Fógraíonn an tAire Humphreys íocaíochtaí cuardaitheora poist le filleadh ar Oifig an Phoist
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, inniu go mbeidh íocaíochtaí cuardaitheora poist ar ais chuig oifig an phoist ag teacht le baint srianta Covid-19.
Beidh feidhm ag na hathruithe ar dtús maidir le gach iarratasóir nua ar cuardaitheoir poist sula leathnófar iad chuig cuardaitheoirí poist eile sna míonna amach romhainn.
Nuair a tugadh srianta sláinte poiblí isteach in 2020, tugadh an rogha do dhaoine a bhí ag fáil leasa shóisialaigh go n-íocfaí iad isteach i gcuntas bainc.
Ba bheart eisceachtúil é seo chun cabhrú le scaipeadh an víris a laghdú agus lena chinntiú go bhféadfadh daoine cloí leis na treoirlínte um scaradh sóisialta.
Ach tar éis dul i gcomhairle le An Post agus le hAontas Máistrí Poist na hÉireann (IPU), d'fhógair an tAire Humphreys inniu go mbeidh íocaíochtaí cuardaitheora poist ag filleadh ar óifigí poist anois.
Tabharfaidh beart dá leithéid, dar leis an Aire, líon breise daoine chuig oifigí poist, chomh maith le cuidiú le calaois leasa shóisialaigh a chomhrac.
Rinne an tAire Humphreys an fógra le linn cuairte ar Oifig Poist Shráid San Aindrias i Lár Chathair Bhaile Átha Cliath Theas.
Dúirt an tAire Humphreys:
“Táim an-eolach ar na dúshláin atá roimh líonra Oifig an Phoist.
“Sin an fáth go bhfuil lúcháir orm a fhógairt go bhfuil íocaíochtaí cuardaitheora poist ar ais sna hoifigí poist, rud a léiríonn na socruithe a bhí i bhfeidhm roimh an phaindéim.
“Is beart é seo a theastaíonn ó Aontas Máistrí Poist na hÉireann agus An Post a dhéanamh.
“Soláthraíonn ár n-oifigí poist seirbhísí riachtanacha i bpobail ar fud na tíre.
“Fiú le linn na Paindéime, rinne ár máistrí poist agus foireann poist gach iarracht chun freastal ar riachtanais a gcustaiméirí.
“Creidim gurb é seo an cur chuige ceart chun tacú le líonra oifigí an phoist agus cabhrú le calaois leasa shóisialaigh a laghdú.”
Dúirt an tAire:
“Beidh an riachtanas cuairt a thabhairt go fisiciúil ar d’oifig phoist áitiúil chun d’íocaíocht cuardaitheora poist a bhailiú i bhfeidhm ar dtús maidir le héilimh nua, ag tosú an mhí seo chugainn.
“Ach sna míonna amach romhainn, oibreoidh mo Roinn chun an riachtanas seo a leathnú chuig éilimh cuardaitheora poist eile.
“Is eol dom freisin, mar Aire um Forbairt Tuaithe agus Pobail, nach mór dúinn ár ndícheall a dhéanamh chun tacú lenár n-oifigí poist faoin tuath in Éirinn, de réir ár dtiomantas faoi bheartas forbartha tuaithe an Rialtais ‘Todhchaí Cheantair Tuaithe na hÉireann’.
“Méadóidh an beart seo an líon daoine atá inár n-oifigí poist i bpobail ar fud na tíre – rud a chuirfidh comhartha soiléir ar thiomantas an Rialtais tacaíocht a thabhairt don líonra ina iomláine.”
Agus í ag fáiltiú roimh fhógra an lae inniu, dúirt Stiúrthóir Bainistíochta An Post, Debbie Byrne:
“Fáiltíonn An Post roimh an bhfógra seo a chuireann oifig an phoist ar ais i gceartlár an chórais íocaíochta do Chuardaitheoirí Poist. Is sampla foirfe é seo den bhuntáiste praiticiúil a bhaineann le húsáid líonra oifigí an phoist chun seirbhísí Rialtais a sholáthar do phobail áitiúla. Cuireann sé fáilte roimh Mháistrí Poist agus custaiméirí oifig an phoist freisin chun filleadh ar an gcaoi a raibh cúrsaí roimhe seo.
“Táimid ag súil le foilsiú an Ghrúpa Oibre Idir-Rannach agus le bheith ag obair leis an Rialtas chun an úsáid is fearr a bhaint as an líonra chun leasa na gcustaiméirí agus na bpobal ar a bhfreastalaímid.”
Dúirt an tAire Humphreys go leanfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí ag cur le tacú lenár Líonra Oifigí Poist tríd an nGrúpa Idir-Rannach, a bhunaigh a comhghleacaí Comh-Aireachta, an tAire Hildegarde Naughton.
Dúirt an tAire:
“Cé go bhfuil an fhreagracht maidir le An Post lasmuigh de shainchúram na Roinne Coimirce Sóisialaí, is féidir liom a chinntiú go bhfuil mo Roinn tiomanta do dhul i ngleic mar is cuí le haon mholtaí a mholann an Oibriú Idir-Rannach a bhfuil an cúram air tacú leis an líonra ina iomláine.”
Críoch.