Iarrtar aighneachtaí maidir le dearadh Scéim Éarlaise agus Aisíoca na hÉireann (DRS)
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD cuireadh don phobal a dtuairimí a thabhairt ar dhearadh scéim éarlaise agus aisíoca do bhuidéil phlaisteacha agus do channaí alúmanaim.
Leagtar amach sa Chlár don Rialtas - Ár dTodhchaí Comhroinnte - agus an Plean Gníomhaíochta Dramhaíola do Gheilleagar Ciorclach Ciorclach tiomantas an rialtais chun Scéim Éarlaise agus Aisíoca (DRS) a thabhairt isteach do bhuidéil phlaisteacha (suas le trí lítear i méid) agus do channaí alúmanaim.
Moltar sa chomhairliúchán poiblí a foilsíodh inniu go mbeadh éarlais €0.20 i gceist in aghaidh an choimeádáin, agus iarradh aighneachtaí ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara maidir le dearadh na Scéime. Is í príomhfheidhm na scéime rátaí athchúrsála a mhéadú agus tacú leis an ngeilleagar ciorclach trí ábhair a choinneáil in úsáid go táirgiúil agus an t-éileamh ar ábhair nua a laghdú. Taispeánadh freisin go gcuidíonn scéimeanna den sórt sin chun daoine a stopadh ó bheith ag caitheamh coimeádáin dí uathu mar bhruscar.
Tá scéimeanna éarlaise agus aisíoca ann le blianta fada agus dhear an tionscal dí iad ar dtús mar bhealach chun buidéil a thabhairt ar ais chun go bhféadfaí iad a ní, a athlíonadh agus a athdhíol. Tá cuimhne ag roinnt daoine in Éirinn ar chóras a úsáideadh roimhe seo chun a chinntiú go dtabharfaí buidéil ghloine bhainne agus deochanna boga ar ais lena n-athúsáid. I scéim DRS éilítear éarlais inaisíoctha ar choimeádáin dí chun tomhaltóirí a spreagadh chun a gcoimeádáin dí a thabhairt ar ais lena n-athchúrsáil nó lena n-athúsáid.
Ag labhairt dó ag an bhfoilsiú, dúirt an tAire Ryan:
“Má táimid chun tairbhe a bhaint as geilleagar ciorclach caithfimid an chaoi a n-úsáidimid agus a mbainistímid ár n-acmhainní a chur in oiriúint dó. Ní mór dúinn iarracht a dhéanamh acmhainní a choinneáil i gcúrsaíocht chomh fada agus is féidir agus is é an chéad chéim ná an DRS a thabhairt isteach, toisc go gcaithfimid níos mó buidéal plaisteach agus cannaí alúmanaim a bhailiú agus a athchúrsáil. Cuideoidh sé freisin le bruscar a laghdú agus cinnteoidh sé go gcomhlíonfaimid spriocanna an AE atá á leagadh síos. Is é an páipéar comhairliúcháin seo an chéad chéim sa phróiseas seo agus tá súil agam go dtógfaidh páirtithe leasmhara agus baill den phobal ar spéis leo an scéim an t-am chun na saincheisteanna a bhaineann le DRS a mheas agus tacú lena tabhairt isteach."
CRÍOCH
Sa Phlean Gníomhaíochta Dramhaíola do Gheilleagar Ciorclach, a d’fhoilsigh an tAire Ryan ar an 4 Meán Fómhair, tugadh breac-chuntas ar na céimeanna a ghlacfaí chun an scéim a thabhairt isteach. Is iad seo na céimeanna sin:
1. Comhairliúchán poiblí ar roghanna dearaidh - á sheoladh inniu ar feadh tréimhse sé seachtaine
2. Comhairliúchán poiblí ar an leagan amach is fearr agus ar na dréachtrialacháin (R1 2021)
3. Tús a chur leis an reachtaíocht a bheidh mar bhonn taca faoin scéim (R3 2021)
4. An scéim a thabhairt isteach (R3 2022)
In éineacht leis an bpáipéar comhairliúcháin seo, ina leagtar amach conas a d’fhéadfadh samhlacha féideartha DRS oibriú in Éirinn, tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ag foilsiú tuarascála a choimisiúnaigh sí ó Eunomia Research and Consulting chun anailís a dhéanamh ar roghanna d’Éirinn chun níos mó buidéal plaisteach agus coimeádán dí alúmanaim a aisghabháil.
Chun freagraí struchtúrtha a éascú, tá roinnt ceisteanna curtha ar fáil sa pháipéar lena mbreithniú. Ní cheanglaítear ar fhreagróirí freagra a thabhairt ar gach ceist agus tá cead acu pointí ábhartha eile a tharraingt anuas. Fáilteofar roimh gach aighneacht agus breithneofar iad agus an Scéim Taisce agus Aisíoc nua á forbairt.
Is é an dáta deiridh d’aighneachtaí ná 5pm Déardaoin 12 Samhain 2020.