Buaileann an tAire Donnelly le Comhpháirtithe an AE chun rolladh amach na bpleananna vacsaínithe COVID-19 i mBallstáit an AE a phlé
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhuail an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, inniu (Dé Céadaoin) lena chomhghleacaithe san AE chun leathadh amach reatha pleananna vacsaínithe COVID-19 a mheas i ngach Ballstát agus chun machnamh a dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó thús an phróisis vacsaínithe. Bhí ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach, ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus ón nGníomhaireacht Eorpach Leigheasra (EMA) in éineacht le hairí sláinte an AE ar an bhfíschomhdháil.
Dúirt an tAire Donnelly,
“I bhfianaise na staide eipidéimeolaíochta atá ann faoi láthair, tá sé fíorthábhachtach go bhfuil rochtain againn ar an bpunann vacsaíní a chláraigh muid lena n-aghaidh mar chuid d’Fhoireann na hEorpa, a luaithe a mheastar go bhfuil siad sábháilte agus éifeachtach." Dúirt sé freisin, “Ba mhór againn in Éirinn an obair a rinne an EMA agus an Coimisiún roimh an Nollaig chun an próiseas ceadaithe do Pfizer-BioNtech a bhrostú. Tá daoine ag fiafraí anois an bhfuil aon rud ann a d’fhéadfaí a dhéanamh chun ceadú an vacsaín AstraZeneca a bhrostú, agus a chinntiú go gcuirtear na próisis údaraithe iomchuí i gcrích. Go deimhin, sa phaindéim seo, tá tábhacht le baint le gach uile lá."
Labhair an tAire Donnelly lena chomhpháirtithe san AE,
“Beidh foghlaim óna chéile ríthábhachtach chun na buntáistí a bhaineann lenár gcláir vacsaínithe a uasmhéadú… lena n-áirítear tionscnaimh maidir le roinnt sonraí eipidéimeolaíocha laistigh den Eoraip agus ag an ECDC." Lorg an tAire soiléireacht freisin maidir le leithdháiltí idirbheartaithe an Choimisiúin, Roghanna agus ‘dáileoga breisithe’ den vacsaín Pfizer-BioNTech le go mbeifear in ann leanúint d'ullmhúcháin mhionsonraithe de réir mar a chuirtear luas faoin gclár vacsaínithe in Éirinn.
CRÍOCH