócaon’ a laghdú. ]