Fógraíonn an tAire Martin pacáiste tacaíochtaí €50m don Earnáil Léirithe Beo
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu (8 Nollaig), d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD maoiniú breise €50m chun tacú leis an Earnáil Léirithe Beo. Tacaíonn na siranta seo le léirithe beo i bhfianaise tabhairt isteach srianta nua orthu. I measc na dtacaíochtaí a fógraíodh inniu don earnáil tá:
Tá an tAire ag smaoineamh faoi conas tuilleadh tacaíochtaí a sholáthar don earnáil imeachtaí níos leithne. I mí Eanáir fógrófar síneadh breise ar an Scéim Chúnaimh do Ghnólachtaí Ceoil agus Siamsaíochta a thacaíonn le gnóthais in earnáil an cheoil. Chuir an scéim seo tacaíocht deontais ar fáil do ghnólachtaí chun costais a chlúdach suas go dtí deireadh mhí na Nollag.
Dúirt an tAire Martin:
“Chuir na srianta nua seo ualach ar an earnáil siamsaíochta beo. Nílimid san áit a theastaigh uainn a bheith agus tá meath tagtha ar chúrsaí eipidéimeolaíocha. Caithfimid iarracht a dhéanamh sóisialú a laghdú chun cásanna COVID-19 a bhainistiú sna seachtainí atá romhainn. Tá a fhios agam go bhfuil an lucht féachana fós ag lorg eispéiris léirithe beo tar éis d’ionaid a bheith dúnta ar feadh tréimhse fada agus níor mhaith liom stáitsí a fhágáil sa dorchadas sna seachtainí atá romhainn. Tabharfaidh an tríú snáithe den Scéim chun Tacú le Taibhiú Beo solúbthacht d’ionaid cinneadh a dhéanamh an rachaidh siad ar aghaidh lena n-imeachtaí nó an ndéanfaidh siad imeachtaí a athsceidealú agus ealaíontóirí agus criú a choinneáil fostaithe."
Cuirfear tuilleadh sonraí faoi na scéimeanna go léir ar fáil go luath, lena n-áirítear treoirlínte agus eolas faoin bpróiseas iarratais, ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Dúirt an tAire, chomh maith:
“Tuigim a thábhachtaí agus atá na geamaireachtaí agus na seónna séasuracha amharclannaíocht cheoil seo do na gnóthais a chuireann iad ar stáitse. Ba mhaith liom go leanfadh an oiread agus is féidir de na léiriúcháin seo ar aghaidh, fiú le 50% den ghnáth-lucht féachana. Bíonn teaghlaigh agus leanaí ar fud na tíre ag tnúth leo seo gach bliain agus i mbliana tá sé níos tábhachtaí ná riamh go mbeidh siad ar siúl. Táim tiomanta do thacaíocht a thabhairt don earnáil léirithe beo agus chlub oíche agus iad ag dul trí chéim dhúshlánach oibríochtaí gnó nach bhfacthas riamh cheana. Tá a fhios agam go dtógann sé go leor seachtainí agus míonna seónna agus turais phleanáil. Tá an-áthas orm na scéimeanna seo a fhógairt a bhfuil sé mar aidhm acu a bheith chomh solúbtha agus freagrach agus is féidir."