Fógraíonn an tAire Humphreys maoiniú le haghaidh dhá thionscadal sa bhreis chun tacaíocht a thabhairt do Chúramóirí Teaghlaigh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d'fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, maoiniú le haghaidh dhá thionscadal sa bhreis faoi thionscnamh chun tacú le deiseanna fostaíochta Cúramóirí Teaghlaigh agus iad a chur chun cinn.
Gheobhaidh Seirbhís Tacaíochta Pobail Fhionnghlaise agus Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe maoiniú ar fiú beagnach €77,000 ar fad é mar chuid den tionscnamh.
Díreoidh na tionscadail seo ar na héilimh atá ar chúramóirí óga agus iad ag iarraidh freastal ar a ngealltanais foghlama agus cúraim teaghlaigh araon.
Cuirfidh na tionscadail tacaíochtaí praiticiúla ar fáil atá ag teastáil ó chúramóirí chun filleadh ar ais ar an obair agus ar an oideachas. Anuas air sin, cuirfidh siad comhbhéim ar an gcaoi a théitear i ngleic le folláine mhothúchánach, fhisiciúil agus meabhairshláinte na gcúramóirí lena mbaineann.
Cuireann fógra an lae inniu leis an maoiniú €700,000 a d'fhógair an tAire Humphreys i Mí na Nollag agus ciallaíonn sé go bhfaighidh seacht dtionscadal ar an iomlán tacaíocht airgeadais chun na céadta CúramóirTeaghlaigh a chumasú timpeall na tíre.
Agus í ag fógairt an dá thionscadal rathúil sa bhreis inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Mar Aire Coimirce Sóisialaí, ba phríomhthosaíocht domsa i gcónaí tacú lenár gcúramóirí teaghlaigh, ach go háirithe lenár gcúramóirí óga”.
“An Nollaig seo caite, tar éis phróisis measúnaithe a d'eagraigh Pobal, bhí an-ríméad orm maoiniú ar fiú beagnach €700,000 a fhógairt chun leas a dhéanamh do chúig thionscadal. Is cúis áthais dom a rá anois go mbeidh dhá thionscadal eile ag tosú imeachtaí mar chuid den tionscnamh seo”.
“Tá na tionscadail seo deartha chun ár gCúramóirí Teaghlaigh a chumasú agus chun tacaíochtaí praiticiúla a chur ar fáil atá riachtanach do chúramóirí chun filleadh ar an obair agus ar oideachas.”
Cuirfear i gcrích leis an dá thionscadal seo, réimse gníomhaíochtaí, lena n-áirítear, forbairt scileanna gairme trí dheiseanna socrúcháin, ullmhúchán CV, ceardlanna TF agus gairmthreoir.
Beidh na seacht dtionscadal rathúil faoin tionscnamh seo ar siúl go dtí Mí an Mheithimh 2024. Tá an beart á bhainistiú ag Pobal thar ceann na Roinne Coimirce Sóisialaí.
Tuilleadh eolais
Is eagraíocht idirghabhálaithe neamhbhrábúis é Pobal a bhainistíonn cláir mhaoinithe éagsúla thar ceann Rialtas na hÉireann agus an AE.
Soláthraíonn na hAchtanna um Chuntais Dhíomhaoine 2001-2012, mar aon leis An tAcht um Polasaithe Árachais Saoil Neamhéilithe 2003, creat do riaradh cuntas neamhéilithe in institiúidí creidmheasa (i.e. bainc, cumainn foirgníochta agus An Post) agus polasaithe árachais saoil neamhéilithe i ngnóthais árachais.
Is é príomhchuspóir na reachtaíochta sealbhóirí cuntas nó sealbhóirí polasaí a athcheangal lena gcistí in institiúidí creidmheasa nó gnóthais árachais agus i ndáil leis sin, ceanglaítear ar na comhlachtaí sin bearta a ghlacadh chun úinéirí cuntas díomhaoin agus polasaithe árachais saoil neamhéilithe a shainaithint agus teagmháil a dhéanamh leo.
Chun na cistí neamhúsáidte i gcuntais dhíomhaoine agus polasaithe neamhéilithe a úsáid chun an úsáid is fearr a bhaint as, tugadh isteach leis an reachtaíocht freisin scéim chun cistí a eisíoc nach dócha go n-aisghabhfar iad ó chuntais dhíomhaoine agus ó bheartais neamhéilithe chun críocha bearta chun cabhrú le: