Conradh 1921 – Taifid ón gCartlann ar taispeáint i Loch Garman tar éis trí mhí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Déanann an taispeántas comóradh ar chéad bliain ó síníodh an Conradh Angla-Éireannach ar an 6 Nollaig 1921
Osclófar Conradh 1921: Taifid ón gCartlann i Halla an Chontae ar an 23 Bealtaine, áit a mbeidh sé ar taispeáint go dtí an 10 Meitheamh. Tagann sé seo i ndiaidh taispeántais trí mhí ar éirigh thar barr leis i gCaisleán Bhaile Átha Cliath áit ar cuireadh an Conradh Angla-Éireannach 1921 ar taispeáint go poiblí den chéad uair. Déanann an taispeántas comóradh ar chéad bliain ó síníodh an Conradh Angla-Éireannach ar an 6 Nollaig 1921.
Cuirfidh an Chartlann Náisiúnta an taispeántas i láthair i gcomhpháirtíocht le hAcadamh Ríoga na hÉireann, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus Oifig na nOibreacha Poiblí, le taifid ó bhailiúcháin na Cartlainne Míleata agus Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Ta turas fíorúil ar fáil chomh maith ar www.nationalarchives.ie
Tá an Conradh Angla-Éireannach ar cheann de na doiciméid stairiúla is suntasaí atá i seilbh na Cartlainne Náisiúnta. Cuirfidh an Chartlann Náisiúnta taispeántas i láthair a thugann áit lárnach don Chonradh agus a léiríonn ról na Cartlainne mar stór oifigiúil thaifid an Stáit, céad bliain ó bunaíodh é. Léiríonn Taifid ón gCartlann taifid shuntasacha stairiúla, cáipéisí oifigiúla agus páipéir phríobháideacha den chéad uair, lena n-áirítear an chéad chur i láthair poiblí taobh le taobh de chóipeanna Éireannacha agus Briotanacha den Chonradh.
Ag baint úsáide as tuairisciú comhaimseartha, íomhánna agus píosaí scannánaíochta, cuireann Conradh 1921: Taifid ón gCartlann idirbheartaíocht an Chonartha i gcomhthéacs polaitiúil réabhlóid na hÉireann agus saol a chuir an Chéad Chogadh Domhanda agus cúrsaí a tharla ina dhiaidh sin trí chéile. Ag tosú leis na réamhchainteanna idir Éamon de Valera, Uachtarán Dháil Éireann, agus Príomh-Aire na Breataine David Lloyd George i rith shamhradh 1921, tugtar léargas ann ar obair lánchumhachtaigh na hÉireann agus a rúnaíocht, tríd an taifead faisnéise a d’fhág siad ina ndiaidh a chur i láthair.
Tugann an taispeántas léargas freisin ar an saol ó lá go lá i Londain do na fir agus na mná a bhí ina mbaill de thoscaireacht na hÉireann, ó chóisírí, dinnéir, drámaí agus féilte ar fhreastail siad orthu, go dtí na laethanta agus na huaireanta deiridh ag druidim le síniú an Conartha díreach tar éis 2 r.n. ar an 6 Nollaig 1921. Mar bhuille scoir, tugann sé léargas ar fhilleadh na toscaireachta ar Bhaile Átha Cliath, agus ar chruinniú Comh-Aireachta Dháil Éireann a léirigh an scoilt sa ghluaiseacht neamhspleáchais a tháinig chun cinn faoi théarmaí an Chonartha, agus na deighiltí a mbeadh an Cogadh Cathartha mar thoradh orthu.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:
“Mar Aire le freagracht as Clár Comórtha an Stáit, táim tiomanta go ndéanfar an tréimhse chasta seo dár gcuid staire a chomóradh ar bhealach cuí agus fiúntach. Tá lúcháir orm mar sin go bhfuil an taispeántas tábhachtach seo a dhéanann comóradh ar idirbheartaíocht an Chonartha agus síniú deiridh an Chonartha Angla-Éireannaigh in 1921, ag dul ar camchuairt réigiúnach ag tabhairt deis do dhaoine ar fud na tíre a dtuiscint ar an tréimhse seo inár gcuid staire a fhorbairt trí thaifid bhunaidh a choinnítear i mbailiúcháin an Chartlann Náisiúnta. Tugann an taispeántas seans do gach duine a thugann cuairt air machnamh níos fearr a dhéanamh ar na cinntí deacra a rinneadh ag an am sin.”
Dúirt Tom Enright, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae Loch Garman:
“Tá ríméad ar Chomhairle Chontae Loch Garman taispeántas Chonradh 1921 a óstáil mar chuid dár gclár comórtha faoi Dheich mBliana na gCuimhneachán do 2022. Tá súil againn go gcuirfidh cuairteoirí spéis mhór sa taispeántas agus go méadóidh sé a dtuiscint ar an tréimhse thábhachtach seo i stair ár dtíre. Tá lúcháir orainn freisin cuid de na doiciméid agus de na híomhánna ábhartha ó bhailiúcháin chartlainne ár gcontae féin a chur ar taispeáint don phobal mar aon leis an bpríomhthaispeántas.”
Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta:
“Tá an-áthas orainn an taispeántas seo a thabhairt ar camchuairt go Loch Garman. Tugtar léargas níos fearr ná riamh ar dhaonnacht idirbheartaíocht an Chonartha sa taispeántas seo trína raon leathan doiciméad, grianghraf agus nuachtscannán agus déantar é sin ar bhealach a thaispeánann na scéalta pearsanta, na pearsantachtaí, an teannas, an dóchas agus an t-easaontas go léir a bhí ann. Cuireann sé go mór lenár dtuiscint ar cheann de na seachtainí is tábhachtaí i stair na tíre.”
Tá sé saor in aisce dul isteach chuig an taispeántas.
Murar féidir leat freastal ar an taispeántas, tá turas fíorúil ar fáil ar líne freisin ar www.nationalarchives.ie
Cuirfear an taispeántas seo i láthair mar chuid de Chlár Náisiúnta Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023 Rialtas Éireann.
Caomhnaíonn an Chartlann Náisiúnta cuimhne an Stáit i bhfoirm a thaifid scríofa. Faigheann sé agus cosnaíonn sé taifid phoiblí na hÉireann, agus ar an gcaoi sin cinntítear go bhfuil na taifid ar fáil mar acmhainn do chách. Baineann na taifid seo le stair shóisialta, chultúrtha, eacnamaíoch agus pholaitiúil oileán na hÉireann ó na Meánaoiseanna go dtí bunú Shaorstát na hÉireann in 1922 agus sa ré nua-aimseartha.
Eolas faoin taispeántas:
Dátaí: 23 Bealtaine – 10 Meitheamh 2022
Uaireanta Oscailte: 10-4 i.n. Luan go hAoine
Áit: Halla an Chotae, An Charraig Leathan, Loch Garman.
Cead isteach saor in aisce