Fógraíonn an tAire Martin maoiniú do Mhionfhéilte Áitiúla agus do Mhionscoileanna Samhraidh
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. leithdháileadh maoinithe €96,391 inniu do 28 imeacht chun tacú le Mionfhéilte Áitiúla agus Mionscoileanna Samhraidh a reáchtálfar ar fud na hÉireann in 2021.
Dearadh an scéim chun cabhrú le himeachtaí cultúrtha áitiúla nach mbeadh incháilithe faoi chritéir mhaoinithe d’imeachtaí níos mó cosúil leo siúd a dtacaíonn Fáilte Éireann, an Chomhairle Ealaíon agus forais dá samhail leo. Ba é an 23 Aibreán 2021 an dáta deiridh le haghaidh iarratas. Leithdháileadh maoiniú tar éis phróiseas iomaíoch iarratais, agus bhí uasdeontas €5,000 ar fáil.
Meascán de thionscnaimh ar líne agus d’imeachtaí ar an láthair atá sna tionscadail a mhaoineofar i mbliana. Freastalóidh lucht féachana ar na himeachtaí ar an láthair ag teacht le treoir ghinearálta sláinte poiblí. Tá sé mar aidhm ag an Roinn cur leis an ábhar cultúrtha a chabhraíonn an Roinn leis agus spás cultúrtha a chruthú a bheidh spéis ag daoine áitiúla agus an pobal níos leithne ann.
Tá liosta na n-iarratasóirí a gheobhaidh maoiniú thíos.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
“Tá an-áthas orm tacú le Scéim na Mionfhéilte Áitiúla agus na Mionscoileanna Samhraidh i mbliana, le meascán d’imeachtaí ar líne agus ar an láthair. Cuireann an cultúr agus na healaíona go mór lenár saolta agus lenár bpobal.
Cuirfidh na himeachtaí seo eispéiris chultúrtha atá ag teastáil go géar uainn ar fáil do lucht féachana agus do chleachtóirí. Léirigh na heagraíochtaí a mhaoinítear faoin scéim seo teacht aniar agus solúbthacht iontach i bpleanáil a dtionscadal.”
Iarratasóir | Cur síos ar an Tionscadal | Contae | Méid Maoinithe Molta | |
Féile Cheoil Thraidisiúnta Bhaile an Tóchair | Imeachtaí ceoil thraidisiúnta ar a áirítear ceolchoirmeacha, céilithe, ceardlanna ceoil, amhránaíocht agus damhsa, gníomhaíochtaí ealaíne agus cultúrtha ina mbeidh bunscoileanna áitiúla páirteach. | Sligeach | €2,666 | |
Seosamh McGabhann | Scoil Samhraidh a bheidh ar siúl go fíorúil. | Maigh Eo | €5,000 | |
Ceantar Ardeaglas Leitir Ceannain | Féile ina mbeidh na healaíona, an litríocht, an drámaíocht, an ceol, an scéalaíocht agus an fhilíocht faoi théama bunaithe ar shaothair Brendan Behan. | Dún na nGall | €4,000 | |
Féile Scannán Phort Láirge | 15ú Fhéile Scannán Phort Láirge - Imeachtaí agus Comórtais Fíorúla Ealaíon. | Port Láirge | €2,600 | |
Scoil Samhraidh Cheoil Dhún na nGall | Scoil Samhraidh Cheoil Dhún na nGall Ag déanamh naisc go fíorúil. | Dún na nGall | €4,000 | |
Shakefest 2021 | Féile an-bheag chun ceiliúradh a dhéanamh ar éagsúlacht chultúrtha sa Damhsa, san Ealaion, sa Drámaíocht agus sa Cheol. | Uíbh Fhailí | €1,000 | |
Cumann Ealaíon Allingham | Tá foirm thraidisiúnta na féile ealaíon ag an bhféile seo le réimse leathan aíonna agus imeachtaí. | Dún na nGall | €4,000 | |
Leabharlanna Chathair Chorcaí | Scoth Bhaile Féitheán: Léireoidh sé cultúr agus ealaíon an phobail le réimse leathan ceoil, scéalaíochta, staire, ealaíon agus ceardaíochta san áireamh. | Corcaigh | €1,100 | |
Ceardaíocht agus Dearadh Chorcaí | Fiontar sóisalta atá i gCeardaíocht agus Dearadh Chorcaí a thacaíonn agus a chuireann ceardaithe gairmiúla chun cinn a oibríonn i réimse disciplíní agus a chónaíonn i gcathair agus i gcontae Chorcaí. | Corcaigh | €3,500 | |
Músaem Scríbhneoirí Chiarraí | Féile Idirnáisiúnta Scéalaíochta Lios Tuathail 2021. | Ciarraí | €5,000 | |
Grúpa Ealaíon an Gheata | Féile Shamhain Chloich na Coillte 2021 | Corcaigh | €3,500 | |
Ionad Ealaíon agus Oidhreachta Bhaile Átha an Rí | Féile Cheoil, Ealaíon & Dhamhsa Bhaile Átha an Rí (M.A.D) 2021. | Gaillimh | €4,000 | |
Stiúideonna Theach an Chustaim | Dealbhóireacht ar Ché Chathair na Mart, taispeántais féile faoin aer de dhealbhóireacht chomhaimseartha. | Maigh Eo | €2,500 | |
Iarsmalann Hunt | Féile agus Scoil Samhraidh Dealbhóireachta Gainimh na Triúr Béithe. | Luimneach | €4,000 | |
CCÉ an Ghoirt Chroim | Scoil Samhraidh chun ceiliúradh a dhéanamh ar 25 bliana de Cheol agus Amhránaíocht Thuaisceart Mhaigh Eo. | Maigh Eo | €4,000 | |
CLG Creative Spark | Is féile ealaíon, oidhreachta agus cultúir í Féile Ealaíon Uirbeach SEEK atá dírithe ar chuid de na dearthóirí múrmhaisithe agus na healaíontóirí uirbeacha faoin aer is fearr ar domhan a mhealladh go Dún Dealgan, chun cabhrú le hoidhreacht an bhaile a chur chun cinn, go cultúrtha agus go healaíonta, ag athdhíriú an cheantair mar mhol beoga don chruthaitheacht. | Lú | €3,500 | |
Féile Amhránaíochta Dhrom Dhá Liag | Sraith ceolchoirmeacha ina léireofar na hamhránaithe is fearr ó Éirinn agus ón iasacht. | Corcaigh | €4,000 | |
Cumann Yeats Shligigh | 62ú Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta Yeats | Sligeach | €5,000 | |
Swing Samhraidh an Chóibh | Beidh ceol saor in aisce, siamsaíocht do leanaí, bia, deoch agus rogha stallaí ó thrádálaithe áitiúla san fhéile seo. | Corcaigh | €700 | |
Comhairle Pobail an Dúrais agus a Cheantar | Féile ‘Love Durrus’ – Ceiliúradh poiblí ar an bpobal agus athmhúscailt ár n-oidhreachta ceoil agus cultúir. | Corcaigh | €4,000 | |
CLG Oidhreacht Bhaile Átha Í | Virtual Shackleton 2021 - ábhar réamhthaifeadta, craolta gréasáin bheo agus ceardlanna fíorúla. | Cill Dara | €4,000 | |
Spilt Milk Festival | Féile thrí lá de cheol, scannáin agus ealaín. | Sligeach | €5,000 | |
Féile Imeallach na Gaillimhe | Féile ildisciplíneach bhliantúil ealaíon a bhfuil an chathair mar chúlra agus mar inspioráid di. | Gaillimh | €3,500 | |
Fondúireacht Mhíleata Oidhreacht na hÉireann | Scoil Samhraidh The Speaker William Conolly – ag déanamh iniúchta ar éagsúlacht, féiniúlacht agus athmhuintearas na hÉireann. | Cill Dara | €3,500 | |
Ionad Scannán Phort Láirge | Space Oddities: Féile Coiméide agus Ficsean Eolaíochta | Port Láirge | €4,000 | |
Forbairt Phobal Theach Solais | ÓMÓS - Féile Ealaíon agus Scannán | An Cabhán | €2,450 | |
Féile Imeallach Bhéal an Átha | Féile bhliantúil ealaíon ina mbeidh seó sorcais faoin aer, pictiúrlann tiomáin isteach agus ceardlanna cruthaitheacha ar líne. | Maigh Eo | €5,000 | |
Comharghrúpa Leifir/Chluain Lao | Brightening Up Lifford 2021 - féile ceoil | Dún na nGall | €875 | |
Iomlán | €96,391 |