D’fhógair an tAire Heydon go mbeidh comhoibriú talmhaíochta neartaithe idir Éire agus an Ghearmáin
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, a bhfuil freagracht speisialta air maidir le taighde agus nuálaíocht, Martin Heydon TD comhaontú maidir le comhoibriú talmhaíochta neartaithe idir Éire agus an Ghearmáin.
Tar éis cruinniú déthaobhach fiúntach i mBeirlín Dé hAoine idir an tAire Heydon agus an Státrúnaí Parlaiminte in Aireacht Chónaidhme Bia agus Talmhaíochta na Gearmáine, an Dr Ophelia Nick, d’aontaigh na hAireachtaí caibidil talmhaíochta nuashonraithe a chur leis an tríú leagan de Phlean Comhpháirteach Gníomhaíochta na hÉireann agus na Gearmáine.
Dúirt an tAire Heydon;
“Bhí saincheisteanna talmhaíochta mar chuid mhór de mo chlár Lá Fhéile Pádraig don Ghearmáin. ‘Tá an caidreamh idir Éire agus an Ghearmáin láidir, agus toisc gurb í an Ghearmáin an comhpháirtí trádála is mó in Éirinn san Aontas Eorpach, is comhpháirtí an-tábhachtach é. “Tá sin fíor go háirithe i gcás na trádála agraibhia, áit ar tháinig méadú beagnach faoi dhó ar onnmhairí na hÉireann go dtí an Ghearmáin idir na blianta 2012 agus 2022, ó €571 milliún in 2012 go thart ar €1.1 bhilliún in 2022.
“I bhfianaise réimsí iomadúla na leasanna comhchosúla, tá áthas orm uaillmhian mhéadaithe a fheiceáil sa chomhaontú seo i leith an chomhoibrithe idir an Ghearmáin agus Éire. Ó shé thionscadal talmhaíochta sa dara leagan den Phlean, go dtí aon thionscadal déag sa tríú leagan, tá an comhoibriú idir an dá thír ag dul ó neart go neart.”
Comhaontaíodh an chéad Chomhphlean Gníomhaíochta (JPOA) idir Éire agus an Ghearmáin i mí na Samhna 2018 agus daingníodh an comhoibriú idir an dá thír thar roinnt réimsí ó shin i leith.
San earnáil talmhaíochta, áiríodh leis an gcomhphlean taighde comhpháirteach ar tháirgeadh beostoic dírithe ar leas ainmhithe, chomh maith le comhoibriú i dtaca le sláinte plandaí agus foraoiseacht. Téitear chun cinn agus cuirtear leis an gcomhoibriú sin sa tríú leagan den phlean, lena gcuimsítear tuilleadh comhoibrithe i dtaca le comhthionscadail taighde ar leas ainmhithe feabhsaithe do bha déiríochta, taighde comhoibríoch san Eoraip idir Institiúidí Gearmánacha agus Éireannacha a neartú, comhoibriú i réimse na sláinte plandaí agus sláinte foraoise, agus comhoibriú maidir le tailte móna. Pléifidh na tíortha freisin an fhéidearthacht maidir le comhoibriú i dtaca le deiseanna chun earnáil na gairneoireachta a fhorbairt, deiseanna bithfhuinnimh, agus deiseanna maidir le feirmeoireacht orgánach.
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí:
Is plean uile-rialtais é an Comhphlean Gníomhaíochta idir an Ghearmáin agus Éire a comhaontaíodh idir an dá Rialtas ar dtús i mí na Samhna 2018, agus a athnuadh le haghaidh dara leagan i mí Eanáir 2021. Tá an tríú leagan á chomhaontú faoi láthair trasna réimsí éagsúla den rialtas, agus táthar ag súil go dtabharfar chun críche é níos déanaí i mbliana. Is í an chaibidil talmhaíochta atá aontaithe anois.
D’éirigh go háirithe leis an tionscadal leasa ainmhithe trí bliana “MEDICow” sa chaibidil talmhaíochta sa dara leagan den Chomhphlean. Chomh-mhaoinigh Teagasc agus an Aireacht Chónaidhme um Bia agus Talmhaíochta (BMEL)/Oifig Chónaidhme Talmhaíochta agus Bia (BLE) sa Ghearmáin é go cothrom, agus bhí maoiniú iomlán de €1 mhilliún ann. Is tionscadal taighde décholúnach é “MEDICow” a bhfuil sé d’aidhm aige samhail mheasúnaithe riosca maistítis fheabhsaithe a fhorbairt do bha déiríochta trí úsáid a bhaint as cur chuige nuálach ilchéadfach, digitiú agus intleacht shaorga. Leanfar ar aghaidh leis an tionscadal in 2024 faoin tríú leagan den Phlean.