Taispeántas nua de ghnéithe tábhachtacha de shaol na hÉireann le 100 bliain anuas
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Teach an Chóiste, Caisleán Bhaile Átha Cliath, an 17 Aibreán – an 8 Meán Fómhair
Inniu osclóidh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, taispeántas nua i dTeach an Chóiste, Caisleán Bhaile Átha Cliath, ina léirítear gnéithe de shaol in Éirinn neamhspleách, mar a nochtar iad i dtaifid an stáit.
Léirítear sa taispeántas, Sochaí agus Stát – Éire trína Taifid, a chuir an Chartlann Náisiúnta i láthair, rogha taifead ina dtugtar cuntas ar an gcaoi ar oibrigh an stát agus sochaí na hÉireann ó na 1920idí go dtí deireadh an fichiú haois.
Osclaíonn an taispeántas ar chothrom an ama 75 bliain a fógraíodh Éire ina Poblacht, an tseachtain seo i mí Aibreáin 1949. Tá íomhánna den imeacht seo san áireamh sa taispeántas.
Ag labhairt roimh sheoladh an taispeántais, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin:
“Ó 2012 i leith, rinneadh comóradh i nDeich mBliana na gCuimhneachán ar an ré réabhlóideach a chríochnaigh le críochdheighilt, cogadh cathartha, agus cruthú stát neamhspleách na hÉireann. Déanann sé ciall, mar sin, gur cheart dúinn, tar éis Deich mBliana na gCuimhneachán a thabhairt chun críche, breathnú níos faide ar aghaidh ná 1923, chun iniúchadh a dhéanamh ar an tsochaí a tháinig chun cinn ina dhiaidh sin."
“Agus muid ag druidim le heisiúint Dhaonáireamh 1926 ón gCartlann Náisiúnta in 2026, an chéad chuntas cuimsitheach agus oifigiúil ar an stát a tháinig i bhfeidhm le déanaí, breathnaíonn muid siar ar na taifid oifigiúla atá i seilbh an Chartlann Náisiúnta agus cad a nochtar iontu faoin saol in Éirinn ó tháinig sí ar an saol breis is céad bliain ó shin."
Léiríodh do rialtas an lae sa chéad daonáireamh seo ar Shaorstát na hÉireann íomhá staitistiúil d’Éirinn agus dá muintir. Thacaigh an fhaisnéis daonra seo leis an rialtas agus é ag pleanáil dá shaoránaigh sna blianta amach rompu.
Tosaíonn an taispeántas seo leis na 1920idí agus 1930idí mar thréimhse leathnaithe iar-neamhspleáchais agus saoirse nuabhunaithe tar éis na gcéadta bliain de riail na Breataine, agus críochnaíonn sé leis na 1990idí, le méadú liobrálú shochaí na hÉireann, agus le teacht chun cinn an Tíogair Cheiltigh mar a thugtar air.
Críochnaíonn na taifid atá le feiceáil, a léiríonn na blianta seo agus an iliomad imeachtaí a tharla, díreach agus muid ag druidim leis na nóchaidí, toisc nach n-aistrítear formhór taifead an stáit chuig an gCartlann Náisiúnta go dtí go mbíonn siad 30 bliain d’aois.
Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir an Chartlann Náisiúnta:
“D’ainneoin na ndúshlán eacnamaíoch a bhí roimh an stát nua, cuireadh tús le clár forbartha sna 1920idí. Ó sholáthar na tithíochta sóisialta go dtí tabhairt isteach scéimeanna uisce agus séarachais, ó leictriú na tuaithe in Éirinn go dtí leathnú ar ghréasán iompair phoiblí, rinneadh claochlú agus nuachóiriú ar bhonneagar fisiciúil na tíre thar na blianta."
"Tugadh isteach beartas chun an Ghaeilge a chur chun cinn, cruthaíodh siombailí na hÉireann ar nós an chláirseach Ghaelaigh, an ‘punt’ agus cumadh an mhoráltacht phoiblí le ról ag an Eaglais Chaitliceach i ngnóthaí an Stáit, ról a bhí ag éirí ní ba lárnaí."
"Ó 1926 ar aghaidh, rinneadh daonáireamh gach 10 mbliana ag léiriú an stáit a bhí ag teacht chun cinn. Ó eisimirce go fás geilleagrach, ón meánoideachas saor in aisce go dtí deireadh a chur le bac an phósta, chonacthas feabhsuithe bunathraithe san fhichiú haois ar sheirbhísí poiblí in Éirinn chomh maith le hathruithe móra sóisialta agus cultúrtha. Tógadh náisiún.”
Taispeánann an taispeántas seo an turas seo trí thaifid oifigiúla stáit ón gCartlann Náisiúnta, agus beidh sé le feiceáil ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta níos déanaí, i mí Mheán Fómhair, chun lucht féachana níos leithne a bhaint amach.
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:
Sa Chartlann Náisiúnta, caomhnaítear cuimhne an Stáit i bhfoirm a thaifid scríofa. Faightear taifid phoiblí na hÉireann don Chartlann agus cosnaítear inti iad, agus ar an gcaoi sin cinntítear go bhfuil na taifid ar fáil mar acmhainn do chách. Baineann na taifid seo le stair shóisialta, chultúrtha, eacnamaíoch agus pholaitiúil oileán na hÉireann ó na Meánaoiseanna go dtí bunú Shaorstát na hÉireann in 1922 agus sa ré nua-aimseartha.
Agus breis is 50 milliún taifead sa Chartlann Náisiúnta is é seo an chéad taispeántas i sraith thar na blianta atá le teacht ina léireofar forbairt stát nua-aimseartha na hÉireann ó chéad Daonáireamh 1926 i leith.
Dátaí an taispeántais:
Teach an Chóiste, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2
17 Aibreán – 8 Meán Fómhair 2024
An Comórtas Náisiúnta Treabhadóireachta, Ráithín an Uisce, Co. Laoise
18 - 20 Meán Fómhair 2024