Fógraíonn an tAire Humphreys athbhreithniú cuimsitheach ar Chlár na mBéilí Scoile
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, T.D., inniu go dtabharfar faoi mheasúnú cuimsitheach ar Chlár na mBéilí Scoile.
Rinne an tAire fógairt inniu ar cuairt di ar Bhunscoil Treasa Naofa, Ascaill Dhún Uabhair, Baile Átha Cliath 8.
Tá buiséad bliantúil breis agus €65 milliún ag Clár na mBéilí Scoile. Tacaíonn seo le breis agus 1,500 scoil agus eagraíocht ar fud na tíre agus cruthaíonn sé sochair do bhreis agus 230,000 leanbh.
Cheap an Roinn Coimirce Sóisialaí RSM Ireland chun tabhairt faoin measúnú ar Chlár na mBéilí Scoile agus tá moltaí le cur ar fáil don Aire agus dá Roinn go ndéanfar breithniú le déanamh orthu ar mar chuid de Bhuiséad 2023.
Agus sonraí an mheasúnaithe á bhfógairt inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá gliondar croí orm sin gur féidir le mo Roinn tacú le breis agus 230,000 leanbh ar fud na tíre tríd Chlár na mBéilí Scoile.
“Cuirtear Clár na mBéilí Scoile ar fáil i roinnt foirmeacha agus leaganacha éagsúla, Bricfeastaí, Lónta, Dinnéir, Béilí Fuara agus Béilí Teo.
“Is léir go bhfuil an-tóir ar na Béilí Scoile Teo agus is deas liom an méid scoileanna a mhéadú a bhfuil Béilí Scoile Teo á gcur ar fáil dóibh faoi dheich ó rinneadh Aire díom, aníos ó chlár beag píolótach ina raibh ach 30 scoil páirteach go dtí beagnach 300 scoil.
“Dar leis an aiseolas atá á fháil ó bhéal agam ó mhúinteoirí agus tuismitheoirí, is fearr leanaí na Béilí Scoile Teo i gcomparáid leis an rogha béilí fuara.
“Is eol dom bunaithe ar mo thaithí féin gur dóchúla go suífidh leanbh síos agus béile maith te a ithe, ach is féidir ceapaire fuar a chaitheamh isteach i mbun an mhála i gcónaí.
“Nuair a chuirtear an meon dearfa as cuimse san áireamh i dtreo Chlár na mBéilí Scoile Teo, is mian liom anois scrúdú a dhéanamh ar an rogha chun é a fhairsingiú chun gur féidir le níos mó mac léinn tairbhe a bhaint as.
Dúirt an tAire freisin:
“Tá gliondar croí orm a bheith anseo inniu ag Bunscoil Treasa Naofa leis na scoláirí a fheiceáil agus a mbéilí scoile teo á bhfáil acu.
“B’iontach caint leis an bPríomhoide, an tUasal Spillane, faoi conas a mheallann na béilí teo na scoláirí agus a chinntíonn sé go mbaineann siad sochar as bia te agus cothaitheach, a chabhraíonn leo a n-aird a dhíriú níos fearr ar scoil agus taitneamh a bhaint i gcomhthráth as an idirghníomhú sóisialta lena gcomhscoláirí. Tá 181 scoláire i Scoil Treasa Naofa a bhaineann taitneamh agus sochar as na béilí teo seo gach lá scoile.”
“Sula ndéanfaidh mé aon athruithe suntasacha ar Chlár na mBéilí Scoile, ba mhaith liom éisteacht go díreach le Scoileanna, cosúil leis an scoil seo, Scoil Treasa, agus leis na Grúpaí Ionadaíocha Leanaí éagsúla maidir lena gcuid dearcthaí faoi conas is féidir linn an clár a fheabhsú agus a chinntiú go bhfuil an tairbhe uasta á soláthar aige do leanaí.
“Tá mé go hiomlán tiomanta, mar Aire, leanúint le Clár na mBéilí Scoile a fhairsingiú. Cuirfidh an measúnú cuimsitheach seo an t-eolas agus na sonraí ar fáil do mo Roinn a theastaíonn uainn chun gur féidir linn leanúint ag dul i mbun fáis agus tacú le níos mó leanaí faoin gclár tábhachtach seo.”
CRÍOCH
Cuireann Clár na mBéilí Scoile cistiú ar fáil i dtreo bia a sholáthar do 1,506 scoil agus eagraíocht a théann chun sochair 230,000 leanbh faoi láthair. Díríonn an Clár seo ar bhia rialta cothaitheach a sholáthar do leanaí a mb’fhéidir nach féidir leo, mar gheall ar easpa bia ar chaighdeán maith, teacht i dtír go hiomlán ar an oideachas a chuirtear ar fáil dóibh. Gné thábhachtach é an Clár de bheartais le freastal ar an scoil agus gnóthachtáil bhreise oideachais a spreagadh.
Tugadh gné na mbéilí scoile teo isteach in 2019 agus tá fás suntasach tagtha air aníos ó chlár beag píolótach 30 scoil go clár a sholáthraíonn béilí cothaitheacha teo do 280 bunscoil agus a théann chun sochair 54,000 leanbh.