Deontais nua i ndáil le fuinneamh inathnuaite fógartha ag an Aire Creed d'Fheirmeacha na hÉireann
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD sraith de dheontais iontacha nua inniu a bheidh ar fáil do fheirmeacha na hÉireann faoi scéim infheistíochta feirme TAMS. Faoin mbeart nua seo beidh luach €10 milliún de dheontais ar fáil d'éifeachtaí fuinnimh agus teicneolaíochtaí athnuachana fuinnimh, i ndiaidh athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar scéim TAMS atá leagtha amach chun díriú níos mó ar inbhuanaitheacht.
Is éard a bhí le rá ag an Aire Creed inniu:
"Tá athbhreithniú cuimsitheach déanta ag mo Roinnse ar na míreanna infheistíochta atá ar fáil faoi TAMS. Ghlac an t-athbhreithniú na teicneolaíochtaí is déanaí atá ar fáil san áireamh chun tuilleadh borraidh a chur faoi éifeachtúlacht fuinnimh ag leibhéal na feirme agus chun an méid leictreachais a úsáidtear ar fheirmeacha a laghdú. Is cuid den fheachtas níos leithne é seo chun an áit atá ag talmhaíocht na hÉireann mar cheannaire domhanda i ndáil le hinbhuanaitheacht a chur chun cinn agus cuirfidh na hinfheistíochtaí sin tuilleadh feabhais ar an gcáil sin."
Beidh na deontais nua seo ar fáil d'fheirmeoirí ón gcéad tráinse eile TAMS, a bheidh ag oscailt an 5 Aibreán.
Áirítear ar na hinfheistíochtaí atá incháilithe:
Córas Fótavoltach Gréine a Shuiteáil ar Fheirmeacha - an deontas atá ar fáil faoi láthair faoin scéim a leathnú go dtí gach earnáil. Beidh cúnamh deontais suas le €9,300 nó suas le 60% den chostas foriomlán ar fáil ar dtús sa chéim phíolótach tosaigh chun córas gréine 6kWp a mhaoiniú.
Soilse LED - caithfidh gach solas a bheidh maoinithe faoin scéim seo a bheith ina sholas LED. Ní úsáideann soilse LED ach beagán den méid leictreachais a úsáideann gnáth-shoilse. Áirítear soilse i ngach struchtúr nua feirme sna sonraíochtaí reatha faoi TAMS II. As seo amach, ní dhéanfar cúnamh deontais a bhronnadh ach i ndáil le soilse LED agus sin amháin.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire:
"Tá cluas tugtha agam don méid atá le rá ag feirmeoirí maidir leis an ábhar seo agus tuigim go bhfuil fonn orthu infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí inathnuaite feirme. Tá áthas orm go bhfuilim ábalta na deontais nua seo a chur ar fáil dóibh ina leith sin. Déantar an t-uafás infheistíochta mar atá faoi scéim TAMS chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh ar fheirmeacha na hÉireann agus beifear ag déanamh athbhreithniú rialta ar an scéim. Leanfar de mhonatóireacht a dhéanamh ar theicneolaíochtaí nua agus ar theicneolaíochtaí nua a thiocfaidh chun cinn d'fhonn iad a bheith san áireamh amach anseo más féidir."
CRÍOCH
Cuirtear cúnamh deontais ar fáil do líon infheistíochtaí atá dírithe go sonraithe ar éifeachtacht fuinnimh san earnáil feirmeoireachta a fheabhsú faoi TAMS II. Áirítear ar na samplaí - Fuaraitheoirí plátaí, Aonaid Aistrithe Teasa agus Déantóirí Oighir Seachtracha don Earnáil Déiríochta. Cuirtear cúnamh deontais ar fáil faoin Scéim Infheistíochta Muca agus Éalaithe agus faoi Scéim Infheistíochta Caipitil na bhFeirmeoirí Óga do choirí bithmhaise, pillíní teasa leictreacha, soilse éifeachtachta fuinnimh LED, córais teasa neamhdhíreacha, painéil ghréine chun uisce a théamh agus chun leictreachas a ghiniúint, feananna aeraithe agus córais rialaithe, insliú le haghaidh doirse, díonta agus ballaí, caidéil teasa le foinse aeir agus aonaid aisghabhála teasa.
Tugtar modúil fhótavoltacha ghréine (PV) ar phainéil ghréine a ghineann leictreachas DC nuair a fhaigheann siad grian. Is fearr a oibríonn na heacnamaíochtaí do PV gréine nuair a úsáidtear an leictreachas ar fad a ghintear ar an bhfeirm. Is d'úsáid talmhaíochta amháin a úsáidfear an leictreachas a ghintear ar an bhfeirm.
Beidh córas PV gréine d'fheirm déiríochta tuairim is 5.5kWp ar mhéid chomh maith le hacmhainn 4.5kWh ann chun cadhnra a stóráil. Cuirfear cúnamh deontais ar fáil faoin gcéim phíolótach tosaigh seo chun córas gréine 6kWp a mhaoiniú. Tá na costais bunaithe ar an gcostas a bhaineann le córas gréine 6kWP a chur isteach; áirítear leis sin an cadhnra atá de dhíth chun an t-aschur fuinnimh a ghabháil, rud a dhéanfaidh inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta é. Ag an méid is mó seo, is ionann an deontas a bheidh le fáil ag 40% den ráta agus €6,200 agus ag 60% is €9,300 a bheidh i gceist.
Is ionann an buiséad atá leithdháilte do TAMS II thar thréimhse iomlán an RDP agus €395m. Is ionann buiséad na bliana 2019 agus €70 milliún.
Tá réimse de sheacht mbeart i ndáil le hinfheistíochtaí feirme ar fáil faoi scéim TAMS atá oscailte le haghaidh iarratas i dtráinsí comhleanúnacha trí mhí.
Tá os cionn 23,750 iarratas faighte go dtí seo.
Tá breis is 19,500 ceadaithe agus sin curtha in iúl.
Cuireadh éilimh íocaíochta as oibreacha ceadaithe a cuireadh i gcrích ar aghaidh agus íocadh na héilimh sin le breis is 8,000 rannpháirtí.
Ó thaobh luacha de, tá íocaíochta níos mó ná €117.5m eisithe go dtí seo mar gheall air sin, agus tá níos mó ná €15.5m de sin eisithe go dtí seo in 2019.
Leanfar de cheaduithe a eisiúint agus d'éilimh íocaíochta a cuireadh ar aghaidh a íoc ar bhonn leanúnach. Is ionann na híocaíochtaí a dhéantar in aghaidh na seachtaine agus €1.2m ar an meán.