Seolann an tAire McConalogue an Cód Dea-Chleachtais d’Úinéirí Capall maidir le hÚsáid Fhreagrach um Fhrithmhiocróbaigh i gCapaill
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., an Cód Dea-Chleachtais maidir le hÚsáid Fhreagrach um Fhrithmhiocróbaigh i gCapaill. Is é seo an 8ú Cód Dea-Chleachtais ar úsáid fhreagrach frithmhiocróbaigh arna fhorbairt ag agus ar a son, ár bpáirtithe leasmhara san earnáil sláinte ainmhithe.
Ag seoladh an Chóid dó, dúirt an tAire:
“Agus iad ag obair i gcomhpháirtíocht, tháinig ár bpáirtithe leasmhara ildisciplíneacha eachaí le chéile arís chun acmhainn den chéad scoth a sholáthar dár n-úinéirí agus coimeádaithe capall. Leagann an Cód dea-chleachtais seo béim ar a thábhachta atá sé úsáid fhreagrach a bhaint as frithmhiocróbaigh, amhail antaibheathaigh, chun a n-éifeachtacht a chosaint oiread agus chomh fada agus is féidir, dár n-othair dhaonna agus thréidliachta araon. Rud atá tábhachtach, cuireann an Cód comhairle praiticiúil, beacht ar fáil freisin chun tacú le húsáid fhreagrach frithmhiocróbaigh ag úinéirí agus coimeádaithe capall.”
Is aschur é an Cód seo de Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán Aon Sláinte amháin a bhaineann le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh (iNAP). Ag cur béime ar na himpleachtaí fadréimseacha, mura dtugtar aghaidh go héifeachtach ar AMR, dúirt an tAire:
“Is bagairt dhomhanda é AMR - bagairt ar ár sláinte, ar shláinte ár n-ainmhithe, ar ár dtimpeallacht chomhroinnte agus ar deireadh thiar thall, ar ár dtionscal talmhaíochta. Ní hamháin go gcaithfimid úsáid fhreagrach ábhar frithmhiocróbach a chinntiú, ach ní mór do gach úinéir ainmhí an méid is féidir leo a dhéanamh chun sláinte a n-ainmhithe a chur chun cinn agus chun an baol galar a laghdú. Is príomhbhearta iad cosc ar ghalair trí bhithshlándáil fheabhsaithe agus trí bhainistíocht optamach sláinte ainmhithe chun an gá le húsáid frithmhiocróbach, amhail antaibheathaigh, a laghdú. Leagtar amach go soiléir sa Chód seo na bearta seo dár n-úinéirí capall.”
D’admhaigh an tAire McConalogue an méid a chuir baill uile Choiste Forfheidhmithe Sláinte Ainmhithe iNAP, go háirithe iad siúd a chomhoibrigh agus a thug ceannaireacht i bhforbairt an Chóid seo d’úinéirí capall:
“Is mian liom buíochas ó chroí a ghabháil lenár bpáirtithe leasmhara sláinte eachaí, go háirithe cleachtóirí tréidliachta agus taighdeoirí as a ndíograis, a dtiomantas, a gcuid ama agus saineolais, agus iad go léir tugtha go fial, leis an doiciméad seo a tháirgeadh. Is ceist chasta dhomhanda é AMR - is trí oibriú le chéile, ag baint úsáide as cur chuige Aon Sláinte amháin (One Health), is féidir linn ár gcuspóirí a bhaint amach go rathúil chun dul i ngleic le AMR.”
Leagann an Cód béim freisin ar an ról tábhachtach maoirseachta atá ag cleachtóirí tréidliachta eachaí chun úsáid ábhar frithmhiocróbach a laghdú.
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí
Tá tuilleadh faisnéise ar AMR ar fáil ar an leathanach gréasáin roinnte AMR na Roinne Sláinte agus na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara: www.gov.ie/amr
Cad is AMR ann?
Is éard atá i gceist le frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach (AMR) ná frithsheasmhacht miocrorgánaigh in aghaidh druga a bhí éifeachtach ar dtús chun cóireáil a chur ar ionfhabhtuithe a tháinig chun cinn de bharr an mhiocrorgánaigh sin. Tá miocrorgánaigh fhrithsheasmhacha (lena n-áirítear baictéir, fungais, víris agus prótosoa) in ann ionsaí ó dhrugaí frithmhiocróbacu, amhail drugaí frithbhaictéarach (m.sh., antaibheathaigh), frithfhungasach, frithvhíreasach, agus frithmhaláireach, a sheasamh, ionas go n-éiríonn cóireálacha caighdeánacha neamhéifeachtach agus go leanann fhabhtaithe, rud a mhéadaíonn an líon baol leathadh chuig daoine eile.
Tá frithmhiocróbaigh riachtanach do chleachtadh na míochaine nua-aimseartha, rud a chumasaíonn idirghabhálacha agus cóireálacha leighis sofaisticiúla, amhail ceimiteiripe agus trasphlandú orgáin.
Tá tuilleadh eolais ar AMR ar fái anseo .
Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta ar AMR
Tiomantas idirnáisiúnta do Bhallstáit an Choimisiúin Eorpaigh agus na hEagraíochta Domhanda Sláinte araon is ea Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta ar AMR.
Forbraíodh iNAP2 tar éis Plean Gníomhaíochta Domhanda WHO ar Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbaigh. Tá raon idirghabhálacha agus gníomhaíochtaí straitéiseacha sa phlean trasna na n-earnálacha sláinte dhaonna, sláinte ainmhithe agus comhshaoil agus iad grúpáilte faoi chúig chuspóir straitéiseacha atá dírithe ar:
1. Feabhas a chur ar fheasacht agus ar eolas ar AMR;
2. Feabhas a chur ar fhaireachas ar fhrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach agus ar úsáid antaibheathach;
3. Laghdú ar scaipeadh ionfhabhtaithe agus galair;
4. Úsáid antaibheathach i sláinte an duine agus sláinte ainmhithe a bharrfheabhsú; agus
5. Taighde agus infheistíocht inbhuanaithe i gcógais nua, uirlisí diagnóiseacha, vacsaíní agus idirghabhálacha eile a chur chun cinn
Tá an Dara Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbaigh 2021 – 2025 de chuid na hÉireann ar fáil anseo .
Cad é Aon Sláinte amháin?
Is straitéis dhomhanda é an coincheap Aon Sláinte amháin chun comhoibriú agus cumarsáid idirdhisciplíneach a leathnú i ngach gné de chúram sláinte do dhaoine, d’ainmhithe agus don chomhshaol. Agus tuiscint aige go bhfuil sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte éiceachórais fite fuaite lena chéile, féachann Aon Sláinte amháin le sláinte agus folláine gach speicis a chur chun cinn, a fheabhsú agus a chosaint trí iarracht a dhéanamh cur leis an gcomhoibriú idir lianna, tréidlianna, gairmithe sláinte eolaíochta agus gairmithe comhshaoileile chomh maith le neart sa cheannaireacht agus sa bhainistíocht a chur chun cinn chun na spriocanna sin a bhaint amach.
Tá comhoibriú idirnáisiúnta ann ar Aon Sláinte amháin tríd an tionscnamh ceathrair a fhéachann le dul i ngleic le bagairtí domhanda sláinte phoiblí Aon Sláinte amháin, mar AMR, a éilíonn gníomhaíocht ar fud earnálacha sláinte dhaonna agus ainmhithe, talmhaíocht agus an comhshaol níos leithne. Tá ceithre phríomhghníomhaireacht sa tionscnamh ceathrúil: Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO), Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP), an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) agus an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH).
Tá tuilleadh faisnéise maidir le cur chuige Aon Sláinte amháin na hÉireann i leith AMR ar fáil anseo .
Coiste Comhairliúcháin Náisiúnta Idir-Rannach ar Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbaigh
Ar leibhéal náisiúnta bhunaigh an Príomhoifigeach Míochaine (CMO) agus Príomhoifigeach Tréidliachta (CVO) na Roinne Sláinte agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, faoi seach, an Coiste Comhairliúcháin Náisiúnta Idir-Rannach ar Fhrithsheasmhacht in aghaidh Frithmhiocróbach. Bunaíodh i 2014 é. Is éard atá i mballraíocht an choiste, ná ionadaithe ón dá Roinn, ó ghníomhaireachtaí ábhartha FSS, an EPA, HPRA, FSAI agus grúpaí príomhpháirtithe leasmhara eile sna hearnálacha sláinte dhaonna agus ainmhithe.