Fógraíonn an tAire Sláinte nuashonrú ar liosta na Stát ainmnithe - 11 Meán Fómhair 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, go bhfuil stát amháin bainte aige de liosta na Stát Ainmnithe don Choraintín Óstáin Éigeantaigh.
Is é Eacuadór an tír a baineadh den liosta. Beidh éifeacht ag an athrú ó inniu.
Má tá tú ag taisteal go hÉirinn, ní mór duit Foirm Aimsitheora Paisinéara a chomhlánú roimh duit taisteal.
Ní mór duit freisin cruthúnas vacsaínithe bailí a bheith agat nó cruthúnas go bhfuil téarnamh déan agat, nó toradh diúltach ar thástáil RT-PCR a chur i láthair, a rinneadh laistigh de 72 uair sular tháinig tú isteach sa tír. Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.gov.ie/travel.
DEIREADH
Má tá cruthúnas vacsaínithe bailí agat, beidh ort:
Ionad go mbeidh tú vacsaínithe go hiomlán, ní mór duit fanacht go dtí go bhfuil an méid ama ceart curtha isteach agat tar éis na dáileoga deireanaí den vacsaín a bheith faighte agat, vacsaín atá ceadaithe ag an GLE.
Leagtar amach sa tábla cad a chiallaíonn sé bheith vacssaínithe go hiomlán.
Cúrsa iomlán d’aon cheann de na vacsaínithe a leanas: | Meastar go bhfuiltear vascaínithe go hiomlán tar éis: |
2 dháileog den Vacsaín Pfizer-BioNtech: BNT162b2 (Comirnaty®) | 7 lá |
2 dháileog den Vacsaín Moderna: CX-024414 (Moderna®) | 14 lá |
2 dháileog den Vacsaín Oxford-AstraZeneca: ChAdOx1-SARS-COV-2 (Vaxzevria® nó Covishield) | 15 lá |
Dáileog amháin den Vacsaín ohnson & Johnson/Janssen: Ad26.COV2-S [recombinant] (Janssen®) | 14 lá |
Má tá cruthúnas bailaí agat go bhfuil téarnamh déanta agat ó COVID-19, mar shampla, teastas téarnaimh nó toradh tástála RT-PCR atá dearfach a rinneadh a rinneadh ar a laghad 11 lá roimh duit teacht isteach sa tír agus gan a bheith níos mó ná 180 lá, beidh ort:
Mura bhfuil cruthúnas vacsaínithe nó cruthúnas bailí go bhfuil téarnamh déanta agat, beidh ort:
Ba chóir na rialacha eile go léir a bhaineann leis an taisteal a leanúint, ar nós an Fhoirm Aimsitheora Paisinéara a chomhlánú roimh ré, féinchoraintín/coraintín sa bhaile a dhéanamh i gcúinsí áirithe srl. Ní ghlactar le tástálacha antaigine chun teacht isteach in Éirinn.