Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Tionóltar an chéad chruinniú de chuid an tSainghrúpa Chomhairligh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tionóladh an chéad chruinniú de chuid an tSainghrúpa Chomhairligh um Choróinvíreas san Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte i mBaile Átha Cliath 1 inniu.
Tá an Sainghrúpa ina fhoghrúpa de chuid na Foirne Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí, a bhíonn ag teacht le chéile go rialta chun freagairt don Choróinvíreas nua (2019-nCoV).
Tá an Sainghrúpa Comhairleach faoi chathaoirleacht ag an Dr Cillian de Gascun, Stiúrthóir Saotharlainne ag an tSeirbhís Tagartha Náisiúnta maidir le Víris, agus is grúpa ildisciplíneach é a chuimsíonn saineolaithe ó gach speisialtacht ábhartha.
Ag labhairt dó faoi bhunú an tSainghrúpa Chomhairligh, dúirt an Dr Tony Holohan,
Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
“Déanfaidh an Sainghrúpa Comhairleach faireachán agus athbhreithniú ar thaighde agus forbairtí náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaineann le Coróinvíreas (2019-nCoV) agus tabharfaidh sé sainchomhairle don Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí, d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus do dhaoine eile, de réir mar is cuí.
“Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil an Grúpa comhdhéanta de shaineolaithe ó na disciplíní uile, agus iad ag cur a saineolais ilghnéithigh le hullmhacht leanúnach na hÉireann.”
Dúirt an Dr Cillian de Gascun, Cathaoirleach ar an Sainghrúpa Comhairleach:
“Imreoidh an Sainghrúpa Comhairleach ról tábhachtach in athbhreithniú a dhéanamh ar an gcomhairle agus an treoir reatha maidir leis an ullmhacht agus an fhreagairt do 2019-nCoV, sainaithneoidh sé bearnaí agus tabharfaidh sé sainchomhairle shoiléir fhianaisebhunaithe don Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí maidir le saincheisteanna ullmhachta agus freagartha.”
CRÍOCH
Ní raibh aon chásanna deimhnithe Coróinvíris ann in Éirinn go dtí seo.
Tá Éire in áit mhaith chun aon chás a d’fhéadfadh teacht chun cinn anseo i leith an Choróinvíris nua (2019-nCoV) a bhrath agus chun freagairt d’aon chás den sórt sin.
Cuirtear an fhaisnéis is déanaí faoin gCoróinvíreas nua (2019-nCoV) le suíomh Gréasáin an Ionaid Faireachais um Chosaint Sláinte gach lá ag 1.00pm.
Déan Iarrataí ar Agallaimh chuig press_office@health.gov.ie
Comhaltaí den Sainghrúpa Comhairleach
An Dr Cillian de Gascun | Cathaoirleach, Stiúrthóir ag an tSeirbhís Tagartha Náisiúnta maidir le Víris, Víreolaí Comhairleach |
An Dr Ronan Glynn | Leas-Phríomhoifigeach Míochaine, an Roinn Sláinte |
An Dr Vida Hamilton | Comhairleoir Cliniciúil Náisiúnta agus Treoraí Grúpa d’Ospidéil Ghéarmhíochaine, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte |
An Dr Joanne O’Gorman | Micribhitheolaí Comhairleach |
An Dr Colman O’Loughlin | Lia Comhairleach i Leigheas Dianchúraim |
An Dr Gerard O’Connor | Lia Comhairleach i Leigheas Éigeandála |
An Dr Aurelie Fabre | Paiteolaí Comhairleach |
An Dr David Hanlon | Comhairleoir Cliniciúil Náisiúnta agus Treoraí Grúpa do Chúram Príomhúil, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte |
An Dr Derval Igoe | Lia Comhairleach i Leigheas Sláinte Poiblí, an tSeirbhís Tagartha Náisiúnta maidir le Víris/an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte |
An Dr John Cuddihy | Stiúrthóir, an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte |
An Dr Aoife Cotter | Lia Comhairleach i nGalair Aicídeacha, an tAonad Náisiúnta Leithlisithe |
An tOll. Colm Bergin | Lia Comhairleach i nGalair Aicídeacha |
An tOll. Martin Cormican | Treoraí Cliniciúil Náisiúnta um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach agus Rialú Ionfhabhtuithe |
Josephine Galway Uas. | Stiúrthóir Altranais um rialú ionfhabhtuithe, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte |
An Dr Jeanette McCallion | An tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte |
An Dr Jeff Connell | Ceann Tástála, an tSeirbhís Tagartha Náisiúnta maidir le Víris sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
An tOll. Karina Butler | Cathaoirleach, an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh, Lia Comhairleach i nGalair Aicídeacha Phéidiatracha |
An Dr Margaret O’Sullivan | Cathaoirleach, an Coiste Náisiúnta Zónóisí, Lia Comhairleach i Leigheas Sláinte Poiblí |
Le deimhniú | Lia Comhairleach i Leigheas Sláinte Ceirde |
Le deimhniú | Ionadaí Othar |
Le deimhniú | Lia Comhairleach Riospráide |