Teastas Digiteach COVID an AE - dáileog breise vacsaín COVID-19 a áireamh - Déardaoin an 06 Eanáir 2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis rolladh amach Theastas Digiteach COVID an AE in Éirinn, agus an Clár Vacsaínithe Teanndáileog COVID rathúil, eiseofar Deimhnithe Digiteacha COVID nuashonraithe anois dóibh siúd a fuair dáileog breise den vacsaín.
Riaradh os cionn 2.2 milliún dáileog breise in Éirinn cheana féin, agus is féidir le faighteoirí na vacsaíní seo tosú ag súil le Teastas Digiteach COVID ina mbeidh taifead dá n-dáileog breise ó thráthnóna inniu (Déardaoin an 6 Eanáir). Tógfaidh an próiseas chun na teastais seo a eisiúint roinnt laethanta, agus moltar do dhaoine a ríomhphost a sheiceáil.
Tá an tseirbhís seo ar fáil roimh rialacha nua an AE a thiocfaidh i bhfeidhm ón 1 Feabhra 2022, le huastréimhse bailíochta 9 mí nua do Dheimhnithe Covid Digiteacha an AE bunaithe ar phríomh-chóras vacsaínithe críochnaithe. Níl tréimhsí bailíochta comhchosúla ar dheimhnithe vacsaínithe le haghaidh úsáide baile (mar shampla rochtain ar bhia laistigh agus srl) beartaithe ag an Rialtas faoi láthair.
Ag fáiltiú dó roimh an bhforbairt, dúirt an tAire Donnelly:
“Tá an-áthas orm a fhógairt go ndéanfar Teastais Digiteacha COVID an AE a nuashonrú tar éis oibriú le comhpháirtithe ar fud an Rialtais, chun dáileoga breise vacsaíne a léiriú. Is féidir leo siúd a fuair dáileog breise a bheith ag súil go dtosóidh siad ag fáil a dteastas nuashonraithe sa tseachtain amach romhainn.
D'éirigh go hiontach le Clár Vacsaínithe Teanndáileog COVID-19 na hÉireann, agus tá gach duine 16+ in ann clárú le haghaidh dáileog bhreise anois. Cosúil lenár bPríomhchlár Vacsaínithe, tá an líon daoine a fuair teanndáileog in Éirinn ar an dara líon is airde san AE ag 57% de dhaoine fásta."
Dúirt an tAire Stáit um Sholáthar Poiblí agus r-Rialtas, Ossian Smyth TD:
“Eiseofar Teastais Covid Digiteacha Nua do gach duine a fuair teanndáileog, ag tosú anocht. D'éirigh go han-mhaith le glacadh na teanndáileoige agus fuair breis agus 2 mhilliún duine in Éirinn í go dtí seo. Beidh DCC nuashonraithe ar a bhealach chuig gach duine a bhain leas as an teanndáileog. Is doiciméad tábhachtach é seo chun taisteal éasca a chinntiú d’aon duine a fhágfaidh an tír sna míonna amach romhainn. Beidh cód QR sa DCC nuashonraithe, mar a bhí roimhe seo, agus is féidir an teastas a stóráil ar an Aip Covid Tracker, in áit an tsean-teastais."