Fógraíonn an tAire O'Donovan go bhfuil maoiniú faofa um oibreacha cosanta tuile ag Baile na gCléireach, Abha na Stainge agus Corr na Muclach Theas, Co. Liatroma
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D., gur faomhadh trí iarratas ó Chomhairle Contae Liatroma faoi Scéim OPW um Mionoibreacha Maolú Tuile agus Cosaint Chósta. Tá €152,432 in iomlán faofa: €99,930 um chainéal draenála chun locha a ghlanadh agus beirmeacha a sholáthar ar chúl maoine i mBaile na gCléireach. Faomhadh €30,203 um chainéal draenála chun locha a ghlanadh, beirm a shíneadh agus droichead príobháideach do choisithe a neartú ar Abhann na Stainge, Baile na gCléireach. Faomhadh €22,299 um chainéal draenála a ghlanadh, beirmeacha ar feadh na habhann a athshuíomh agus lána príobháideach a athchruthú ag Corr na Muclach Theas.
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works