Deontais nua taighde fógartha ag an Aire Creed Infheistíocht €20 milliún i dtaighde agus nuálaíocht agraibhia
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. maoiniú de luach beagnach €20 milliún le haghaidh 38 dtionscadal taighde inniu mar thoradh ar Ghlao Taighde Iomaíoch 2019 na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Ag fógairt na ndeontas inniu, dúirt an tAire “Is príomhcholún de Food Wise 2025 í an nuálaíocht agus tá an infheistíocht seo inniu dírithe ar Thalmhaíocht na hÉireann a choinneáil chun tosaigh i ndáil le nuálaíocht d'fhonn inbhuanaitheacht chomhshaoil, iomaíochas agus an bithgheilleagar a chur ar fáil’’. Dúirt an tAire freisin ‘‘gné thar a bheith dearfach a bhaineann leis na Deontais Taighde is ea an ghné uile-oileáin agus an Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe (DAERA NI) i dTuaisceart Éireann ag cur maoiniú €1.5 milliún eile ar fáil d'institiúidí atá lonnaithe i dTuaisceart Éireann atá rannpháirteach sna tionscadail taighde.
Dúirt sé freisin ‘’in go leor de na tionscadail taighde ar éirigh leo, leagtar béim faoi leith ar úsáid a bhaint as acmhainní nádúrtha ar bhealach inbhuanaithe nó úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua d'fhonn táirgeadh agus próiseáil bia atá inbhuanaithe agus atá cliste ó thaobh na timpeallachta a chumasú. Clúdaíonn na 38 dtionscadal atá á maoiniú réimse topaicí ar nós táirgeadh inbhuanaithe, astaíochtaí gáis cheaptha teasa (GHG), maolú agra-chomhshaoil, pórú agus leas ainmhithe, próiseáil bia agus foraoiseacht”.
Mar chuid de roinnt tionscadal a bhfuil tacaíocht faighte ina leith, déanfar iniúchadh ar an agra-chomhshaol, lena n-áirítear bearta chun táirgeadh inbhuanaithe a chur chun cinn i gcórais barr agus ainmhithe, uiscebhealaí agus ithreacha a chosaint agus feabhas ar bhainistiú cothaithigh ó thalamh feirmeoireachta, mar aon le tionscadail chun tuiscint níos fearr a fháil ar sheirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais i dtírdhreacha talmhaíochta. Beidh tábhacht ag baint leis na tionscadail seo chun cuidiú linn na hoibleagáidí atá orainn i leith na timpeallachta a bhaint amach mar aon leis an éileamh atá i measc tomhaltóirí maidir le táirgeadh inbhuanaithe. I roinnt tionscadal, déanfar iniúchadh ar phatrúin chothaithe agus tomhaltais, inbhuanaitheacht chothaithe san fhadtéarma agus forbairt táirge nó próisis nua a mbeidh buntáiste ag baint leo don tsláinte nó don timpeallacht.
Baineann tábhacht faoi leith le sábháilteacht bia maidir le Gradaim Taighde DAFM agus díreofar taighde tacaithe ar mheasúnú a dhéanamh ar aon rioscaí atá ag teacht chun cinn mar gheall ar tháirgeadh, próiseáil nó cleachtais tomhaltóirí a athrú agus deireadh a chur leis na rioscaí sin. Toisc go bhfuil béim níos mó ar an mbithgheilleagar agus ar an ngá atá le cur amú bia a laghdú agus luach a chur le bia, tá tionscadal suimiúil ar bun atá dírithe ar ábhar pacáistithe inmhúirínithe a fhorbairt agus ceann eile ina bhfuiltear ag scrúdú an úsáid a d'fhéadfaí a bhaint as gráinní dúchasacha a shaothraítear in Éirinn in earnáil na grúdaireachta agus na driogaireachta.
Chomh maith leis sin, tá roinnt tionscadal ann atá dírithe ar earnáil na foraoiseachta agus ar na trí bhuntáiste a bhaineann leis an earnáil sin ó thaobh charbóin de, ceapadh carbóin a spreagadh i bhforaoisí, carbón a stóráil ar feadh tréimhse fhada i dtáirgí adhmaid agus ábhar fuinnimh ard-tuímithe a easáitiú. Tá tionscadail eile ag cur le leis na buntáistí comhshaoil agus leis na seirbhísí éiceachórais eile a bhaineann le hearnáil na foraoiseachta.
Rachaidh na deontais a fógraíodh inniu chun tairbhe 17 nEagraíocht Déanta Taighde in Éirinn, lena n-áirítear Teagasc, Ollscoileanna agus Institiúidí Teicneolaíochta. Tríd an infheistíocht ar fud na 38 dtionscadal ar fad, cuirfear deiseanna ardoideachais ar fáil do 90 mac léinn iarchéime i bhfoirm PhDanna (55) agus céimeanna Máistreachta (35) chomh maith le post ar conradh do thaighdeoirí iardhochtúireachta agus taighdeoirí eile (75).
Tá an Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe i dTuaisceart Éireann (DAERA) chun maoiniú suas le €1.5 milliún a chur ar fáil d'institiúidí atá lonnaithe i dTuaisceart Éireann ar nós AFBI, QUB, agus UU a bheidh rannpháirteach ina gceannairí nó ina gcomhpháirtithe in ocht gcinn de na tograí ar éirigh leo . Tá 4 thionscadal bhreise ina gclúdófar an aeráid agus an timpeallacht le cómhaoiniú tríd an EPA.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire ‘’ tríd an infheistíocht iomlán de bhreis agus €21 milliún ó DAFM agus DAERA i gcaipiteal daonna agus in eolas agus saineolas eolaíoch a chur chun cinn, léirítear ranníocaíocht shuntasach i nuálaíocht agus inbhuanaitheacht san earnáil agraibhia ar oileán na hÉireann. Cuireann sé leis an €150 milliún a gheall mo Roinnse do chláir taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta agraibhia le linn na tréimhse 2012-2018.”
Leagtar amach na mionsonraí ar fad a bhaineann leis na deontais ag: https://www.agriculture.gov.ie/research/newsevents/
Nótaí don eagarthóir
Baineann na deontais le Glao ar Thograí a seoladh faoi thrí chlár iomaíocha maoinithe taighde arna n-oibriú ag an Roinn, is iad sin an Beart um Thaighde Institiúideach ar Bhia (FIRM), An Ciste um Thaighde a Spreagadh (RSF) agus an Clár um Thaighde Iomaíoch Foraoiseachta ar mhaithe le Forbairt (CoFoRD).
Is é an Beart um Thaighde Institiúideach ar Bhia (FIRM), an príomhchlár faoina maoinítear taighde ar bhia in eagraíochtaí a thugann faoin taighde in Éirinn lena n-áirítear Teagasc agus na hInstitiúidí Ardoideachais (HEI) agus dá bhrí sin a chuireann le hacmhainn taighde atá mar bhun taca faoi thionscal déantúsaíochta bia atá bríomhar, iomaíoch agus nuálach.
Féachtar leis an gCiste um Thaighde a Spreagadh (RSF) taighde a éascú a líonann na bearnaí i gclár príomhshrutha Teagasc, a thacaíonn le cleachtais agus bearta iomaíocha táirgíochta talmhaíochta agus a chuireann agus a chothaíonn geilleagar atá bunaithe ar fhaisnéis agus acmhainn taighde san earnáil talmhaíochta.
Féachtar leis an gClár um Thaighde Iomaíoch Foraoiseachta ar mhaithe le Forbairt (CoFoRD) bunsraith agus tacaíocht eolaíochta a fhorbairt ar mhaithe le tionscal foraoiseachta nuálach, iomaíoch, inmharthana atá dírithe ar an margadh.
CRÍOCH