Ráiteas ón Aire Donohoe tar éis fhógra Bhanc na hÉireann go bhfuil comhaontú déanta aige Davy a shealbhú
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Beidh an t-idirbheart seo go maith do gheilleagar na hÉireann agus do Bhanc na hÉireann, agus tabharfar cinnteacht don mhéid atá i ndán do Davy leis, freisin.
Tar éis an fhógra a thug Banc na hÉireann níos luaithe inniu (22 Iúil) go raibh comhaontú déanta aige an chuid is mó de ghnó an tsoláthraí seirbhísí airgeadais Davy a shealbhú, luaigh an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD, go gcuireann sé seo deireadh leis an éiginnteacht a cruthaíodh de réir phróiseas díolacháin Davy agus mar sin is toradh é atá go maith do gheilleagar na hÉireann mar gheall ar thábhacht Davy mar bhainisteoir maoine dúchasach agus gnólacht margaí caipitil dúchásach araon.
Mar a dúirt an tAire nuair a rinne AIB Goodbody a cheannach, tá buntáistí eacnamaíocha ann don tír a eascraíonn ón tábhacht a bhaineann le hearnáil bróicéireachta stoc iomaíoch agus beoga a bheith againn in Éirinn chun cinnte a dhéanamh gur féidir le FBManna agus corparáidí dúchasacha na hÉireann araon teacht a fháil ar na margaí caipitil. Cuirfidh sé sin ar a gcumas a gcuid pleananna chun fáis sa todhchaí a mhaoiniú agus beidh sé sin mar bhonn agus mar thaca leis an téarnamh eacnamaíoch in Éirinn agus muid ag teacht slán as paindéim an Covid-19. Baineann an réasúnaíocht sin le héadáil Davy ag Banc na hÉireann.
Ag labhairt dó tar éis fhógra na maidine seo, dúirt an tAire Donohoe:
“Leis an bhfógra ó Bhanc na hÉireann atá tugtha inniu, tá deireadh anois curtha leis an tréimhse éiginnte i leith Davy agus soláthraíonn sé úinéir dea-chaipitlithe dó freisin, agus tá deiseanna chun fáis ag gabháil leis sin, fás a thacóidh le riachtanais an gheilleagar agus ghnólachtaí in Éirinn i gcoitinne.
“Mar gheall ar an idirbheart seo, tá deiseanna chun fáis faighte ag Banc na hÉireann de réir mar a leathnaíonn sé a raon táirgí sna catagóirí ardglanfhiúchais agus ollshaibris. Ina theannta sin, tacaíonn sé le tosaíocht straitéiseach mar atá luaite an bhainc an gnó rachmais agus árachais a fhás agus é mar aidhm aige sin deiseanna fáis a chumasú in Éirinn, chomh maith leis an t-ioncam ó tháillí a mhéadú, agus brabúis inbhuanaithe a ghiniúint.
“Tá na socruithe caighdeánacha um an luach saothair i ngnó stocbhróicéireachta agus bainistíochta rachmais an-éagsúil leis na socruithe a bhaineann le banc miondíola agus tráchtála dála Bhanc na hÉireann. Ar aon dul leis sin, d'iarraigh an banc toilliú uaim chun leanúint ar aghaidh leis na socrúcháin luacha saothair a bhí i bhfeidhm in Davy, agus cheadaigh mé amhlaidh. Rinneadh é sin ar bhealach atá ar aon dul le héadáil Goodbody ag AIB, agus déantar cinnte dá réir go bhfuiltear ag comhlíonadh go deo le beartas an Rialtais maidir leis an luach saothair Bainc, nach bhfuil athrú tagtha air.”
CRÍOCH
Nótaí don eagarthóir
Aistriú foirne:
D’fhonn na sineirgí suntasacha féideartha idir gnóthaí Bhanc na hÉireann agus Davy a bhaint amach go hiomlán, féadfaidh líon teoranta fostaithe aistriú ó Bhanc na hÉireann go Davy, agus beidh luach saothair inathraithe i bhfeidhm, mar seo a leanas: