Seolann an tAire Humphreys tús an tSéasúir Nua Breosla
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Cosanta Sóisialta, Heather Humphreys TD, inniu go gcuirfear tús leis an Scéim Náisiúnta Breosla do Séasúr 2021/2022.
Íocfar an Liúntas Breosla, ar íocaíocht measúnaithe acmhainne é, ar feadh 28 seachtaine le tuairim is 370,000 teaghlach ar fud an Stáit.
Tá buiséad de €292 milliún curtha i leataobh don séasúr atá le teacht agus an Roinn ag soláthar dhá rogha íocaíochta.
Íoctar ráta seachtainiúil de €28 le faighteoirí nó, más fearr leo, dhá íocaíocht chnapshuime de €392 an ceann.
Eiseofar na chéad íocaíochtaí seachtainiúla ón tseachtain seo i dteannta le gnáthíocaíochtaí leasa shóisialaigh seachtainiúla na bhfaighteoirí.
Agus Séasúr Breosla 2021/2022 á sheoladh go foirmiúil, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá ról ríthábhachtach ag an Liúntas Breosla maidir le cuidiú leis na mílte teaghlach lena gcostais téimh i rith míonna an gheimhridh.
“Feidhmíonn sé mar chabhair airgeadais do dhaoine atá ina gcónaí i dteaghlaigh ar ioncam íseal chun cabhrú leis an gcostas a bhaineann le leictreachais agus ola théimh.
“Mar aitheantas ar a thábhachtaí atá sé don oiread sin teaghlach, mhéadaigh mé an ráta íocaíochta seachtainiúil faoi €3.50 i mo chéad Bhuiséad mar Aire Coimirce Sóisialaí.
“Tuigim go bhfuil costais téimh ina gcúis imní do go leor agus go bhfuil méadú ag teacht ar bhillí agus iad ag filleadh ar leibhéil 2019.
“Beidh sé seo ina fhachtóir tábhachtach domsa mar Aire agus mé ag leanúint le caibidlíocht Bhuiséad 2022, i dteannta le mo chomhghleacaithe sa Rialtas."
Dúirt an tAire:
“Ba mhaith liom a mheabhrú do theaghlaigh a íocadh an Liúntas Breosla anuraidh go n-íocfar go huathoibríoch arís iad i mbliana chomh fada agus a fhanfaidh siad i dteideal.
“Tá sé tábhachtach a rá freisin go bhfuil dhá rogha ann le haghaidh íocaíochta. Mar mhalairt ar íocaíocht sheachtainiúil de €28, tá an rogha ag teaghlaigh freisin dhá chnapshuim de €392 an ceann a fháil.
“Mar fhocal scoir, impím ar dhuine ar bith atá incháilithe le haghaidh na híocaíochta iarratas a chur isteach láithreach."
Ní mór do chustaiméirí ar mian leo iarratas a dhéanamh ar Liúntas Breosla an fhoirm iarratais ar Liúntas Breosla (NFS1) a chomhlánú atá ar fáil trí Ionaid Intreo, Oifigí Poist na Roinne nó ar láithreán gréasáin na Roinne www.gov.ie/dsp agus é a chur ar ais chuig a limistéar scéime. Íoctar Liúntas Breosla amháin in aghaidh an teaghlaigh.
Ní gá do chustaiméirí a fuair an íocaíocht anuraidh iarratas a dhéanamh arís ach ina ionad sin gheobhaidh siad an íocaíocht go huathoibríoch ar choinníoll go gcoinníonn siad teidlíocht ar an íocaíocht.
Chomh maith leis an íocaíocht a fháil i dtráthchodanna seachtainiúla, is féidir le custaiméirí a roghnú Liúntas Breosla a fháil in dhá íocaíocht chnapshuime. Eiseofar an chéad íocaíocht chnapshuime de €392 an tseachtain seo (27 Meán Fómhair) agus eiseoidh an dara ceann seachtain an 3 Eanáir 2022.
D’fhéadfadh duine atá ag fáil Liúntas Gáis Nádúrtha nó Leictreachais faoi Phacáiste Sochair Teaghlaigh na Roinne Coimirce Sóisialaí, agus a úsáideann gás nó leictreachas chun a dtithe a théamh, a bheith i dteideal an Liúntais Bhreosla.
Féadfaidh duine cáiliú le haghaidh Liúntais Bhreosla má tá ceann de na híocaíochtaí seo a leanas á fáil aige ón Roinn Coimirce Sóisialaí:
Féadfaidh duine a bheith i dteideal an Liúntais Bhreosla má tá ceann de na híocaíochtaí seo a leanas á fháil aige ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte:
nó
Má tá siad ag glacadh páirte i scéim fostaíochta nó oideachais agus má tá siad i dteideal a gcuid sochar tánaisteach a choinneáil,
agus
agus
Tá faisnéis iomlán faoin Liúntas Breosla ar fáil ar Láithreán Gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí anseo.
Contae | Líon na dTeaghlach * | |
Ceatharlach | 5,843 | |
An Cabhán | 6,450 | |
An Clár | 9,629 | |
Corcaigh | 39,332 | |
Dún na nGall | 18,497 | |
Baile Átha Cliath | 76,468 | |
Gaillimh | 18,886 | |
Ciarraí | 13,825 | |
Cill Dara | 11,787 | |
Cill Chainnigh | 6,980 | |
Laois | 5,977 | |
Liatroim | 3,627 | |
Luimneach | 16,315 | |
An Longfort | 4,578 | |
Lú | 11,591 | |
Maigh Eo | 13,918 | |
An Mhí | 10,761 | |
Muineachán | 5,018 | |
Uíbh Fhailí | 6,752 | |
Ros Comáin | 5,655 | |
Sligeach | 6,217 | |
Tiobraid Árann | 16,284 | |
Port Láirge | 11,893 | |
An Iarmhí | 7,289 | |
Loch Garman | 15,829 | |
Cill Mhantáin | 9,584 | |
Iomlán | 358,985 |