Fógraíonn an tAire McConalogue go bhfuil tús curtha le scéimeanna tacaíochta laonna agus mairteola ar fiú €265m í
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an TD Charlie McConalogue, inniú go bhfuil tús curtha le bearta tacaíochta nua d'earnálacha na laonna agus na mairteola:
• An Clár um Éifeachtúlacht Carbóin Laonna (SCEP) ar fiú €260 milliún é faoin bPlean Straitéiseach Comhbheartais Talmhaíochta (CSP)
• An Scéim Náisiúnta um Leas Mairteola Déiríochta 2023 ar fiú €5m é.
Tagann an SCEP in áit an Chláir Sonraí Mairteola agus Géanómaíochta (BDGP) agus buiséad de €260 milliún aige thar chúig bliana. Tá an scéim seo á comhchistiú ag an AE faoin CSP. Déanann an SCEP feirmeoirí a ghlacann páirt a chúiteamh le híocaíocht arb ionann é agus €150 in aghaidh na bó ar an gcéad 22 bhó agus €120 in aghaidh na bó i gcás gach bó ina dhiaidh sin.
Tagann an Scéim Náisiúnta um Leas Mairteola Déiríochta 2023 in áit scéimeanna ar aon dul léi a reáchtáladh in 2021 agus 2022. Tá buiséad €5 milliún aici agus í maoinithe ag an gCúlchiste Coigeartaithe Brexit.
Is féidir iarratais ar ceachtar den dá bheart a chur isteach trí agfood.ie agus is é an 2nd Bealtaine an dáta deiridh don Scéim Mairteola Déiríochta agus an 22nd Bealtaine an dáta deiridh don SCEP.
Ag labhairt faoin tús atá curtha leis na bearta, bhí an méid seo le rá ag an Aire McConalogue:
“Riamh anall ó thosaigh mé sa phost seo mar Aire, táim i bhfách agus d'éirigh liom tacaíochtaí ríthábhachtacha a fháil chun feirmeoireacht laonna agus mhairteola a chur ar bhonn níos éifeachtúla agus níos iomaíche. Tá na bhfeirmeoirí laonna agus mairteola is fearr ar domhan againn agus leanfaidh mé liom ag seasamh gualainn ar ghualainn leo agus a bheith mar thaca dóibh.
“Táim ag tacú lenár dteaghlaigh feirme agus iad ag iarraidh a gcuid fiontar a dhéanamh níos tíosaí agus tionchar níos lú a bheith acu ar an timpeallacht. Cloch mhór ar mo phaidrín is ea é seo dom ó tharla gurbh ionann táirgeadh na bhfeirmeacha seo agus €3 billiún d'easpórtálacha chuig breis agus 70 margadh ar fud an domhain in 2022.”
Díríonn spriocanna SCEP ar astaíochtaí bólachta agus leas á bhaint aige as géineolaíocht, géanómaíocht, agus méadracht feidhmíochta. Is de réir chonradh cúig bliana a fheidhmeoidh sé. Agus é ag brath ar fhormheas deiridh a fháil ón gCoimisiún Eorpach, rinneadh an scéim struchtúrú thart ar cheithre ghníomh éigeantacha nach mór do rannpháirtithe a dhéanamh i ngach bliain den scéim. Baineann na gníomhartha seo leis an straitéis athsholáthair le haghaidh máithreacha agus aithreacha, géinitíopáil, péirí bó/lao a mheá agus taifeadadh sonraí.
Ag tagairt dó don réasúnaíocht taobh thiar don scéim agus dá chomhthéacs straitéiseach, dúirt an tAire McConalogue:
"Is é is príomhsprioc bheartais do Fís Bhia 2030 – an straitéis fhoriomlán don earnáil agra-bia – ná cur le hinbhuanaitheacht chomhshaoil laistigh den earnáil. Léirigh sonraí ón BDGP gur fheabhsaigh sé éifeachtúlacht chomhshaoil agus éifeachtúlacht táirgiúlachta ar bhealach a chuaigh chun tairbhe iomaíochas ag leibhéal na feirme.
“Tá an earnáil laonna anseo againn in Éirinn den chéad scoth agus táim muiníneach go gcuirfidh an SCEP lenár ndea-chlú go domhanda. Bainfidh an SCEP a thuilleadh leasa as na sochair ar baineadh amach iad trí bhíthin an BDGP agus trí bhíthin an Chláir um Éifeachtúlacht Timpeallachta Mairteola ar maoiníodh as an státchiste é agus ar cuireadh ar bun le déanaí é. Is léir an gá atá le sonraí iontaofa, fianaisebhunaithe ó na gealltanais a iarrtar ar fheirmeoirí a thabhairt faoin scéim seo. Tá na sonraí seo de dhíth orainn le gur féidir linn a chruthú go bhfuil laghdú tagtha ar na hastaíochtaí á chuireann beostoc amach agus go bhfuil spriocanna aeráide á mbaint amach againn.”
Caithfear a bheith ina bhall de SBLAS de chuid Bord Bia chun páirt a ghlacadh sa scéim seo agus ní mór do rannpháirtithe dul i dteagmháil le Bord Bia a luaithe agus is féidir lena chinntiú go gcomhlíonann siad an critéar seo.
Caithfidh rannpháirtithe cúig lao incháilithe ar a laghad a mheá agus na sonraí a chur chuig Cónaidhm Phórú Eallaigh na hÉireann. Ón 1st Bealtaine 2023 ar aghaidh, ba cheart na sonraí go léir a chur isteach laistigh de sheacht lá tar éis den mheá a dhéanamh suas go dtí an 1st Samhain 2023. Tá ráta íocaíochta suas go €20 ann in aghaidh an lao incháilithe a mheáitear, faoi réir uasmhéid de 50 lao.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá áthas orm maoiniú a fháil ón gCúlchiste Coigeartaithe Brexit don scéim ríthábhachtach seo. Má tá rath ar an straitéis mairteola déiríochta, beidh feabhas ar an teacht aniar atá san earnáil i leith suaitheadh margaidh gan choinne amach anseo, agus fónfaidh sé seo do shláinte agus leas na laonna freisin. Ó thaobh an táirgthe náisiúnta de, tá méadú tagtha le blianta beaga anuas ar an méid mairteola a fhaightear ón tréad ba bainne".
“Tá acmhainn mhór ann maidir leis na córais táirgthe déiríochta agus mairteola a chomhtháthú lena chéile a thuilleadh, go háirithe i gcás mairteola déiríochta atá mar rogha nua d'fheirmeoirí mairteola chun éagsúlú a dhéanamh. Táim tar éis líon na laonna incháilithe ar féidir le feirmeoirí íocaíocht a fháil as iad a mheá a ardú go 50 i mbliana.”
Tá na téarmaí agus coinníollacha foriomlána ar fáil ag na naisc seo a leanas:
Reáchtálfar seimineár gréasáin faoin SCEP ar an 4th Aibreán idir 1900 - 2030
Beidh cláir de sheisiúin eolais i bpearsa ar siúl ina dtabharfaidh cainteoirí ón Roinn, ó Chónaidhm Phórú Eallaigh na hÉireann agus ó Bhord Bia cuntas ar agus míniú faoin SCEP nua. Tosóidh na seisiúin eolais ag 8pm ach beidh oifigigh ón Roinn ar fáil ó 6pm ar aghaidh ag na hionaid agus na dátaí thíos ar mhaithe le cuidiú le haon fheirmeoir a bhfuil cabhair uaidh nó uaithi a n-iarratas SCEP a chomhlánú.
Tá liosta thíos de na hionaid ar fud na tíre ina mbeidh seisiúin eolais ar siúl:
Dáta | Ionad | Áit |
21/03/2023 | An Muileann gCearr | Ostán Pháirc an Mhuilinn Chearr, Bóthar Bhaile Átha Cliath, An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí |
23/03/2023 | Tuaim | Ostán Theach an Ard Rí, Bóthar Bhaile an Mhuilinn, Tuaim, Co. na Gaillimhe |
28/03/2023 | An Inis | Ostán Theach an Ard Rí, Bóthar Bhaile an Mhuilinn, Tuaim, Co. na Gaillimhe |
29/03/2023 | Cill Chainnigh | Ostán na Páirce Nua, Bóthar Chaisleán an Chomair, Cill Chainnigh |
30/03/2023 | Cora Droma Rúisc | Ostán Landmark, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma |
18/04/2023 | Beanntraí | Ostán Westlodge, Beanntraí, Contae Chorcaí. |
20/04/2023 | Trá Lí | Ostán Bhréanainn, Sráid an Bhanphrionsa, Trá Lí, Co. Chiarraí |
02/05/2023 | Leitir Ceanainn | Ostán an Aragail, Baile Raithin, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall |
03/05/2023 | Baile an Fheá | Ostán Mór Náisiúnta Bhaile an Fheá, N26 Bóthar Bhaile Átha Cliath, Baile an Fheá, Co. Mhaigh Eo |
Ceannteideal le haghaidh grianghraf: An tAire Charlie McConalogue ar a fheirm.
Déanfar íocaíochtaí SCEP a íoc ar bhonn limistéir. Ar an gcoinníoll go gcomhlíontar ceanglais na scéime go léir, íocfar leis na rannpháirtithe íocaíochtaí limistéarbhunaithe de €225 le haghaidh an chéad 15 heicteár agus €180 le haghaidh na heicteár eile suas go dtí an limistéar is mó atá iníoctha.