Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh trí pháipéar taighde a fhoilsiú sa tsraith ‘Liostaí agus Tréimhsí Feithimh Ospidéil Ghéarmhíochaine’
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Sláinte roimh trí pháipéar taighde a d’fhoilsigh Seirbhís Mheastóireachta agus Eacnamaíochta Rialtas na hÉireann (an IGEES) mar chuid den tsraith ‘Liostaí agus Tréimhse Feithimh Ospidéil Ghéarmhíochaine’ chun feabhas a chur ar an mbonn fianaise do chinnteoireacht beartais.
Is í aidhm na sraithe seo eolas breise a sholáthar don phlé ar chúiseanna struchtúracha le, agus réitigh ar, liostaí feithimh in ospidéil ghéarmhíochaine in Éirinn.
Tá na páipéir thaighde iomlána ar fáil thíos:
Acute Hospital Waiting Lists and Times - International Comparison of Determinants of Inflows and Outflows
Acute Hospital Waiting Lists and Times - An Umbrella Review on the Effectiveness of Interventions to Reduce Waiting Lists and Times for Elective Care
Acute Hospital Waiting Lists and Times - International Comparisons and Trends in Ireland to end 2021
D’fháiltigh an tAire Sláinte Stephen Donnelly roimh an bhfoilseachán agus dúirt sé an méid seo a leanas:
“Tugaimse agus an Rialtas seo príomhthús áite do liostaí agus tréimhsí feithimh a laghdú. Foilsíodh na páipéir thaighde ‘Liostaí agus Tréimhsí Feithimh’ tar éis gur seoladh Plean Gníomhaíochta Liostaí Feithimh 2023, ina leagtar amach an obair a leanann an Rialtas a dhéanamh chun leanúint ag dul i ngleic le liostaí feithimh i mbliana. Leanann gníomhaíocht a cistíodh faoi Phlean 2023, a thosaigh in Eanáir, leis an obair a tosaíodh i bPleananna Gníomhaíochta 2021 agus 2022. In 2023, leithdháileadh €443 milliún sa Bhuiséad chun leanúint den obair seo. Cabhraíonn na páipéir thaighde seo le tuiscint a fhorbairt ar conas a éiríonn le hÉirinn go hidirnáisiúnta agus maidir le treochtaí freisin i liostaí agus tréimhsí feithimh in Éirinn go deireadh 2021. Cuirim fáilte roimh na páipéir seo mar chuid den bhonn fianaise atá ag fairsingiú chun tacú le ceapadh beartais sa limistéar seo.”
Cuireann an fhoireann san Aonad Seirbhísí Taighde agus Beartais, an Rannán Taighde, Forbartha agus Anailísíochta Sláinte, an Roinn Sláinte, páipéir Seirbhís Mheastóireachta agus Eacnamaíochta Rialtas na hÉireann (SMERÉ) le chéile.
Eolas a sholáthar don phlé ar chúiseanna struchtúracha le, agus réitigh ar, liostaí feithimh trí na ceisteanna a fhreagairt:
Páipéar 1: Comparáid Idirnáisiúnta ar Chinntithigh Insreafaí agus Eis-Sreafaí
Páipéar 2: Brat-Athbhreithniú ar Éifeachtacht Idirghabhála chun Liostaí agus Tréimhsí Feithimh le Cúram Roghnach a Laghdú
Páipéar 3: Comparáidí agus Treochtaí Idirnáisiúnta in Éirinn go dtí deireadh 2021