Seolann an tAire Foley Curaclam Matamaitice nua na Bunscoile
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, seolann an tAire Oideachais Norma Foley TD Curaclam Matamaitice nua na Bunscoile do gach bunscoil agus scoil speisialta.
Tá an curaclam matamaitice atá ann faoi láthair breis agus fiche bliain ar an bhfód agus tá mórán athruithe tagtha ar oideachas na matamaitice. D’fhorbair an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) an curaclam matamaitice nua mar thoradh ar thaighde agus ar chur chuige comhoibríoch agus san áireamh ansin bhí plé le pobail scoile, comhairliúchán forleathan agus dianmhachnamh.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Foley:
“Is mór an onóir dom an curaclam matamaitice nua seo a chur i láthair do gach bunscoil agus scoil speisialta. Is sprioc shuntasach eile an curaclam nua seo maidir leis an bhforbairt leanúnach atá á déanamh ar churaclam na bunscoile.
"Tá tuairimí na bpáirtithe leasmhara iomadúla dár gcuid san áireamh sa churaclam, a d'fhorbair an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) thar roinnt blianta. Níos tábhachtaí fós, tá an curaclam múnlaithe ag tuairimí na leanaí féin. Roinn siad a gcuid tuairimí linn maidir leis an taithí atá acu ar an matamaitic sa rang agus an chaoi ar mhaith leo dul i dtaithí uirthi sna blianta seo amach romhainn.
“Leagtar amach fís nua sa churaclam maidir le foghlaim leanaí agus spraíúlacht, cruthaitheacht, dúshlán, dul i bhfiontar agus deiseanna don réasúnaíocht agus do réiteach fadhbanna ón bhfíorshaol mar shainghnéithe de. Cuirtear deiseanna ar fáil freisin ann chun naisc a dhéanamh idir foghlaim mhatamaiticiúil agus réimsí eile den fhoghlaim.
“Cuireann an curaclam nua forbairt scileanna amhail smaoineamh ríomhaireachtúil, litearthacht airgeadais agus cumas spásúil chun cinn, ar scileanna iad atá fíorthábhachtach chun go mbeidh rath ar leanaí i saol an lae inniu.
“Tá an mhatamaitic i ngach áit, is í an teanga í a úsáidimid chun tuiscint a fháil ar ár dtimpeallacht agus ar na nithe atá timpeall orainn. Cabhraíonn sí linn chun ár mbealach a dhéanamh go rathúil tríd an saol ó lá go lá agus cuireann sí lenár gcumas tuiscint a fháil ar an domhan timpeall orainn agus páirt iomlán a ghlacadh ann. Ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil an t-oideachas matamaitice is fearr á chúr againn ar ár leanaí go léir.
“Táimid ag iarraidh go dtuigfeadh na leanaí inár scoileanna an tábhacht a bhaineann leis an matamaitic sa saol i gcoitinne ach táimid ag iarraidh freisin go bhfeicfidís go bhfuil an mhatamaitic lárnach sa saol laethúil agus go mbíonn siad ag idirghníomhú léi sa súgradh chomh maith leis an obair agus gur fiú tabhairt fúithi mar ábhar inti féin.
“Mar Aire Oideachais, is cúis áthais dom maoirseacht a dhéanamh ar an athrú dearfach seo ar an mbealach a ndéanfaimid an mhatamaitic a theagasc dár leanaí.
“Ní hé go bhfuil an mhatamaitic á teagasc dár leanaí againn mar go bhfuil orainn sin a dhéanamh ach tá an mhatamaitic á teagasc dár leanaí againn mar go bhfuil sí mar eochair chun an glas a bhaint den domhan timpeall orthu agus tuiscint a fháil air.
“Is mian liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghlacadh le gach duine a bhí páirteach i bhforbairt an churaclaim matamaitice nua, go háirithe na leanaí a chuir a n-ionchur luachmhar ar fáil dúinn.
“Is mian liom freisin buíochas ó chroí a ghlacadh lenár n-oideoirí díograiseacha agus leis an bpobal scoile uile as an obair sheasta a dhéanann siad.”
Tógann an curaclam nua ar a bhfuil ar eolas againn faoi fhoghlaim leanaí agus an bealach a bhforbraíonn siad a gcuid tuisceana ar an matamaitic. Soláthraítear cur chuige ionchuimsitheach agus leanbhláraithe, maidir le foghlaim, teagasc agus measúnú ann.
Níl aon athrú tagtha ar mhórán den ‘céard’ a fhoghlaimeoidh leanaí sa mhatamaitic agus leagtar níos mó béime sa churaclam ar ‘an mbealach’ is fearr a bhfoghlaimíonn leanaí. Sa churaclam nua, leagtar béim ar chruthaitheacht, cuir chuige spraíúla i leith na foghlama, réiteach fadhbanna agus eispéiris atá á múnlú ag leanaí.
Tá Curaclam Matamaitice na Bunscoile ag teacht go hiomlán leis an bhfís, leis na prionsabail agus leis na ráitis ar fhoghlaim, teagasc agus measúnú i gCreatchuraclam na Bunscoile, a sheol an tAire Norma Foley TD níos luaithe i mbliana.
Tá forbairt a dhéanamh ar inniúlacht mhatamaiticiúil leanaí mar aidhm uileghabhálach ag Curaclam Matamaitice na Bunscoile. Tagann forbairt ar an inniúlacht de réir mar a leathnaíonn agus a neartaíonn eispéiris mhatamaiticiúla na leanaí le linn a gcuid oideachais agus ina dhiaidh sin.
Déantar soláthar sa churaclam do leanúnachas san eispéireas agus don dul chun cinn de réir mar a dhéanann leanaí an t-aistriú ón réamhscoil go dtí an bhunscoil agus as sin go dtí an iar-bhunscoil. Aithnítear go mbaineann éagsúlacht le turas foghlama gach linbh agus soláthraítear an tsolúbthacht agus an rogha do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile agus iad ag tacú le forbairt gach linbh.
Aithnítear an tábhacht a bhaineann le heolas, scileanna agus taithí ceannairí scoile agus múinteoirí don fhoghlaim, don teagasc agus don mheasúnú ar ardchaighdeán. Beidh gá le ham agus le tacaíocht agus iad ag cur eolais ar an gcuraclam nua. Cuirfidh seirbhísí tacaíochta na Roinne Oideachais sraith d’fhorbairt ghairmiúil ar ardchaighdeán ar fáil chun rannpháirtíocht, comhoibriú agus foghlaim ghairmiúil ceannairí scoile agus múinteoirí a chinntiú. Ina theannta sin, cuirfear foireann uirlisí ar líne ar fáil ina mbeidh ábhair thacaíochta agus samplaí d’fhoghlaim leanaí chun cabhrú le múinteoirí eispéiris shaibhre mhatamaiticiúla a sholáthar do leanaí.
CRÍOCH
D'fhorbair CNCM Curaclam Matamaitice na Bunscoile. D’oibrigh CNCM
• go dlúth le líonra scoileanna
• d’oibrigh sí i gcomhar le taighdeoirí iomadúla ar mhórán gnéithe d’fhoghlaim agus d'fhorbairt leanaí sa mhatamaitic agus
• chuaigh sí i mbun dlúthchumarsáide leis na comhpháirtithe oideachais.
• Chuir siad san áireamh an fhoghlaim thábhachtach ó luath-thaithí ó mhúinteoirí agus ó cheannairí scoile agus iad ag obair le torthaí foghlama tar éis Curaclam Teanga na Bunscoile do chéimeanna 1 go 4 a thabhairt isteach
Tá an CMB nua ailínithe le Creatchuraclam na Bunscoile maidir le Príomhinniúlachtaí an chreata agus an bealach a gcuireann eispéiris mhatamaiticiúla lena bhforbairt. Tagraíonn sé freisin d’áit na matamaitice laistigh de réimse curaclaim an Oideachais san Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic (STEM). Soláthraíonn an Mhatamaitic bunchloch thábhachtach ar féidir foghlaim leanaí in Oideachas STEM a fhorbairt agus a bheachtú uirthi. Cabhraíonn eispéiris shaibhre in oideachas STEM le leanaí tuiscint a fháil ar ghaolta, naisc agus patrúin agus a bheith rannpháirteach go hiomlán sa domhan atá timpeall orthu.
Tá sé mar aidhm ag an gcuraclam nua inniúlacht sa mhatamaitic a fhorbairt sna réimsí sin atá fite ina chéile agus idirspleách mar atá réasúnaíocht oiriúnaitheach, inniúlacht straitéiseach, tuiscint choincheapúil, líofacht ghnásúil agus meon táirgiúil.
Na príomhathruithe
Is iad seo a leanas na príomhathruithe ar churaclam na matamaitice;
• Tá athrú tagtha ar an mbealach a bhfoghlaimíonn leanaí an mhatamaitic
o Cáilíocht na n-eispéireas foghlama
o Na cuir chuige oideolaíocha a úsáideann múinteoirí
o Dearcadh múinteoirí
• Béim níos mó ar phróisis na matamaitice
• Is do gach leanbh an curaclam nua
Tá ciorclán ina sonraítear príomhphointí Churaclam Matamaitice nua na Bunscoile á eisiúint chuig scoileanna agus tá sé ar fáil ag gov.ie/primarycurriculum
Tá Curaclam Matamaitice nua na Bunscoile chomh maith le foireann uirlisí ar líne ina bhfuil réimse tacaíochtaí do thuismitheoirí foilsithe ar www.curriculumonline.ie/ Ó mhí Mheán Fómhair 2023 ar aghaidh, cuirfidh Oide réimse cuimsitheach tacaíochtaí aghaidh ar aghaidh agus ar líne ar fáil chun Curaclam Matamaitice na Bunscoile a chur i láthair, a fheidhmiú agus a leabú thar chreat forleathan FGL ina mbeidh trí chéim. I gcás scoileanna speisialta, cuirfidh foireann Churaclam Bunscoile na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta an tsraith chuimsitheach tacaíochtaí sin ar fáil.