Maoiniú €5.8M fógartha do thionscnaimh faoin Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach don Aeráid II nua
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
• 43 fhaighteoir rathúla chun €5.8 milliún a fháil faoin Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach don Aeráid II nua
• 3 thionscadal Oileáin Chomhroinnte san áireamh
• Arna thacú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus Roinn an Taoisigh
Tionscnaimh bhithéagsúlachta i Néifinn, tionscadail phobail turasóireachta inmharthana i mBun Raite, bearta seasmhachta cósta cruthaitheacha sna Machairí, rannpháirtíocht phobail i gCairlinn — seo cuid de na 43 thionscadal cruthaitheacha atá san áireamh leis an fhógra maidir leis an Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach don Aeráid de €5.8 milliún, a rinne an Taoiseach Leo Varadkar agus na hAirí Catherine Martin agus Eamon Ryan inniu.
I ndiaidh rath an Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach don Aeráid de chuid Éire Ildánach in 2021; tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus Roinn an Taoisigh ag fógairt 43 fhaighteoir rathúla an Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach don Aeráid II – Gníomhairí don Athrú de €5.8 milliún. Tacaíonn an tionscnamh seo de chuid Éire Ildánach le tionscadail chruthaitheacha, chultúrtha agus ealaíonta a chuireann le tuiscint an phobail ar an athrú aeráide agus a thugann cumhacht do shaoránaigh athruithe iompraíochta fiúntacha a dhéanamh.
Áirítear leis na tionscadail:
• Tionscadal saoránach chun caighdeán aeir i nGaillimh a mhapáil.
• Tionscnamh Oileáin Chomhroinnte ionchuimsitheach a thugann cumhacht do phobail néara-éagsúla páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht aeráide.
• Athchruthú Chrann Nollag Mhóinteach Mílic trí chleachtais cheardaíochta áitiúla agus inbhuanaitheacht.
• Clár ealaíon chruthaitheach a thabharfaidh pobail Loch Cairlinn le chéile chun spéis ina dtimpeallacht mhara a spreagadh.
• Feachtas náisiúnta, faoi cheannaireacht an tionscail fógraíochta chun físeanna malartacha ar an todhchaí a chruthú.
• Saothar idirghníomhach ag freagairt don suíomh atá mar chuspóir aige lorg carbóin amharclainne i bPort Láirge a ísliú.
• Ceiliúradh agus cíoradh ar chleachtais bhuailteachais gheimhridh sa Bhoirinn agus ar fheirmeoireacht inbhuanaithe
• Iniúchadh cruthaitheach ar thionchar an scartála in earnáil tógála na hÉireann.
Tá an Clár Éire Ildánach, i gcomhpháirt leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, ag maoiniú 40 faighteora. Tá maoiniú do 3 fhaighteoir eile curtha ar fáil mar pháirt den tionscnamh Oileáin Chomhroinnte de chuid Roinn an Taoisigh.
Agus é ag labhairt inniu, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar TD:
“Taispeántar le trí thionscadal trasteorann suntasacha a bheith san áireamh sa Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach don Aeráid, faoi thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, an tacaíocht leanúnach atá á tabhairt ag an Rialtas do ghníomhaíochtaí uaillmhianacha a dhéanann leas don tír iomlán agus a thugann daoine le chéile ar fhadhbanna coitianta Sa chás seo cuideoidh an maoiniú feasacht a chothú, tríd an chruthaitheacht, ar athrú aeráide, an baol is mó atá roimh an chine daonna inniu. Is ar ár nglúin atá sé an taoide a chasadh ar athrú aeráide agus ar chailliúint na bithéagsúlachta. Leis an ghné leanúnach Oileáin Chomhroinnte den Chlár Éire Ildánach, bainfear leas as cumhacht na cruthaitheachta cultúrtha chun pobail a thabhairt le chéile ar fud an oileáin."
Agus í ag labhairt faoin fhógra, dúirt an tAire Martin:
"Is deacair rath ár gcéad tionscnamh um Ghníomhú Cruthaitheach don Aeráid a shéanadh. Bhí an chéad 15 thionscadal an-spreagúil, an-mhachnamhach agus an-uaillmhianach. Taispeánadh uaillmhian na n-ealaíontóirí agus na bpobal a bhí bainteach leis trí na suiteáin solais dhramatúla a léirigh leibhéil na farraige ag dul in airde i nGaillimh agus i Loch Garman, cláir talmhaíochta thumthacha sa Daingean agus i dTiobraid Árann, tionscadail dícharbónaithe i Luimneach agus i bPort Láirge, agus an athbheochan ar chultúr cóirithe agus athúsáide san Iarmhí.
"Mar sin féin, ba é fíorluach an tionscnaimh ná an síormhian d’athrú fiúntach i measc gach duine a raibh baint acu leis. Leis na tionscadail atá á seoladh againn inniu, creidim go dtabharfar tuilleadh spreagadh don ghluaiseacht don athrú sin. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach ceann de na 43 thionscnamh seo as fairsinge a samhlaíochta agus as a smaoineamh tomhaiste. Tá sé go hálainn le feiceáil agus is pribhléid é tacaíocht a thabhairt dóibh."
Is tionscnamh ar leith é an Ciste um Ghníomhú Cruthaitheach don Aeráid II: Gníomhairí don Athrú mar go gcuireann sé daoine cruthaitheacha le chéile le saineolaithe san eolaíocht aeráide, san inbhuanaitheacht agus sa bhithéagsúlacht, agus é mar aidhm acu go léir an pobal a cheangal leis na hathruithe doimhne atá ag tarlú inár gcomhshaol, inár sochaí agus inár ngeilleagar mar gheall ar an athrú aeráide agus an ceangal sin a athrú ina athrú iompraíochta nó gníomhú aeráide. Fuair an ciste 239 iarratas ó raon disciplíní agus tionscal; Ailtireacht, Éascú Cruthaitheachta, Scannánaíocht, Dearadh Rannpháirtíoch, na hAmharc-Ealaíona, Oidhreacht Chultúrtha, Amharclannaíocht, Dearadh Seirbhísí, Damhsa, Litríocht, Ceol, Ealaíona Traidisiúnta, Féilte, Sorcas, Foilsitheoireacht agus Preas, agus Beochan agus Réaltacht Bhreisithe.
Agus é ag cur fáilte roimh fhógra an lae inniu, dúirt an tAire Ryan:
“Is fadhb ollmhór í an t-athrú aeráide agus is féidir leis critheagla a chur ar dhaoine go minic, nó mothaíonn siad nach féidir leo rud ar bith fiúntach a dhéanamh faoi. Is féidir an t-athrú seo a bhaint amach trí bhealaí nuálacha cruthaitheacha a aimsiú le daoine a spreagadh chun gníomh a dhéanamh. Arís tá freagra tugtha ag earnáil chultúrtha na hÉireann agus ár bpobail fhiontracha le tionscnaimh a chuirfidh dúshlan romhainn na hathruithe ar gá leo a dhéanamh chun todhchaí níos fearr dúinn go léir a chinntiú. Is obair spreagúil thábhachtach é seo agus ba mhaith liom cách a raibh baint acu léi a mholadh.”
Cuirfidh an 43 fhaighteoir ráthúla tionscadail ar bun ar fud oileán na hÉireann, le 3 thionscadal Ignite atá maoinithe ag an tionscnamh Oileáin Chomhroinnte san áireamh (Aontraim, an Dún agus Fear Manach). Tacóidh an ciste le tionscadail faoi dhá ghné. Le Gné 1, Ignite, tacófar le 19 dtionscadal idirdhisciplíneacha ar mhórscála le tuilleadh rannpháirtíochta pobail ar leibhéal náisiúnta. Beidh siad seo ar siúl go dtí 2025. Le Gné 2, Spark, maoineofar 24 thionscadal ar bhonn píolótach chun smaointe nua a chothú maidir le rannpháirtíocht phoiblí ar scála áitiúil, pobail nó pobail chleachta. Críochnófar na tionscadail seo faoi dheireadh 2024.
Nóta d’Eagarthóirí
Tá eolas ar na 43 tionscadal ar fáil anseo.
Tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte
Ciste Spark:
Ciste Ignite:
An Ciste um Ghníomhú Cruthaitheach don Aeráid:
Is tionscnamh de chuid Éire Ildánach é an Ciste um Ghníomhú Cruthaitheach don Aeráid i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide a thacaíonn le tionscadail chruthaitheacha, chultúrtha agus ealaíonta a chothaíonn feasacht ar athrú aeráide agus a thugann cumhacht do shaoránaigh athruithe iompraíochta fiúntacha a dhéanamh.
Sheol na hAirí Catherine Martin agus Eamonn Ryan an ciste ar dtús in 2021. Bhí an ciste ag iarraidh tionscadail chomhoibríocha a aimsiú a raibh ábalta ceangal fiúntach a chothú idir dhaoine agus na hathruithe doimhne atá ag tarlú sa chomhshaol, sa tsochaí agus sa gheilleagar atá ag tarlú mar gheall ar athrú aeráide, ag úsáid cineálacha cur chuige cruthaitheacha, cultúrtha agus ealaíonta chun ceangal agus feasacht a athrú ina ngníomhú aeráide.
Is comhthionscnamh é Clár ‘Gníomhú Cruthaitheach don Aeráid II: Gníomhairí don Athrú’ idir an Chlár Éire Ildánach agus an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Tá tionscadail chruthaitheacha á n-éileamh leis an chlár, chun:
• Gach duine a spreagadh chun athmhachnamh a dhéanamh ar a stíleanna maireachtála
• Ceangail leis an ghéarchéim bhithéagsúlachta
• Aistriú cothrom agus cóir a chinntiú maidir le hathruithe ar stíleanna maireachtála
• Saoránaigh a chuidiú le tuiscint a fháil ar an ghéarchéim aeráide
• Oiriúnú d’éifeachtaí athraithe aeráide
Is cuid den Chlár Rialtais é; “Tacú le hÉire Ildánach ina tionscnamh chun ‘Plé a Dhéanamh leis an Phobal ar Athrú Aeráide tríd an Earnáil Chultúrtha agus Chruthaitheach” (lch 88).
Clár Éire Ildánach
Is clár é Éire Ildánach trína ndéantar nasc idir daoine, cruthaitheacht agus folláine. Is clár cultúir agus folláine uile-rialtais muid a spreagann daoine, áiteanna agus pobail tríd an chruthaitheacht agus a athraíonn ó bhonn iad. Tá muid tiomanta don fhís gur cheart go mbeadh deis ag gach uile dhuine teacht in inmhe go hiomlán ó thaobh cruthaitheachta de.
Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide de chuid na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:
Bunaíodh an Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide ar bhonn reachtúil sa bhliain 2020 chun tacaíocht a thabhairt do thionscadail, tionscnaimh agus taighde a rannchuidíonn le spriocanna aeráide agus fuinnimh na hÉireann a bhaint amach, agus fosta chun tacu le tionscadail agus tionscnaimh atá i réigiúin den Stát, agus atá in earnálacha den gheilleagair, a n-imríonn an t-aistriú chuig geilleagair ísealcharbóin tionchar orthu. Cuirtear acmhainní ar fáil don chiste ó raon foinsí, cosúil le fáltais ón tobhach a íoctar leis an Ghníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta (NORA) i ndáil le diúscairtí iomchuí táirgí peitriliam, tar éis ceanglais chistiúcháin NORA a chomhlíonadh.
Tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte
Is tosaíocht uile-Rialtais é an tionscnamh Oileáin Chomhroinnte chun caidreamh a fhorbairt leis an uile dhream den uile thraidisiún chun comhaontú a chothú ar ár dtodhchaí comhroinnte, a bhfuil Comhaontú Aoine an Chéasta ina bhonn treise faoi. Tacaítear leis an tionscnamh Oileáin Chomhroinnte le Ciste um Oileán Comhroinnte, le €1 billiún imfhálaithe go dtí 2030 i leith gealltanas agus aidhmeanna maidir le hinfheistíocht uile-oileáin a thabhairt i gcrích, mar a leagtar amach sa Chlár Rialtais agus an Plean Forbartha Náisiúnta 2021-2030; bunaithe ar chlár rannpháirtíochta le daoine ar fud an oileáin tríd an tsraith Idirphlé maidir le hOileán Comhroinnte agus clár taighde polasaí cuimsitheach, a chuireann bonn fianaise agus anailís ar oileán na hÉireann ar fáil i raon réimsí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta.
Iarrfar sa ghné Oileáin Chomhroinnte de Chlár Éire Ildánach úsáid a bhaint as chruthaitheacht ar bhonn oileáin chomhroinnte chun na nithe seo a leanas a dhéanamh: Níos mó deiseanna do thionscnaimh thrasphobail chultúir agus chruthaitheacha a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga; tacú le húdaráis áitiúla feabhas a chur ar líonraí cruthaitheachta ar mhaithe le comhpháirtíochtaí fuinniúla agus ionchuimsitheacha idir daoine agus idir pobail; Éire a cheapadh ina ceannaire domhanda ó thaobh luach na cruthaitheachta agus na folláine meabhraí, i sochaithe iarchoinbhleachta san áireamh; Comhoibriú a neartú chun oileán atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil agus na sochaí a bhaint amach.
Cuirfear €730,000 leis an Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach don Aeráid mar pháirt de ghné Oileáin Chomhroinnte an Chláir Éire Ildánach. Tá an maoiniú seo á chur ar fáil do thionscadail a bhfuil comhpháirtíocht agus gné láidir uile-oileáin tuaisceart-deisceart nó oirthear-iarthar ag baint leis an ghníomhaíocht, nó do thionscadail a cheaptar agus a thugtar chun críche ar bhonn Oileáin Chomhroinnte ina iomláine. Tá níos mó eolais ar an Tionscnamh Oileáin Chomhroinnte, an gné seo de Chlár Éire Ildánach san áireamh, ar fáil ag www.gov.ie/sharedisland